Press "Enter" to skip to content

Fáilte ón bPríomhoifigeach Feidhmiúcháin

Tá ríméad orm fáilte a chur romhat chuig láithreán gréasáin Bhord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí (BOO Chiarraí). An 1 Iúil 2013 a bunaíodh Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí (BOO Chiarraí) agus is é an ghníomhaireacht reachtúil é atá lonnaithe i gCiarraí chun deiseanna Bunoideachais, Iarbhunoideachais agus Breisoideachais agus Oiliúna a chur ar fáil i gContae Chiarraí.

Cuireann Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí a chuid clár ar fáil ó 37 Scoil/Ionad agus 100 ionad for-rochtana ar fud an chontae. Tá buiséad bliantúil de suas le €52 mhilliún ag an mBord Oideachais agus Oiliúna. Fostaíonn sé breis is 1,000 ball foirne agus déanann freastal ar 15,000 dalta/mac léinn/foghlaimeoir gach bliain.  An aidhm atá leis an láithreán gréasáin go mbeadh teacht agatsa agus ag an bpobal ar fad – an fhoireann, tuismitheoirí agus foghlaimeoirí/daltaí/mic léinn – ar eolas faoinár gcuid seirbhísí oiliúna agus oideachais.

Is cúis bróid dúinn é go bhfuil dhá cheantar Gaeltachta againn anseo i gCiarraí – Uíbh Ráthach agus Corca Dhuibhne – agus go deimhin, lucht labhartha na Gaeilge ar fud an chontae ar fad. Táimid tiomanta do na gealltanais inár Scéim Teanga a chur i gcrích agus táimid ag déanamh gach iarracht tacú le buanú na teanga sna ceantair Ghaeltachta trí sheirbhísí sainiúla a chur ar fáil iontu trí mheán na Gaeilge. Tá cóip dár Scéim Teanga ar fáil faoi Foilseacháin ar an suíomh idirlín; fís BOO Chiarraí don Ghaeilge le fáil anseo agus polasaí BOO Chiarraí i leith na Gaeilge anseo.

Bhíomar coinsiasach nuair a bhíomar ag leagan amach ár láithreán gréasáin go mbeadh teacht go réidh agat ar an eolas a bheadh uait.

Tá súil agam go raibh an láithreán gréasáin éasca le leanúint agus eolasach. Má theastaíonn aon eolas breise uait, déan cinnte go ndéanfaidh tú teagmháil linn trí ghlaoch ar na huimhreacha teagmhála a thugtar thíos.

Go raibh maith agat faoi chuairt a thabhairt ar ár láithreán gréasáin.

Slán tamall.

Colm Mac Giolla Bhuí
Príomhoifigeach Feidhmiúcháin

 

© 2024 Kerry Education and Training Board./Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí. Registered Charity Number (RCN): 20083243. Web Design Kerry by Egg.
Becoming a Community National School Information Webinar Watch Here Seimineár Gréasáin faoin turas i dtreo Scoil Náisiúnta Phobal Féach anseo
This is default text for notification bar