Press "Enter" to skip to content

An Coróinvíreas (COVID – 19)

Corona virus Tinneas nua is ea COVID – 19 atá ábalta cur isteach ar do chuid scamhóg agus aerchonairí.   Víreas ar a dtugtar coróinvíreas is cúis leis.

Siomptóim an Choróinvíris

D’fhéadfadh sé a bheith 14 lá sula dtiocfadh siomptóim an choróinvíris chun cinn.

Is iad seo a leanas siomptóim an choróinvíris:

  • casacht
  • gearranáil
  • deacrachtaí anáil a tharraingt
  • fiabhras (teocht ard)

Mar is féidir ionfhabhtú a chosc

  • Nigh do lámha i gceart agus go minic.
  • Clúdaigh do bhéal agus srón nuair atá tú ag casacht agus ag sraothartach.
  • Cuir ciarsúir pháipéir sa bhosca bruscair agus nigh do lámha
  • Glan agus díghalraigh rudaí agus dromchlaí a dteagmhaítear go minic leo.
  • Déan iarracht gan dul ró-ghar do dhaoine atá tinn.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar an gCoróinvíreas ar www.hpsc.ie

Chun tuilleadh eolais a fháil ón Roinn Oideachais, féach thíos:

https://www.education.ie/en/The-Department/Announcements/information-for-schools-preschools-and-third-level-institutions-on-the-coronavirus.html

Lean comhairle na Roinne Gnóthaí Eachtracha maidir le taisteal ar https://www.dfa.ie/

Glaoigh ar HSELive ar an uimhir 1850 24 1850 má tá aon imní ort.

© 2024 Kerry Education and Training Board./Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí. Registered Charity Number (RCN): 20083243. Web Design Kerry by Egg.
Becoming a Community National School Information Webinar Watch Here Seimineár Gréasáin faoin turas i dtreo Scoil Náisiúnta Phobal Féach anseo
This is default text for notification bar