Press "Enter" to skip to content

Sáraíonn foghlaimeoirí Coláiste Chiarraí ag Worldskills Ireland 2023.

D’éirigh thar cionn le foghlaimeoirí Coláiste Chiarraí ag comórtas Worldskills Ireland 2023, áit a thaispéan siad barr a gcumas thar réimse leathan comórtais scileanna agus tionscnaimh gairm-dírithe. Bhí an ócaid, ar a dtugtar “na Cluichí Oilimpeacha do Scileanna”, ar súil in san RDS Cúirt Shíomoin, Baile Átha Cliath, ón 20ú go 22ú Meán Fómhair. D’fhreastal breis is 30,000 duine ar an ócáid thar an trí lá, an líon is airde riamh.

 

Bhí láithreacht súntasach ag Bord Oideachas agus Oiliúna Chiarraí ag WorldSkills – le foghlaimeoirí Coláiste Chiarraí ag sárú i 3 comórtais scileanna – Teiripe Scéimhe, Ailtireacht Saoirseacht Chloice agus Meicnic Tionscalaíochta; post scrúdaitheoir sa comórtas Commis Chef agus taispeántas acu ag an mbaile gairme THIS IS FET chomh maith le seastán Scileanna Glasa lena bPrintíseacht Teicneora Cothabhála Tuirbíní Gaoithe.

 

Bhí deis ag cuairteoirí féachaint thart ar an zón gairme, páirt a glacadh i gcomórtais, tabhairt faoi scileanna nua sna láthair idirgníomhacha agus réimse leathan taispeántais a fheiscint. Bhí an t-adh leo freastal ar comhráite ar an ‘Hero Stage’, áit a raibh printíseach BOO Chiarraí Mairéad Faherty, atá ag obair mar Teicneoir Cothabála Tuirbíní Gaoithe leis an eagraíocht domhna Siemens Gamesa, ag labhairt.

 

Rith daltaí ón gcúrsa Scileanna Léirithe Craolacháin, faoi cheannaireacht Brian Nolan, Stiúdieo Teilefíse beo le linn na hocáide, stiúirithe ag Stiúirtheoir RTÉ Theo O’Grady, le iar-scoláire Coláiste Chiarraí agus láithreoir Raidió Chiarraí, Brendan Fuller, ag craoladh beo gach aon lá.

 

Is comhpháirtíocht do chuid fiontraíochta, tionscail, oideachais, oiliúna agus rialtais é Wold Skills Ireland, a oibríonn chun próifíl a ardú agus aitheantais a tabhairt do scileanna agus na printíseachtaí, agus chun tallainne an lae inniu a ullmhú do ghairmeacha na todhchaí. Is deis uathúil é na hócaide seo do mhuinteoiri, treoirchomhairleoirí, tuismitheoirí agus mic léinn chun an réimse leathan roghanna gairmeacha oilte atá ar fáil in Éirinn a fheiscint.

 

Buaiteóirí Bonn Airgid

Bhuaigh BOO Chiarraí/Coláiste Chiarraí dhá Bhonn Airgid measúla:

Kieran Finnerty – Oifig na nOiberacha Poiblí, Printíseach, Printiseacht Ghearradh Cloch & Saoirseacht Chloiche

Bonn Airgid i Saoirseacht Chloiche Ailtearachta

 

Ciara O’Sullivan – Foghlaimeoir, Teirpe Scéimhe

Bonn Airgid i Teirpe Scéimhe

 

Éachtanna Eile

Chomh maith leis na buaiteoirí bonn airgid, bain mic léinn cumasacha BOO Chiarraí/Coláiste Chiarraí amach roinnt éachtanna móra eile:

 

Padraig O’Dohery – Prinitíseach MAMF ag Torc Precision Engineering Limited, Cill Áirne

Éacht bainte amach i Meicnic Tionscalaíochta

 

Alison O’Sullivan – Printíseach Commis Chef ag The Killarney Park Hotel

Éacht bainte amach sa Cócaireacht

 

Tagairt Speisialta

Ba mhian linn tagairt speisialta a dhéanamh do bhuaiteoir Comórtas Pluiméireachta, Frank Moffit, a chríochnaigh a Thraenáil Céim a Dó Pluiméireachta i Móin an Bhaile, faoi stiúir ag John O’Connor. Bhí treoir agus saineolas John lárnach i rath Frank, rud a leiríonn tiomántas múinteoirí BOO Chiarraí agus Coláiste Chiarraí.

 

 

© 2024 Kerry Education and Training Board./Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí. Registered Charity Number (RCN): 20083243. Web Design Kerry by Egg.
Becoming a Community National School Information Webinar Watch Here Seimineár Gréasáin faoin turas i dtreo Scoil Náisiúnta Phobal Féach anseo
This is default text for notification bar