Press "Enter" to skip to content

Ócáid Scoir 2022

D’óstáil Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí a Ócáid Scoir bhliantúil le déanaí, Déardaoin, an 15 Meitheamh 2022, chun fáilte ar ais a chur roimh na daoine a chuaigh ar scor in 2022 agus chun ómós a thabhairt don tiomantas a léirigh siad uile dár n-eagraíocht chomhroinnte.

Buaicphointe bliantúil do Bhord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí is ea an ócáid scoir, rud a thugann deis dúinn aitheantas a thabhairt don obair iontach agus do rannchuidiú na mball foirne atá ag dul ar scor. D’fhreastail 16 dhuine atá imithe ar scor ar an ócáid, daoine a bhíodh ag obair sna trí cholún den eagraíocht; Scoileanna, Óige agus Ceoil, BOaO (Breisoideachas agus Oiliúint), agus Tacaíocht agus Forbairt Eagraíochta.

Le linn na hócáide, ghabh Cathaoirleach BOO Chiarraí, an Comhairleoir Jim Finucane, buíochas as dúthracht, cruthaitheacht agus tiomantas seasmhach na ndaoine sin i rith a dtréimhse leis an eagraíocht. Tugadh aitheantas dá gcuid oibre crua agus dá spiorad foirne, agus ba mhór an onóir dúinn bualadh leo, in éineacht lena dteaghlaigh, lena gcairde agus lena n-iar-chomhghleacaithe.

D’fhreastail na daoine atá imithe ar scor, a dteaghlaigh agus a gcairde ar an ócáid. Bhí comhaltaí Bhord BOO Chiarraí, an fhoireann ardbhainistíochta (an fhoireann reatha agus an fhoireann roimhe seo) agus baill foirne ó Aonad Tacaíochta Feidhmiúcháin na ceannoifige ina dteannta.

Gabhtar buíochas le gach duine a bhí rannpháirteach sna socruithe don tráthnóna.

Go n-éirí go geal le gach duine de na 16 atá imithe ar scor:

  • Aileen Quigley
  • Catherine O’Neill
  • Catherine O’Sullivan
  • Jim Crowley
  • John Doherty
  • Kathleen Fitzgerald
  • Marcia Kissane
  • Marian O’Connor
  • Marian Sugrue
  • Marion Mulvihill
  • Mary Concannon
  • Mary Soundy
  • Michael Keating
  • Paul O’Regan
  • Séan O’Treasaigh
  • Siobhán O’Brien
© 2024 Kerry Education and Training Board./Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí. Registered Charity Number (RCN): 20083243. Web Design Kerry by Egg.
Becoming a Community National School Information Webinar Watch Here Seimineár Gréasáin faoin turas i dtreo Scoil Náisiúnta Phobal Féach anseo
This is default text for notification bar