Press "Enter" to skip to content

Lá stairiúil do Gaelcholáiste Chiarraí

Ar an Luan, 24ú Aibreán 2023, bhailigh daltaí agus foireann Gaelcholáiste Chiarraí ag a scoil i dTobar Mhaigh Dor don uair dheireanach. D’fháigh siad slan leis an bhfoirgneamh a bhímar bhaile acu le 34 bliain anuas. Shiúil siad ansin ó Thobar Mhaigh Dor go dtí campas nua Gaelcholáiste Chiarraí i gCluain Beag, leis an t-aistriú go dtí a bhfoirgneamh nua a ceiliúradh. Bhí Ardbhainistíocht Bhord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí agus Bhaill an Bhoird ina dteannta.

 

Cuireann an campas nua tús le caibidil spreagúil i stair Gaelcholáiste Chiarraí. Thug seisear daltaí ó Gaelcholáiste Chiarraí faoi scrudaithe Ardteiste i 1989 agus b’iad ar an gcéad ghrúpa daltaí a rinne na scrudaithe trí Ghaeilge i dTrá Lí le fada an lá.

 

Ag an grúpa bailithe le chéile ag an scoil nua, léirigh Príomhoide Gaelcholáiste Chiarraí, Ruairí Ó Cinnéide, a áthas faoin gcampas nua, ag rá, “Bhí pobal na scoile agus Pobal Gaeilge Thrá Lí ag súil go mór leis an sárobair seo a fheiscint. Tá an-áthas orainn a bhheith ag bogadh isteach inniu. Táimid cinnte go gcruthóidh an ionad seo go leor deiseanna breise dár ndaltaí a gcumas a bhaint amach sna seomraí ranga, sna láthair cultúrtha, agus sna háiseanna iontacha spóirt.

 

“Táimid ag súil lenár dteach nua a thaispeáint do dhaltaí ó na bhunscoileanna go leir sa cheantar agus go bhfeicfidís gur féidir linn deiseanna iontacha a chur ar fáil dóibh dá gcuid oideachais dara leibheal.”

 

Tugann an campas nua an ábaltacht dúinn freastal ar an éileamh méadaithe do Gaeloideachas i mbaile Thra Lí agus sa cheantar mórthimpeall. Is foras ríthábhachtac é Gaelcholáiste Chiarraí chun an Gaeilge a fhorbairt i gCiarraí. Dúirt Ruairí Ó Cinnéide go raibh súil aige go mbeadh an campas nua mar croílár don Ghaeilge i dTrá Lí agus go mbeadh ról ríthábhachtach acu i gcothú agus i bhfeabhsú na traidisiúin láidre agus an chultúr Gaelach ata i mbaile Thrá Lí agus mórthimpeall cheana féin.

 

Tá 320 dalta i nGaelcholáiste Chiarraí faoi láthair. Tá siad ag súil leis an líon sin a méadú toisc na hachmainní agus spás atá acu sa foirgneamh nua. Tá an scoil aitheanta dá gcuid cumas acadúla agus as an timpeallacht thacúil agus chuimsitheach a chothaíonn siad. Agus na mic léinn agus an fhoireann ag tosú ar a gcéad lá san ionad nua, bhí sceitimini agus bís san aer.

 

Dúirt Ann O’Dwyet, Stiúirtóir Scoileanna, Óige agus Ceoil BOO Chiarraí, “Is é an sprioc atá againn ná oideachas d’ardchaighdeán a chur ar fáil dár mic léinn go léir i gCiarraí, agus tacaíonn oscailt an champais nua le seo. Cuirimid fáilte roimh mic léinn ó réimse leathan scoileanna ar fud an chontae, le 35% do dhaltaí ag teacht isteach ó mbunscoileanna Béarla. Táim ag tnúth leis an scoil a fheiscint agus le fás soláthairtí oideachasúil trí mheán na Gaeilge sna blianta amach romhainn. Guíom gach rath ar an bhfoireann agus na daltaí san ionad álainn nua seo.”

 

Tá áiseanna úrscothach san fhoirgneamh nua, seomraí ranga nua-aimseartha; saotharlanna eolaíochta, innealtíoreachta, agus ríomhaireachta; halla spóirt agus giomnáisiam lánfheistithe; leabharlann; agus caifitéire. Tá láthair mhóra lasmuigh freisin inar féidir le mic léinn a scíth a ligean ag am sosa. Bhí an-áthas ar dhaltaí agus foireann Gaelcholáiste Chiarraí bogadh isteach ina bhfoirneamh nua. Tá siad ag súil le lántairbhe a bhaint as a n-áiseanna agus acmhainní nua-aimseartha.

 

Agus í ag labhairt faoi chríoch an tionscadail, dúirt Stiúrthóir Tacaíochta agus Forbartha Eagraíochta. Maria Brennan,”Ó cuireadh tús leis na hoibreacha tógala i mí an Mhárta 2021, in ainneoin de na dúshláin a tháinig leis an phaindéim agus imeachtaí domhanda eile, tá obair chomhchoiteann den chéad scoth déanta ag foireann an fhoirgnimh, an foireann deartha, agus Vision Contracting.

 

“Léiríonn an foirgneamh scoile nua seo an tionscadal aonair caipiteal ba mhó a chríochnaigh an BOO go dtí seo. Tá áthas an domhain orainn na daltaí a fheiscint ag teacht isteach sa scoil inniu agus guímid gach rath orthu as seo amach.”

 

Tá an campas nua mar chuid d’infheistíocht in oideachas agus oiliúint ar fud an chontae, agus tá thart ar €80 millium curtha isteach i bhfoirgnimh nua agus in athchóirite ag an mBOO Chiarrai. Labhairt an Cathaoirleach, an Comhlairleoir Jim Finucane, faoi tábhacht na hinfheistochta seo, ag rá, “Is infheistíocht i dtochaí ár bpobail é infheistíocht in oideachas agus oiliíúnt. Is ócáid tábhactach é oscailt an champas nua seo do Gaelcholáiste Chiarraí, an mBOO Chiarraí agus don phobal i gcoitinne. Léiríonn sé infheistíocht shuntasach in oideachas agus i dtodhchaí ár ndaoine óga, agus tá an-áthas orainn a bheith in ann timpeallacht foghlama den scoth a chur ar fail dóibh.”

 

D’aithin Príomhfheidhmeannach Bhord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí Colm Mac Giolla Bhui an obair agus an tiomantas a bhain leis an togra seo a chríochnú, “Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Roinn Oideachais as a dtacaíocht iontach leis an togra seo. Tá dul chun cinn réidh déanta ar soláthair na scoile nua le deich mbliana anuas, le cúnamh mór ó obair chomhoibritheach an BOO Chiarraí, Comhairle Contae Chiarraí agus an Roinn Oideachais. Bhí an Chomairle Chontae Chiarraí lárnach i dtaobh teacht ar suíomh don fhoirgneamh scoile nua agus i dul chun cinn an tionscadail. Tá lúcháir an domhain orainn ár gcuid daltaí agus foireann a fheiceail inniu ag cur tús le caibidil nua i saol Gaelcholáiste Chiarraí.

© 2024 Kerry Education and Training Board./Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí. Registered Charity Number (RCN): 20083243. Web Design Kerry by Egg.
Becoming a Community National School Information Webinar Watch Here Seimineár Gréasáin faoin turas i dtreo Scoil Náisiúnta Phobal Féach anseo
This is default text for notification bar