Press "Enter" to skip to content

Imeachtaí Cruthaitheachta Beoshrutha saor in aisce do gach duine óg i gCiarraí.

Kerry Local Creative Youth Partnership live stream workshops a good choice in July for young people to enjoy


Tá sraith samhraidh in ocht bpáirt de cheardlanna á sruthú beo ag Comhpháirtíocht Áitiúil Óige Chruthaitheach Chiarraí saor in aisce do dhaoine óga de gach aois. Tosóidh na ceardlanna beoshrutha ag 12pm gach lá i rith na seachtaine agus beidh siad ar siúl ar feadh coicíse ó Dé Luain an 6 go dtí Dé Céadaoin an 15 Iúil. Beidh siad á sruthú beo ar an láithreán gréasáin www.kerryetb.ie/wpstream/live-stream. Ní gá clárú roimh ré. Beidh ceachtanna i ngníomhaíochtaí éagsúla de stíl taispeána sna ceardlanna agus is cinnte go mbainfidh cách sult astu, cibé stíl chruthaitheach agus ealaíonta a thaitníonn leo. Is féidir an liosta iomlán d’imeachtaí a fháil ar láithreán gréasáin BOO Chiarraí agus ag @KerryLCYP ar Facebook, Twitter agus Instagram.

Is saibhir é an liosta de cheachtanna is féidir a roghnú, ceachtanna beochana, filíochta, ceachtanna chun teachín éan agus beathadán éan a dhéanamh, chun callaire a dhéanamh d’fhón póca, ceachtanna i scríbhneoireacht chruthaitheach, i scríobh don scáileán agus don stáitse agus ceardlanna Gaeilge dar teideal Filíocht Mar Leigheas. Tá an Chomhpháirtíocht Áitiúil Óige Chruthaitheach go mór ag iarraidh freastal ar an méid is mó daoine óga agus is féidir trí theacht saor in aisce a chur ar fáil dóibh ar ár dteagascóirí cruthaitheacha, murach iad agus a gcuid tallann ar leith ní bheadh sraith ar bith ann. Gníomhaíocht dhearfach don samhradh atá anseo a fheileann do gach aoisghrúpa”, a dúirt Ann O’Dwyer, Stiúrthóir na Scoileanna, na hÓige agus an Cheoil i BOO Chiarraí.

Bíonn Comhpháirtíocht Áitiúil Óige Chruthaitheach Chiarraí ag obair chun bua na cruthaitheachta i ndaoine óga i gCiarraí a fhorbairt, ag teacht ar bhealaí chun a chinntiú go mbeidh guth ag daoine óga agus go mbeidh cruthaitheacht na n-óg lárnach ina cuid oibre ar fad. “Táimid ag moladh do thuismitheoirí agus do chaomhnóirí an scéal a scaipeadh i measc na ndaoine óga, go bhfuil ár gceardlanna beosrutha á dtreorú ag ealaíontóirí agus lucht cruthaitheach a bhfuil gairm bheatha bainte amach acu sna tionscail chruthaitheachta i gCiarraí”. Chomh maith le dea-theagasc bainfear píosa spraoi as na ceardlanna”, a dúirt Deirdre Enright, Comhordaitheoir Óige Chruthaitheach le BOO Chiarraí. Is iad an déantóir scannán agus an scríbhneoir Rory Fellowes, an dearthóir Donnchadha O’Connor, aisteoir Siobhán De Paor chomh maith le scríbhneoir agus file Faye Boland a bheidh ag treorú na sraithe ceardlainne samhraidh beosrutha.

Download here

Chun tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le:

Deirdre Enright, Comhordaitheoir Óige Chruthaitheach, BOO Chiarraí

Ríomhphost denright@kerryetb.ie             https://kerryetb.ie/wpstream/live-stream/

Fón Póca: 085 8734946

@kerrylcyp ar Instagram, Facebook agus Twitter                        You Tube: Comhpháirtíocht Chruthaitheacht Óige Áitiúil Chiarraí

© 2024 Kerry Education and Training Board./Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí. Registered Charity Number (RCN): 20083243. Web Design Kerry by Egg.
Becoming a Community National School Information Webinar Watch Here Seimineár Gréasáin faoin turas i dtreo Scoil Náisiúnta Phobal Féach anseo
This is default text for notification bar