Press "Enter" to skip to content

EmPowerMe Event

“EmPowerMe” imeacht de chuid Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí le ceiliúradh a dhéanamh ar mhná óga in Éirinn nua-aimseartha agus ceiliúradh a dhéanamh ar cheart vótála na mban 100 bliain ó shin a tionóladh in Óstán Rose, Trá Lí an 13 Nollaig ón 10.00 a.m. go dtí 1.00 p.m.

Rinneadh ceiliúradh i mí Feabhra na bliana 2018 ar chomóradh 100 bliain ó fuair mná na hÉireann ceart vótála.

Thug BOO Chiarraí aitheantas dó seo mar chloch mhíle ollmhór i Stair na hÉireann agus thapaigh siad an deis a cuireadh ar fáil dóibh mar chomhlacht oideachais neamhspleách lena gcuid daltaí/mic léinn a éascú le comóradh a dhéanamh ar Vótáil 100.  Bhí imeacht do dhaltaí/mic léinn ban ar a dtugtar EmPowerMe ar siúl in Óstán Rose an Déardaoin 13 Nollaig 2018.

Dúirt an Ceannaire Tionscadal, Anne Marie Hassett, “Tuigimid go rí-mhaith in BOO Chiarraí, trí Fhóram Phríomhoide na Scoile agus trínár líonraí Treorach, RE agus SPHE do Mhúinteoirí, an dúshlán atá i ndán do mhná óga i sochaí na hÉireann sa lá atá inniu ann. Agus é sin á thabhairt ar aird againn, rinneamar taighde agus forbairt ar chlár rannpháirtíochta folláine don tsraith shinsearach, a chuir ar chumas dhaltaí/mic léinn saincheisteanna ar nós; Tionchar na Meáin Shóisialta, Íomhá Choirp, Neamh-Chomhionannais Inscne, Steiréitíopáil, Caidreamh agus Toiliú, a scrúdú.”

Cuireadh oiliúint ar mhúinteoirí le linn trí cheardlann i mí Meán Fómhair agus tá an cúrsa á theagasc anois in ocht scoil de chuid an BOO i gCiarraí. Bhí an t-aiseolas thar a bheith dearfach agus tá na daltaí/mic léinn ag fáil eolais, scileanna agus muinín le díospóireacht a dhéanamh maidir le saincheisteanna a bhaineann lena saol, saincheisteanna atá thar a bheith dúshlánach uaireanta. Dúirt na múinteoirí go bhfuil an tionchar atá aige seo ar na daltaí/mic léinn thar a bheith feiceálach.”

Thuairiscigh Sheila Scanlon, múinteoir ó Scoil Chuimsitheach an Tóchair, “Ba thaithí tarraingteach a bhí fhíor-dhearfach do dhaltaí/mic léinn agus do mhúinteoirí araon a bhí sna ceardlanna. Chuir sé ábhar machnaimh agus díospóireachta ar fáil lasmuigh agus laistigh den seomra ranga.”

 Dúirt Maeve O’Sullivan dalta/mac léinn ó Choláiste Gleann Lí, “Bhí sé thar barr rud éigin a dhéanamh a bhí chomh hábhartha dúinn.  Is minic go léimtear thar na saincheisteanna tábhachtacha nó go gclúdaítear iad faoi dheifir. Thug sé an oiread sin do dheis dúinn le saincheisteanna a phlé go mion agus ár dtuairimí a thabhairt. Táim ag baint an-sásamh as a bheith rannpháirteach sa chlár.”

“Cuidíonn an tionscadal seo le haghaidh a thabhairt ar an riachtanas le spás sábháilte a chur ar fáil dár ndaltaí/mic léinn le fíor-saincheisteanna a phlé a ndéileálann siad leo ar bhonn laethúil agus é sin a dhéanamh gan bhreithiúnas.” Ann O’Dwyer, Stiúrthóir Scoileanna BOO Chiarraí.

Mar cheiliúradh ar chomh maith is a d’éirigh leis an gclár agus le deis a thabhairt do na mná óga i scoileanna BOO Chiarraí le ham saor a thógáil agus tuiscint a fháil ar a bhfuil bainte amach againn, agus cad is féidir linn a bhaint amach agus na dúshláin atá ann i láthair na huaire nach mór aghaidh a thabhairt orthu, rinne BOO Chiarraí óstáil ar imeacht do Mhná Óga, “EmPowerMe” in Óstán Rose, Trá Lí an 13 Nollaig ón 10.00 go dtí 1.00.

Is í Sofie Ní Bhriain, dalta/mac léinn ó Ghaelcholáiste Chiarraí a d’oscail an t-imeacht agus a chuir fáilte roimh an bpainéal, roimh dhaltaí/mic léinn agus aíonna.  Cuireadh tús leis an lá nuair a rinne Norma Moriarty, Cathaoirleach Cheantar Bardasach Chiarraí Thiar agus Theas cur i láthair ar stair Mhná na hÉireann a bhain vóta amach 100 bliain ó shin. Leanadh leis na himeachtaí nuair a rinne an painéal plé ar na saincheisteanna reatha atá i ndán do mhná óga sa lá atá inniu ann. Áiríodh ar na hábhair, Caidreamh, Toiliú, na Meáin Shóisialta, Íomhá Choirp, Tionchair agus Steiréitíopáil agus ar ndóigh stair rannpháirtíochta na mban sa pholaitíocht in Éirinn.  Áiríodh ar an bpainéal, bean-ionadaí tofa Chiarraí…….Aoife Thornton, Méara Lios Tuathail,  Norma Moriarty, Cathaoirleach Cheantar Bardasach Chiarraí Thiar agus Theas, Norma Foley Méara Chiarraí, Toireasa Ferris, iarMhéara Chiarraí agus Kirsty McFettridge, Rape and Sexual Violence Centre Chiarraí i gcomhair le daltaí/mic léinn na cúigiú bliana ó ocht scoil de chuid an BOO i gCiarraí.   

Tar éis den phainéal tamall a chaitheamh i mbun díospóireachta, chuir an dalta/mac léinn ó Choláiste Gleann Lí, Snjzana Herbsts agallamh ar údar Asking for It, Louise O Neill, a bhfuil gradam bainte amach aici, agus rinne sí dúshláin agus deiseanna reatha a phlé lenár ndaltaí/mic léinn.  Tá Snjzana mar chomhalta d’Fhóram Daltaí/Mic Léinn BOO Chiarraí agus mar chomhalta de Chomhairle na nÓg agus de Dháil na nÓg. Bhí an-tóir ar Louise mar aoi oinigh, agus roinn sí a streachailt pearsanta féin le hÍomhá Choirp go gnaíúil agus chuir sí teachtaireacht láidir ar na súile do na daltaí/mic léinn óga, sé sin misneach a bheith acu le dúshlán daoine eile a thabhairt nuair is gá dóibh, agus an cineáltas a bheith acu le haire a thabhairt dá chéile.

Ag moladh an imeachta, dúirt Louise, “Tá go leor brú ar mhná óga in Éirinn sa lá atá inniu ann ó thaobh féachaint go hálainn agus iad féin a iompar ar bhealaí áirithe, agus d’fhéadfadh tionchar diúltach a bheith ag an mbrú sin ar thuiscint ar ár nádúr féin agus ar fholláine mothúchánach. Feicim an t-imeacht seo mar dheis le haghaidh a thabhairt ar na dúshláin seo i gcomhar le chéile agus straitéisí éifeachtúla a oibriú amach chun cuidiú le mná óga a bheith níos muiníní, féin-tuisceanaí agus a bheith ar a suaimhneas leo féin.“

© 2024 Kerry Education and Training Board./Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí. Registered Charity Number (RCN): 20083243. Web Design Kerry by Egg.
Becoming a Community National School Information Webinar Watch Here Seimineár Gréasáin faoin turas i dtreo Scoil Náisiúnta Phobal Féach anseo
This is default text for notification bar