Press "Enter" to skip to content

D’oscail an tAire Oideachais agus Scileanna, An tUasal Joe McHugh TD, síneadh Choláiste Ghlean Lí

 

D’oscail an tAire Oideachais agus Scileanna, An tUasal Joe McHugh TD, síneadh Choláiste Ghlean Lí, a bhfuil luach €1.1m leis, go hoifigiúil Déardaoin an 2 Bealtaine ag searmanas ag a raibh páirtithe leasmhara agus ionadaithe pobail i láthair.

Chuir sin clabhsúr leis an obair thógála, a bhfuil luach €1.1m curtha léi, a raibh Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí ina bun, chun síneadh a chur le hIar-bhunscoil Choláiste Gleann Lí chomh maith le hathchóiriú agus uasghrádú a dhéanamh uirthi. Beidh Ionad do na hEalaíona Cruthaitheacha/ICT chomh maith le réimse ranganna speisialta ar siúl sa síneadh a cuireadh leis an bhfoirgneamh scoile lena chinntiú go mbeidh Coláiste Gleann Lí in ann freastal ar phobal na scoile, pobal atá ag méadú go tapa, i gcomhréir leis an méadú seasta agus leanúnach atá tagtha ar líon na ndaltaí atá ag clárú ó 2014 i leith. Tá seomraí feistis agus tuilsoilsiú don pháirc astroturf atá ar an láthair cheana mar chuid den síneadh freisin.

Chuir Colm McEvoy, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Bhord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí, fáilte roimh an Aire McHugh i láthair Ann O’Dwyer Uasal, Stiúrthóir na Scoileanna, An tUasal Jim Finucane, Cathaoirleach an BOO, Príomhoide Choláiste Gleann Lí, An tUasal Richard Lawlor, An tUasal Liam McGill, Leas-Phríomhoide Choláiste Gleann Lí agus An tUasal Terry O’Brien, Cathaoirleach Choláiste Gleann Lí, chomh maith le hionadaithe ó Chomhairle na dTuismitheoirí agus Chomhairle na nDaltaí agus ionadaithe agus grúpaí ón bpobal áitiúil.

 Dúirt Colm McEvoy, Príomhfheidhmeannach BOO Chiarraí, “Tá ríméad ar BOO Chiarraí fáilte a chur roimh an Aire Oideachais agus Scileanna chuig BOO Chiarraí tráth a bhfuil cloch mhíle shuntasach bainte amach i roinnt tionscadal – oscailt Campas Shráid Deiní Choláiste Breisoideachais Chiarraí, iompú an fhóid le gur féidir tús a chur leis an obair ar Champas nua Ghaelcholáiste Chiarraí agus síneadh Choláiste Ghlean Lí a bheith á oscailt. 

 Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Aire agus lena chuid oifigeach sa Roinn Oideachais agus Scileanna maidir leis an tacaíocht leanúnach a thugann siad do BOO Chiarraí.  Is léiriú iad na tionscadail seo ar thiomantas BOO Chiarraí cur leis an timpeallacht oibre agus foghlama dár bhfoireann, daltaí agus foghlaimeoirí. Cuireann BOO Chiarraí réimse leathan seirbhísí ar fáil ar fud an chontae sa réimse bunoideachais, iarbhunoideachais agus breis oideachais.  Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh freisin le SOLAS as a gcúnamh leanúnach do Chláir Bhreisoideachais agus Oiliúna BOO Chiarraí.

 Chuir Ann O’Dwyer, Stiúrthóir na Scoileanna, Gnóthaí Óige agus Ceoil, a lúcháir maidir leis an síneadh agus na saoráidí breise in iúl trí aitheantas a thabhairt don spiorad ar leith atá sa scoil. “Is scoil il-sainchreidmheach é Coláiste Gleann Lí agus tá  an meas céanna ag gach duine ar a chéile, beag beann ar a náisiúntacht, a gcreideamh, a n-inscne, nó a gcúlra.  Cuireadh go leor oibre agus pleanála isteach i ndearadh an tsínidh lena n-áirítear 2 rang speisialta, Ionad Ilmheán agus seomraí feistis do pháirc astroturf nua Choláiste Gleann Lí. Baineadh go leor amach faoi cheannaireacht an Phríomhoide, Richard Lawlor, agus an Leas-Phríomhoide, Liam McGill maidir leis an tionscadal seo, agus chinntigh siad go mbeadh sé nasctha go hiomlán le saol na scoile.”

Chuir an tUasal Richard Lawlor, Príomhoide Choláiste Gleann Lí, fáilte roimh an Aire chuig Coláiste Gleann Lí thar ceann phobal na scoile. Mhínigh sé gur dearbhú ar spiorad ionchuimsitheach faoi leith na scoile é an síneadh. Dúirt sé: “Infheistíocht mhór inár n-infreastruchtúr atá sa síneadh seo agus léiríonn sé tiomantas na foirne go mbeidh gach dalta cuimsithe, rud a chuireann go mór leis an méadú mór atá tagtha ar líon na ndaltaí atá ag clárú.  Déanann an spás ilmheán ceiliúradh ach go háirithe ar an mbéim a chuireann muid ar fhorbairt iomlánaíoch na ndaltaí, ina gcuireann muid cur chuige dírithe ar an dalta ar fáil, ina bhfuil ardmheas ar dhaltaí léinn i leith an  chumais uathúil agus éagsúil atá iontu”

Dúirt an Leas-Phríomhoide Liam McGill, , “Lá mór atá ann do Choláiste Gleann Lí agus léiriú ar obair chrua, ar dhúthracht agus ar fhís BOO Chiarraí agus ár gcuid páirtithe leasmhara uilig. Tugann an síneadh nua deis iontach dúinn cur leis an obair eisceachtúil a dhéanann Foireann na scoile chun Oideachas ar ardchaighdeán a chur ar fáil do na daltaí go léir le go mbeidh siad ábalta barr a gcumas a bhaint amach. Tabharfaidh an tIonad do na hEalaíona Cruthaitheacha deis dúinn an obair a dhéanann muid chun na hEalaíona a chur chun cinn a fhorbairt, go háirithe i réimse an Cheoil, na Drámaíochta agus na Scannánaíochta; rud a chuirfidh le taithí Iar-Bhunscoile na ndaltaí. Comhartha iontach dearfach atá ann go bhfuil tuilleadh spáis ag teastáil ón scoil, scoil a bheidh ag teacht chun cinn a thuilleadh amach anseo. Táimid ag súil go mór le bheith ag obair lenár bPáirtithe Leasmhara uilig agus muid ag gluaiseacht ar aghaidh.”

Dúirt Cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta, An Comhairleoir Terry O’Brien, agus é ag cur fáilte roimh an Aire ag oscailt an tsínidh nua, “Tá obair mhór déanta ag an mBord agus ag an bhFoireann i gcomhar le BOO Chiarraí le blianta beaga anuas lena chinntiú go dtarlódh an tionscadal tógála seo agus tá ríméad orainn go bhfuil an foirgneamh breá seo tugtha chun críche.  Cuireann an síneadh seo na saoráidí is déanaí ar fáil do phobal na scoile chun leas a bhaint astu.   Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis an mBord Bainistíochta as a gcuid dúthrachta i leith na scoile agus geallaim go mbeimid tiomanta i gcónaí d’fhás agus d’fhorbairt leanúnach Choláiste Gleann Lí.”

 Críoch

Déan teagmháil le Maryanne ar  ríomhphost chuig  ma.lowney@gleannli.ie chun tuilleadh eolais a fháil

© 2024 Kerry Education and Training Board./Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí. Registered Charity Number (RCN): 20083243. Web Design Kerry by Egg.
Becoming a Community National School Information Webinar Watch Here Seimineár Gréasáin faoin turas i dtreo Scoil Náisiúnta Phobal Féach anseo
This is default text for notification bar