Press "Enter" to skip to content

Deich mBliana ag Fás – Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí

1. kerry etb day

Grianghraf: Don Macmonagle
Daltaí agus Foghlaimeoirí ó áiteanna ar fud Bhord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí
Teideal an ghrianghraif: C/D Dáithí Laing, dalta i bPobalscoil Náisiúnta an Dá Mhíle; Amy Healy, dalta i gColáiste Pobail Chill Airne; Lia Constable, foghlaimeoir Ógtheagmhála; Conor Agnew, foghlaimeoir i gColáiste Chiarraí; agus Judy Leen, foghlaimeoir breisoideachais agus oiliúna.

Tá Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí (BOO Chiarraí) ag glacadh páirt sa cheiliúradh chun bunú náisiúnta an Bhoird Oideachais agus Oiliúna in 2013 a chomóradh. Déanann an ócáid seachtaine seo ceiliúradh ar fhás agus ar fhorbairt na hearnála.

Cuireann BOO Chiarraí, a bhfuil breis agus 1,300 ball foirne fostaithe aige, oideachas agus deiseanna ar fáil do bhreis agus 15,000 foghlaimeoir gach aon bhliain i 37 ionad sa chontae, lena n‑áirítear bunscoileanna, iar‑bhunscoileanna agus ionaid bhreisoideachas agus oiliúna.

Cuirfear clabhsúr leis an gcéad Seachtain BOO (27 Feabhra go dtí an 3 Márta) le Lá BOO ar an Déardaoin, 2ú Márta, nuair a reáchtálfaidh BOO Chiarraí agus boird oideachais agus oiliúna eile ar fud na tíre imeachtaí éagsúla ina gcuid scoileanna, oifigí agus ionaid. Beidh na chéad Ghradaim Bhairr Feabhais BOO ar siúl i bPáirc an Chrócaigh ar an 2 Márta agus is é Ray Kennedy de chuid RTÉ fear an tí na hócáide sin.

Tá ríméad ar BOO Chiarraí a bheith ar an ngearrliosta le haghaidh 2 ghradam ar an lá. Tá an aip Bright Mind ar an ngearrliosta don Ghradam Comhionannais. Rinne beirt daltaí idirbhliana ó Choláiste Pobail Oileán Chiarraí an aip seo a fhorbairt. Tá an Tionscadal um Dhearadh Uilíoch don Fhoghlaim ar an ngearrliosta sa chatagóir ‘Barr Feabhais san Oideachas’. Is sraith prionsabal é Dearadh Uilíoch don Fhoghlaim maidir le forbairt curaclaim a thugann comhdheiseanna foghlama do gach duine, Daltaí faoi Mhíchumas san áireamh.

Mar chomhlánú ar na gníomhaíochtaí náisiúnta, tá réimse imeachtaí do Sheachtain BOO beartaithe go háitiúil ag BOO Chiarraí, lena n‑áirítear an seó Talkabout ar Radio Kerry le Deirdre Walsh Dé Luain, 27 Feabhra. Seolfar Creat Phátrúin BOOÉ maidir le hÉiteas i BOO Chiarraí Dé Máirt na seachtaine sin nuair a chuirfidh daltaí an creat faoi bhráid chomhaltaí bhoird Bhord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí. Labhróidh na daltaí faoin tslí a dtéann Creat na bPátrún chun tairbhe dá saol laethúil ar scoil. Reáchtálfar gníomhaíochtaí éagsúla ar fud scoileanna BOO Chiarraí i rith na seachtaine, tóraíocht taisce a bhaineann le héiteas, comórtais ealaíne agus tráth na gceist ina measc. Chun críoch a chur leis an tseachtain, beidh maidin chaife foirne Lá BOO ar siúl maidin Dé hAoine i scoileanna, ionaid, campais agus oifigí áitiúla ar son BUMBLEance.

Agus é ag cur fáilte roimh imeachtaí na seachtaine, dúirt an Comhairleoir Jim Finucane, Cathaoirleach BOO Chiarraí, “Bunaíodh BOO Chiarraí 10 mbliana ó shin i mbliana chun seirbhísí oideachais, oiliúna agus oibre don aos óg a chur ar fáil ar fud an chontae. Táimid tar éis fás ó shin agus cuirimid oideachas ar fáil faoi láthair do bhreis agus 15,000 foghlaimeoir gach aon bhliain, agus tá leathnú mór tagtha ar raon feidhme ár seirbhísí. Tá 3 scoil náisiúnta phobail againn anois, chomh maith le 8 n‑iar‑bhunscoil, 5 Champas de chuid Choláiste Chiarraí, 5 ionad breisoideachais agus oiliúna, mar aon le raon an‑leathan d’ionaid óige agus ionaid bhreisoideachais agus oiliúna, agus seirbhísí oideachais pobail ar fáil chomh maith ar fud an chontae.”

Dúirt Colm McEvoy, POF BOO Chiarraí, “Tugann Seachtain an BOO, faoi stiúir BOOÉ, deis dúinn go léir machnamh a dhéanamh ar fhorbairt na heagraíochta le deich mbliana anuas. Baineann an tábhachtach ar fad leis na deiseanna oideachais agus oiliúna a chuirimid ar fáil. Mar eagraíocht atá bunaithe sa chontae, aithnímid go hiomlán an acmhainneacht atá againn chun saol daoine a shaibhriú agus a athrú, deiseanna a chruthú do dhaoine, agus ár bpobail a fheabhsú.

“Táimid ag tnúth le leanúint ar aghaidh lenár dturas amach anseo agus sochaí foghlama ar feadh an tsaoil á cruthú, á forbairt agus á cur chun cinn i gCiarraí ionas go mbeidh rochtain ag gach duine a chónaíonn ann ar an oideachas agus ar an oiliúint a theastaíonn chun barr a gcumais a bhaint amach agus chun freastal ar a riachtanais phearsanta, shóisialta, chultúrtha, eacnamaíocha agus chathartha.”

 

 

 

 

 

© 2024 Kerry Education and Training Board./Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí. Registered Charity Number (RCN): 20083243. Web Design Kerry by Egg.
Becoming a Community National School Information Webinar Watch Here Seimineár Gréasáin faoin turas i dtreo Scoil Náisiúnta Phobal Féach anseo
This is default text for notification bar