Press "Enter" to skip to content

Cuireann Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí malairt slí ar Coras Pointí CAO ar fáil le dhá Cláir Céime Treasacha gan Táillí

Tá an-áthas ar an mBord Oideachais agus Oiliuna Chiarraí go bhfuil dhá cláir céime treasacha ar fáil i gColaiste Chiarraí don scoilbhliana 2023/2024.

 

Is é cúrsa treasach ann ná cúrsa a thosnaíonn ag Bord Oideachais agus Oiliúna (BOO) agus a leanann ar aghaidh in Instiúid Ardoideachais (HEI), le céim á bhronnadh ag an dheireadh. Sa tréimhse cruthúnas coincheapa seo, cuirfidh BOO Chiarraí, i gcomhpháirtíocht le hOllscoil Teicneolaíochta na Mumhan (MTU), Céim Onóracha sa Bheochan, Éifeacht fhísiúil agus Dearadh Gluaisne agus Céim Onóracha sa Ghnó ar fáil. Caithfidh na foghlaimeoirí an céad dhá bhliain dá gcúrsa i gCampas Coláiste Chiarraí, Bóthar na Claise, agus rachaidh siad go dtí gCampas Chiarraí MTU le haghaidh bliain a trí agus ceathar.

 

Ní chuirfidh BOO Chiarraí aon taillí teagaisc nó táille sintiúis scoláire ar an gcúrsa don tréimhse teagaisc. Beidh an Tionscnamh Saor ó Tháillí agus socrúcháin sintiúis scoláire curtha i bhfeidhm ar thréimhse socraithe don teagasc san HEI ar an chlár treasach.

 

Bhunaigh an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíocht agus Eolaíocta an Oifig Thrasachta Náisiúnta (NTO) in comhpháirtíocht leis an tÚdarás um Ard-Oideachas agus SOLAS. Tá sé de dhulgais ar an NTO forbairt a dhéanamh ar chonairí forchéimní nua ón mbreisoideachas go dtí an ardoideachas, rud atá lárnach do mhian an rialtais i gcruthú córas oideachas treasach aontaithe.

 

Ag labhairt ag an seoladh inniu, dúirt an tAire Harris:

“Is athrú córas ollmhór iad na cúrsaí céime treasacha seo, a thugann bealach difriúil ón gcóras pointí do mhic léinn agus a chinntíonn go bhfuil córas againn atá bunaithe ar roghanna gairme agus riachtanais na bhfoghlaimeoirí. Ba mhaith liom mo bhuíochas a gabháil leis an Oifig Thrasachta Náisiúnta, an tÚdarás um Ard-Oideachas agus le SOLAS dá gcuid ceannaireachta chun na hathruithe seo a cur i bhfeidhm.”

 

Dúirt Owen O’Donnell, an Stiúrthóir Breisoideachais agus Oiliúna i BOO Chiarraí:

“Is lá súntasach é seoladh na chéad cláir treasacha céime do foghlaimeoirí i gCiarraí, a bheidh teacht acu ar cláir céime lasmuigh don gcóras traidisiúnta CAO don cheád uair. Tá an t-ádh dhearg orm go mbeidh Coláiste Chiarraí, i gcomhpháirtíocht le MTU, ag cur Céim Onóracha sa Bheochan, Éifeacht fhísiúil agus Dearadh Gluaisne agus Céim Onóracha sa Ghnó ar fáil.”

 

D’oibrigh an BOO agus HEI go beacht lena cheile ar forbairt agus seachadadh cláir treasacha chun aistriú bog a chinntiú do scoláirí ó BOO go hArdoideachas agus conair soiléir go chleachtas gairmiúil a chruthú. Ó tús na cúrsaí céime treasacha, beidh an mac léinn cláraithe agus aitheanta sa BOO ina bhfuil a chúrsa agus san ollscoill atá i gcomhar leo. Beidh teacht ag an mac léinn ar tacaíocht agus seirbhísí ón dhá hinstitiúd, leabharlainne, spóirt, agus áiseanna ar an gcampas san áireamh, chomh maith le tacaíocht foghlamtha, sláinte agus folláine.

 

Deir Stephen Goulding, Príomhoide Coláiste Chiarraí:

“Is cloch mhíle ollmhór i dtaobh an BOO/Ardoideachas é forbairt na cúrsaí céime treasacha seo. Is iomaí buntáistí atá ann do mhic léinn, beidh an deis acu staidear a dhéanamh ina gcontae fhéin, beidh roghanna níos cost-éifeachtúil ann do thuismitheoirí agus a pháistí agus beidh laghdú súntasach ar na srian atá ar foghlaimeoirí dul chun chinn a dhéanamh san ardoideachais. Ardóidh sé stádas an BOO do fágálaí scoile agus leanfaidh sé go dtí cinntí agus treoir gairmeacha níos fearr agus níos eolach dóibh.

 

Ag cur fáilte roimh an nuacht inniu, dúirt Elaine O’Connor, Bainisteoir Oifig Iontrála Coláiste Chiarraí:

“Mar solátharaí BOO atá tiomnaithe do bharr feabhais acadúil, táimid thar a bheith sásta leis an bhforbairt treasach dár dtairiscint cúrsaí, a tugfaidh a thuilleadh deiseanna fáis ghairmiúil do foghlaimeoirí. Tá an foireann riaracháin ag súil go mór le tacaíocht a thabhairt do iarrthóirí ar an céim treasach tríd an aistear.”

 

Is féidir le mic léinn atá súim acu i gceachtar do na Céimeanna hOnóracha nua atá ar fáil i gColáiste Chiarraí teagmháil a dhéanamh leis an oifig iontrála ar 066 7149696.

 

Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Oifig Thrasachta Náisiúnta freisin ar a shuíomh idirlíon (www.nto.ie), áit gur feidir le mic léinn cur isteach ar aon cheann do na 23 cláir atá ar fáil i mí Meán Fómhair. Do chritéir cáilitheachta agus riachtanais sonrach cúrsa, féach ar an rannóg eolais ar an suíomh. Is féidir ceisteanna ginearálta a cur go dtí an NTO, agus ceisteanna maidir le cúrsaí faoi leith a cur go dtí an Comhordaitheoir Treasach chuí ainmnithe ar an suíomh.

© 2024 Kerry Education and Training Board./Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí. Registered Charity Number (RCN): 20083243. Web Design Kerry by Egg.
Becoming a Community National School Information Webinar Watch Here Seimineár Gréasáin faoin turas i dtreo Scoil Náisiúnta Phobal Féach anseo
This is default text for notification bar