Press "Enter" to skip to content

Cuairt Ambasadóir Stát na Palaistíne

Tá cuairt Ambasadóir Stát na Palaistíne, an tUasal Ahmad Abdelrazek ar Ionad Oiliúna (BOO Chiarraí) á óstáil ag BOO Chiarraí. Eagraíodh an chuairt seo tar éis do Chathaoirleach BOO Chiarraí, Jim Finucane, cuireadh a thabhairt don Ambasadóir cuairt a thabhairt ar an ionad.  Cuireann Ionad Oiliúna BOO Chiarraí cláir leathana oiliúna agus printíseachta ar fáil, leis an méid seo a leanas á sholáthar, Cothabháil Tuirbíní Gaoithe, Siúinéireacht, Feistiú Meicniúil Uathoibriú agus Cothabháil, Leictreach, Plástráil, Pluiméireacht, Teicneoirí Sreanga Lasnairde, Teicneoir Suiteála, Commis Chef, srl.

Le linn cuairte an Ambasadóra ar an ionad, beidh an t-ambasadóir ag casadh le foireann bainistíochta Breisoideachais agus Oiliúna BOO Chiarraí agus beidh turas treoraithe ar an ionad á fháil aige ó Owen O’Donnell, Stiúrthóir Breisoideachais agus Oiliúna BOO Chiarraí.  Ba é cuspóir na cuairte deis a thabhairt don Ambasadóir leis an Ionad Oiliúna nua-aimseartha seo a fheiceáil lena raon iomlán soláthair ag feidhmiú. Déanfar deiseanna maidir le comhoibriú amach anseo a phlé freisin.

Thug Príomhoifigeach Feidhmiúcháin BOO Chiarraí, Colm McEvoy agus é ag cur fáilte roimh an Ambasadóir, an tUasal Ahmad Abdelrazek, forléargas ar BOO Chiarraí agus ar an mbealach a dtugann BOO Chiarraí aghaidh ar raon leathan ábhair a sholáthar ar fud an chontae. I láthair na huaire, tá baint ag BOO Chiarraí le 12,304 foghlaimeoir/printíseach/oiliúnaí ó Leibhéal 1 – 6 ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí.

Ag labhairt dó roimh an gcuairt, dúirt an Cathaoirleach Jim Finucane “Táimid ríméadach fáilte a chur roimh an Ambasadóir chuig an Ionad Oiliúna agus deis a chur ar fáil dó leis na cláir a chuirimid ar fáil a phlé leis agus leis na saoráidí atá againn chun tacú le seachadadh ár gcuid clár a thaispeáint dó. Tá súil agam go bhfaigheadh an tAmbasadóir tairbhe ón gcuairt agus táimid ag tnúth go mór le tuilleadh rannpháirtíochta agus le deiseanna maidir le comhoibriú amach anseo a fhiosrú”.

Má tá aon cheisteanna agat, ná bíodh drogall ar bith ort teagmháil a dhéanamh le Motoole@kerryetb.ie

CRÍOCH

© 2024 Kerry Education and Training Board./Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí. Registered Charity Number (RCN): 20083243. Web Design Kerry by Egg.
Becoming a Community National School Information Webinar Watch Here Seimineár Gréasáin faoin turas i dtreo Scoil Náisiúnta Phobal Féach anseo
This is default text for notification bar