Press "Enter" to skip to content

Coláiste Chiarraí Campas Bhóthar na Claise (KCFE) ar Champas Shráid Deiní oscailte go hoifigiúil!

 

Coláiste Chiarraí Campas Bhóthar na Claise (KCFE) ar Champas Shráid Deiní oscailte go hoifigiúil!

D’oscail an tAire Oideachais agus Scileanna Joe McHugh TD Campas Shráid Deiní de Choláiste Breisoideachais Chiarraí (KCFE), de chuid Bhord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí go hoifigiúil Déardaoin an 2 Bealtaine. Bhí na céadta i láthair idir aíonna, foireann agus mic léinn. Bhí tábhacht ar leith leis an oscailt oifigiúil mar go bhfuil Coláiste Chiarraí Campas Bhóthar na Claise (KCFE) anois neadaithe go láidir i lár Bhaile Thrá Lí. Ó thaobh an Choláiste, bhí gá leis an dara campas de bharr líon na mac léinn a bheith ag dul go mór i méid.   De bharr an ionaid nua seo beidh Coláiste Chiarraí Campas Bhóthar na Claise (KCFE) anois in ann deis a thabhairt don oiread mic léinn is féidir fanacht i gCiarraí chun tabhairt faoi chlár staidéir dá rogha.

Tá an Campas ar 5,6,7 agus 8 Sráid Deiní agus ó rinneadh athchóiriú ar na foirgnimh a bhí ann agus áit mhór do mhic léinn, tá fuinneamh as an nua le brath i lár an bhaile.  Tá 11 seomra léachtaí ar an gCampas; ina measc dhá sheomra ríomhaireachta ardsonraíochta; 4 stáisiún leighis; oifigí; bialann agus tuilleadh. Bhain obair mhór leis buntréithe na bhfoirgneamh a choinneáil, foirgnimh a tógadh sa ré Seoirseach, agus tá an tsaoirseacht le sonrú fós ar fud na bhfoirgneamh.

Is iad na Ranna Eolaíochta Sláinte agus Eolaíochta Sóisialta a bheidh sa bhfoirgneamh nua agus as soláthrófar cláir Staidéar Altranais, Altranas le Scileanna Cúraim Máithreachais, Cúramóirí, Obair Óige, Staidéar Sóisialta Feidhmeach le Síceolaíocht, Seirbhísí Cúraim Slándála, Cúntóir Leighis Cógaslainne, Cúntóir Cúraim Máinliacht, Ard-Chúram Sóisialta le Staidéar Comhairleoireachta agus Bainistíocht Maoirseachta Seirbhísí Sláinte. Tá an bhéim ar chláir Eolaíochtaí Sláinte agus Sóisialta tráthúil go leor ó tharla stáisiúin leighis sainthógtha a bheith sna áitribh nua bhreise.  Trí leanúint d’fhorbairtí agus rannpháirteacht le Soláthróirí Cúraim Shóisialta agus Sláinte sa chontae, leanann Coláiste Chiarraí Campas Bhóthar na Claise de bheith ina mhórsholáthróir ar chéimithe ardscileanna atá réidh chun oibre sa láthair oibre agus le dul ar aghaidh chun oideachas tríú leibhéal.

Ba lár an bhaile ar ndóigh an rogha ab fhearr agus ní hamháin go gcuirtear leis an atmaisféar ach bainfidh gnónna na háite tairbhe ar an bhforbairt freisin.  Fuair Coláiste Chiarraí Campas Bhóthar na Claise (KCFE) tacaíocht mhór ó phobal gnó Thrá Lí agus chuidigh an pobal sin ar gach slí ab fhéidir a dúirt an Príomhoide Mary Lucey.  Ó tharla an campas ar Shráid Deiní éascaíonn sin comhoibriú idir Coláiste Chiarraí Campas Bhóthar na Claise (KCFE) agus gnónna agus eagraíochtaí eile i dtaobh socrúcháin oibre, aoi-léachtóirí agus ceardlanna srl. Tá an Coláiste san áit is fearr freisin chun deiseanna uasoiliúna agus cúrsaí a thairiscint d’fhostóirí agus d’fhostaithe.

Dúirt Colm McEvoy, Príomhfheidhmeannach BOO Chiarraí, “Tá ríméad ar BOO Chiarraí fáilte a chur roimh an Aire Oideachais agus Scileanna chuig BOO Chiarraí tráth a bhfuil cloch mhíle shuntasach bainte amach i roinnt tionscadal – oscailt Choláiste Breisoideachais Chiarraí, Campas Shráid Deiní, iompú an fhóid le gur féidir tús a chur leis an obair ar Champas nua Ghaelcholáiste Chiarraí agus síneadh Choláiste Ghlean Lí a bheith á oscailt.

 Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Aire agus a chuid oifigeach sa Roinn Oideachais agus Scileanna maidir le dtacaíocht leanúnach do BOO Chiarraí.  Is léiriú iad na tionscadail seo ar thiomantas BOO Chiarraí chur leis an timpeallacht oibre agus foghlama dár bhfoireann, daltaí agus foghlaimeoirí. Cuireann BOO Chiarraí réimse leathan seirbhísí ar fáil ar fud an chontae sa réimse bunoideachais, iarbhunoideachais agus breis oideachais.  Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh freisin le SOLAS as a gcúnamh leanúnach do Chláir Breisoideachais agus Oiliúna BOO Chiarraí.

Dúirt Stiúrthóir Breisoideachais agus Oiliúna BOO Chiarraí, Owen O’Donnell “Tá ríméad ar BOO Chiarraí go bhfuil an campas nua seo oscailte i lár Bhaile Thrá Lí.  Tabharfaidh sé seo deis dúinn freastal ar líon na mac léinn, atá ag dul i méid, sna hEolaíochtaí Sláinte agus Beatha agus cuirfidh le beocht i lár an bhaile.

Má bhíonn aon cheist agat ná bíodh drogall ort teagmháil a dhéanamh le Mary Lucey at MaryLucey@Kerryfe.ie. Is féidir iarratais a dhéanamh ar líne ag kerryfe.ie

© 2024 Kerry Education and Training Board./Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí. Registered Charity Number (RCN): 20083243. Web Design Kerry by Egg.
Becoming a Community National School Information Webinar Watch Here Seimineár Gréasáin faoin turas i dtreo Scoil Náisiúnta Phobal Féach anseo
This is default text for notification bar