Press "Enter" to skip to content

Ceiliúradh ag Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí ag Searmanas Buaice Oifigiúil ar fhoirgneamh nua Ghaelcholáiste Chiarraí

Minister Foley presenting a piece of Sedum Roof to Príomhoide Gaelcholáiste Chiarraí, Ruairí Ó Cinnéide, Gaelcholáiste Chiarraí Student Dáithí Ó Loingsigh.

 

Chuir Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí (BOO Chiarraí) fáilte roimis an tAire Oideachais Norma Ní Fhoghlú, TD, ar an 7 Samhain 2022, do shearmanas buaice chun críoch na n-oibreacha struchtúrtha ar fhoirgneamh nua Ghaelcholáiste Chiarraí a cheiliúradh.

Tá an foirgneamh nua, 75,000 troigh cearnaithe chun freastal ar 600 scoláire. Beidh níos mó na 30 seomra ranga, chomh maith le seomraí don Ealaín, Inealltóreacht, Teicneolaíocht, Teicneolaíocht Adhmaid, Eacnamaíocht Bhaile, Ceol, Eolaíocht agus Ríomheolaíocht ann. I measc na háiseanna eile a bheidh ann, beidh bialann, halla spóirt, seomra aclaíochta, cultúrlann, agus láthair spraoi seachtracha. Tá an-obair déanta ag BOO Chiarraí agus Comhairle Contae Chiarraí ar an togra go dtí seo agus táid an-sásta feiscint go bhfuil sé beagnach críochnaithe.

Lá stairiúil atá againn inniu agus sinn ag ceiliúradh deireadh na n-oibreacha struchtúrtha. Beidh scoil ar ard-chaighdeán ag Ghaelcholáiste Chiarraí. Tá an foirgneamh seo tuillte ag pobal uile na scoile i dTrá Lí agus táim ag tnúth go mór le scoláirí a fheiscint ann don bhliain seo chugainn” arsa an tAire Ní Fhoghlú.

Chuir an Comhairleoir Jim Finucane fáilte roimis an Aire agus dúirt sé go thosaigh an tógáil i Mí Márta 2021, agus gur lean an tógáil le linn na paindéime agus go raibh an-áthas air go raibh an foirgneamh beagnach réidh. Mhínigh sé go bhfuil infheistiú cáipitigh €80,000,000 déanta ag Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí sa chontae.

Mhínigh Ann O’Dwyer, Stiúrthóir Scoileanna, Óige agus Ceol, go bhfuil scoláirí ó dhaichead bhunscoil éagsúil ag freastal ar Ghaelcholáiste Chiarraí.  Dúirt sí go bhfuil sí ag súil le fás a fheiscint sna huimhreacha toisc na n-áiseanna nua sa scoil.

Bhailigh baill foirne, scoláirí, foireann BOO Chiarraí agu ionadaithe phobail don ócáid. Dúirt Ruairí Ó Cinnéide, príomhoide na scoile, go bhfuil an pobal scoile ag tnúth le bogadh isteach sa scoil nua san earrach. Dúirt sé go gcuirfidh an campas nua ar chumas na scoile freastal ar an éileamh ar Ghaeloideachas sa cheantar. Mhaígh sé go mbeidh ról lárnach ag an gcampas nua i gcaomhnú agus i bhforbairt an chultúir is na teangan amach anseo.

Luaigh Maria Brennan, an Stiúrthóir Tacaíochta agus Forbartha, an comhoibriú idir na foirne tógála, dearaidh agus an comhlacht Vision Contracting.

Thug Comhairle na nDaltaí cuairt ar an scoil nua ar an lá. Bhí Kiana Breathnach an-tógtha leis na h-áiseanna, go háirithe na háiseanna spóirt, an leabharlann agus an bealach siúlóide “Slí na Sláinte” chun faoiseamh agus aer úr a thabhairt don bhfoireann agus dos na scoláirí.

Ghabh príomhfheidhmeannach BOO Chiarraí, Colm McEvoy, buíochas leis an Aire Oideachais as a bheith leo ar an lá agus as tacaíocht na Roinne leis an dtionscadal. Dúirt sé go raibh ról lárnach ag Comhairle Contae Chiarraí maidir le ceist na suímhe. Dúirt sé go raibh sé ag tnúth leis an gcéim dheireanach den obair agus oscailt na scoile i gceart sna Earrach.

 

© 2024 Kerry Education and Training Board./Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí. Registered Charity Number (RCN): 20083243. Web Design Kerry by Egg.
Becoming a Community National School Information Webinar Watch Here Seimineár Gréasáin faoin turas i dtreo Scoil Náisiúnta Phobal Féach anseo
This is default text for notification bar