Press "Enter" to skip to content

Bhí ríméad ar Bhord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí agus ar fhoireann agus ar dhaltaí Ghaelcholáiste Chiarraí fáilte a chur roimh an Aire Oideachais agus Scileanna, Joe McHugh, TD

Bhí ríméad ar Bhord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí (BOO Chiarraí) agus ar fhoireann agus ar dhaltaí Ghaelcholáiste Chiarraí fáilte a chur roimh an Aire Oideachais agus Scileanna, Joe McHugh TD, chun an fód a iompú ar an suíomh do Champas Nua Ghaelcholáiste Chiarraí i mBaile an Mhuilinn i dTrá Lí Déardaoin an 2 Bealtaine. Chuir Príomhoide na scoile Ruairí Ó Cinnéide, an Leas-Phríomhoide Conall Ó Cruadhlaoich, daltaí, foireann, tuismitheoirí agus baill den Bhord Bainistíochta fáilte mhór roimh an Aire.

Ghlac Ruairí Ó Cinnéide, Príomhoide Ghaelcholaiste Chiarraí buíochas leis an Aire dá thacaíocht don tionscadal agus ghlac buíochas le Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí (BOO Chiarraí), Comhairle Chontae Chiarraí, Lee Strand agus Grúpa Athghiniúna Mitchel as a dtacaíocht a chinntiú go bhfuil dul chun cinn leanúnach á dhéanamh ar champas nua Ghaelcholáiste Chiarraí.

Dúirt Ruairí Ó Cinnéide “Táimid ar fad thar a bheith sásta gur tháinig an tAire McHugh chun an fód a iompú ar an suíomh inniu le gur féidir dul i mbun oibre. Cinnteoidh an campas nua go mbeidh daltaí Ghaelcholáiste Chiarraí, sula i bhfad, ag bogadh isteach i bhfoirgneamh nua den chéad scoth.  Beidh áit ag 600 dalta sa bhfoirgneamh nua agus beidh 25 seomra ranga ginearálta inti chomh maith le seomraí ranga speisialtóra, leabharlann, saotharlanna ilmheán, bialann agus áiteanna ithe, halla spóirt agus áit taibhithe na cultúrlainne. Cuirfidh sé seo go mór leis an gcaighdeán múinteoireachta agus foghlama den chéad scoth atá faoi láthair sa scoil agus beidh deis ag daltaí tabhairt faoi churaclam níos leithne chomh maith le deiseanna breise oideachais a thabhairt dóibh.  Tá súil againn go mbeidh an tAire ar ais faoi cheann 18 mí nó mar sin chun an foirgneamh nua a oscailt go hoifigiúil.

Bhí Stiúrthóir na Scoileanna, Óige agus Ceoil, Ann O’Dwyer sásta an tAire a bheith i láthair ar ócáid iontach mar é. “Cuirtear tús inniu le todhchaí ghlé an Oideachais trí mheán na Gaeilge i dTrá Lí.  Déanfaidh an scoil seo freastal ar dhaltaí Thrá Lí agus ar dhaltaí máguaird ar mian leo oideachas a fháil trí Ghaeilge ar champas nua-aimseartha agus a ndíreofar ar theagasc agus ar fhoghlaim sa 21ú haois.

 

Dúirt Colm McEvoy, Príomhfheidhmeannach BOO Chiarraí, “Tá ríméad ar BOO Chiarraí fáilte a chur roimh an Aire Oideachais agus Scileanna chuig BOO Chiarraí tráth a bhfuil cloch mhíle shuntasach bainte amach i roinnt tionscadal – oscailt Campas Shráid Deiní Choláiste Breisoideachais Chiarraí, iompú an fhóid le gur féidir tús a chur leis an obair ar Champas nua Ghaelcholáiste Chiarraí agus síneadh Choláiste Ghlean Lí a bheith á oscailt.

 

Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Aire agus a chuid oifigeach sa Roinn Oideachais agus Scileanna maidir lena dtacaíocht leanúnach do BOO Chiarraí.  Is léiriú iad na tionscadail seo ar thiomantas BOO Chiarraí cur leis an timpeallacht oibre agus foghlama dár bhfoireann, daltaí agus foghlaimeoirí. Cuireann BOO Chiarraí réimse leathan seirbhísí ar fáil ar fud an chontae sa réimse bunoideachais, iarbhunoideachais agus breis oideachais.  Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh freisin le SOLAS as a gcúnamh leanúnach do Chláir Breisoideachais agus Oiliúna BOO Chiarraí.

 

Má bhíonn aon cheist agat ná bíodh drogall ort teagmháil a dhéanamh le motoole@kerryetb.ie

 

Críoch

© 2024 Kerry Education and Training Board./Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí. Registered Charity Number (RCN): 20083243. Web Design Kerry by Egg.
Becoming a Community National School Information Webinar Watch Here Seimineár Gréasáin faoin turas i dtreo Scoil Náisiúnta Phobal Féach anseo
This is default text for notification bar