Press "Enter" to skip to content
Acmhainní NQSF – Eolas faoi Oibrithe don Aos Óg

Acmhainní NQSF – Eolas faoi Oibrithe don Aos Óg

Caighdeáin Náisiúnta Cáilíochta d’Obair Ógra

Thug an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige isteach an Creat um Chaighdeáin Náisiúnta Cháilíochtaí d’obair ógra (NQSF) in Eanáir 2011. Uirlis tacaíochta, forbartha agus measúnaithe é sin go príomha a thugann deis do na seirbhísí óige a gcleachtas oibre ógra a chur in iúl i dteanga choiteann. De thoradh fheidhmiú an NQSF, tá feabhas tagtha ar dhe-chleachtas agus tá sé ag déileáil níos mó fós le riachtanais fhorbarthacha na ndaoine óga agus é sin á dhéanamh ar bhealach níos éifeachtaí ó thaobh costais de.

Is é an réasúnaíocht atá le forbairt an tionscnaimh NQSF ná:

  • Uirlis tacaíochta agus forbartha a chur ar fáil d’eagraíochtaí agus do thionscadail
  • Caighdeáin a bhunú i gcleachtas agus i soláthar oibre ógra
  • Bonn feabhsaithe fianaise a chur ar fáil don obair ógra
  • Cinntiú go bhfuil úsáid éifeachtach a bhaint as na hacmhainní san earnáil oibre ógra
  • Bonn a chur ar fáil do mheasúnú il-eagraíochtúil.

Baineann an NQSF le gach seirbhís/tionscadal oibre ógra agus gach clár atá faoi cheannas na foirne agus atá maoinithe faoi na scéimeanna RLGÓ seo a leanas:

Caighdeáin Náisiúnta Cháilíochta do Ghrúpaí Óige faoi Cheannas Saorálaithe:

Eolas Treorach faoi LYCGS Gaeilge
© 2024 Kerry Education and Training Board./Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí. Registered Charity Number (RCN): 20083243. Web Design Kerry by Egg.
Becoming a Community National School Information Webinar Watch Here Seimineár Gréasáin faoin turas i dtreo Scoil Náisiúnta Phobal Féach anseo
This is default text for notification bar