Press "Enter" to skip to content

Nochtadh Cosanta

Tháinig an tAcht um Nochtadh Cosanta, 2014 i bhfeidhm ar an 15 Iúil 2014. Cuireann an tAcht creat ar fáil inar féidir le hoibrithe a n-imní a chur in iúl maidir le míghníomh ionchasach atá feicthe acu san ionad oibre agus fios acu gur féidir leo feidhm a bhaint as cosaintí suntasacha agus eile má ghearrann a bhfostóir pionós orthu nó más rud é gurb é/í an fostaí a bheidh thíos leis faoi sin a dhéanamh.

Tá polasaí curtha i bhfeidhm ag BOO Chiarraí agus, nuair a chuirtear é sin i gcomhar leis an reachtaíocht, spreagfaidh sin oibrithe chun míghníomh ionchasach a thuairisciú agus fios acu go nglacfar go dáiríre lena n-ábhair imní, go ndéanfar sin a fhiosrú, nuair is cuí, agus go léireofar meas ar a rúndacht.

Nochtadh Cosanta a Dhéanamh

De réir na bhforálacha d’Acht na Nochtuithe Cosanta 2014, tá an tUasal Danny Kerins, Oifigeach um Chosaint Sonraí, ceaptha ag Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí, ina oifigeach ainmnithe chun glacadh le nochtuithe cosanta.

Sonraí teagmhála: 066-7193900, tríd an ríomhphost corporateaffairs@kerryetb.ie nó tríd an bpost chuig:

An tOifigeach um Chosaint Sonraí
An Rannóg Corparáide, Caipitil & Teicneolaíochta
Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí
An Lárphointe
Bóthar J. J. Mhic Shíthigh
Trá Lí
Co. Chiarraí
V92P2FE

Mír 22 Tuairisc ar Nochtuithe Cosanta

2023                                                      

Faoi mar atá dlite ar an mBord faoi Alt 22 den Acht um Nochtadh Cosanta 2014, agus an tAcht um Nochtadh Cosanta (Leasú), 2022  dearbhaíonn BOO Chiarraí nach ndearnadh aon nochtadh cosanta roimh dheireadh na bliana 2023. Dá réir sin, ní raibh gá aon bheart a dhéanamh i ndáil le Nochtadh Cosanta.

Tuarascáil Bhliantúil 2023

2022

Faoi mar atá dlite ar an mBord faoi Alt 22 den Acht um Nochtadh Cosanta 2014, dearbhaíonn BOO Chiarraí nach ndearnadh aon nochtadh cosanta roimh dheireadh na bliana 2022. Dá réir sin, ní raibh gá aon bheart a dhéanamh i ndáil le Nochtadh Cosanta.

Tuarascáil Bhliantúil 2022

2021

Faoi mar atá dlite ar an mBord faoi Alt 22 den Acht um Nochtadh Cosanta 2014, dearbhaíonn BOO Chiarraí nach ndearnadh aon nochtadh cosanta roimh dheireadh na bliana 2021. Dá réir sin, ní raibh gá aon bheart a dhéanamh i ndáil le Nochtadh Cosanta.
Tuarascáil Bhliantúil 2021

2020

Faoi mar atá dlite ar an mBord faoi Alt 22 den Acht um Nochtadh Cosanta 2014, dearbhaíonn BOO Chiarraí nach ndearnadh aon nochtadh cosanta roimh dheireadh na bliana 2020. Dá réir sin, ní raibh gá aon bheart a dhéanamh i ndáil le Nochtadh Cosanta.

2019

Faoi mar atá dlite ar an mBord faoi Alt 22 den Acht um Nochtadh Cosanta 2014, dearbhaíonn BOO Chiarraí nach ndearnadh aon nochtadh cosanta roimh dheireadh na bliana 2019. Dá réir sin, ní raibh gá aon bheart a dhéanamh i ndáil le Nochtadh Cosanta.

2018

Faoi mar atá dlite ar an mBord faoi Alt 22 den Acht um Nochtadh Cosanta 2014, dearbhaíonn BOO Chiarraí nach ndearnadh aon nochtadh cosanta roimh dheireadh na bliana 2018. Dá réir sin, ní raibh gá aon bheart a dhéanamh i ndáil le Nochtadh Cosanta.

2017

Faoi mar atá dlite ar an mBord faoi Alt 22 den Acht um Nochtadh Cosanta 2014, dearbhaíonn BOO Chiarraí nach ndearnadh aon nochtadh cosanta roimh dheireadh na bliana 2017. Dá réir sin, ní raibh gá aon bheart a dhéanamh i ndáil le Nochtadh Cosanta.

2016

Faoi mar atá dlite ar an mBord faoi Alt 22 den Acht um Nochtadh Cosanta 2014, dearbhaíonn BOO Chiarraí nach ndearnadh aon nochtadh cosanta roimh dheireadh na bliana 2016. Dá réir sin, ní raibh gá aon bheart a dhéanamh i ndáil le Nochtadh Cosanta.

2015

Faoi mar atá dlite ar an mBord faoi Alt 22 den Acht um Nochtadh Cosanta 2014, dearbhaíonn BOO Chiarraí nach ndearnadh aon nochtadh cosanta roimh dheireadh na bliana 2015. Dá réir sin, ní raibh gá aon bheart a dhéanamh i ndáil le Nochtadh Cosanta.

© 2024 Kerry Education and Training Board./Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí. Registered Charity Number (RCN): 20083243. Web Design Kerry by Egg.
Becoming a Community National School Information Webinar Watch Here Seimineár Gréasáin faoin turas i dtreo Scoil Náisiúnta Phobal Féach anseo
This is default text for notification bar