Press "Enter" to skip to content

Saoráil Faisnéise

Faoi Reachtaíocht um Shaoráil Faisnéise na hÉireann, tá na cearta seo a leanas ag gach duine:

  • Ceart dlíthiúil ag gach duine rochtain a fháil ar fhaisnéis arna coinneáil ag comhlacht a mbaineann an reachtaíocht FOI leis;
  • Ceart dlíthiúil ag gach duine go ndéanfaí faisnéis oifigiúil a bhaineann leis/léi a cheartú nuair a bhíonn an fhaisnéis sin neamhiomlán, míchruinn nó míthreorach;
  • Ceart dlíthiúil cúiseanna a fháil faoi chinntí a bhaineann leis/léi féin

Chun iarraidh FOI a dhéanamh

Ní mór iarrataí a dhéanamh i scríbhinn agus ní mór a lua go bhfuil an iarraidh á déanamh faoin Acht FOI.   Ní mór na hiarrataí a chur chuig an seoladh agus/nó an ríomhphost thíos:

An tOifigeach um Shaoráil Faisnéise
BOO Chiarraí
Centrepoint
Bóthar J. J. Mhic Shíthigh
Trá Lí
Co. Chiarraí

Rphost:  foi@kerryetb.ie

Scéim Foilsithe FOI

Faoi réir Alt 8 den Acht um Shaoráil Faisnéise 2014, caithfidh comhlachtaí Saorála Faisnéise (FOI) an oiread faisnéise agus is féidir a fhoilsiú ar bhealach oscailte agus inrochtana ar bhonn rialta taobh amuigh de FOI, ag glacadh prionsabail na hoscailteachta, trédhearcacht agus freagracht san áireamh.



Chun breis eolais a fhail maidir le Saoráil Faisnéise, déan teagmháil leis an Oifigeach FOI
Teil:  066 -7193900

Agus Láithreán Gréasáin um Shaoráil Faisnéise an Rialtais

© 2024 Kerry Education and Training Board./Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí. Registered Charity Number (RCN): 20083243. Web Design Kerry by Egg.
Becoming a Community National School Information Webinar Watch Here Seimineár Gréasáin faoin turas i dtreo Scoil Náisiúnta Phobal Féach anseo
This is default text for notification bar