Press "Enter" to skip to content

Tathuile, Pobalscoil Náisiúnta

 

Tathuile, Pobalscoil Náisiúnta

Tá ríméad ar Bhord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí (BOO Chiarraí) a fhógairt go bhfuil pátrúnacht Phobalscoil Náisiúnta Tathuile aistrithe ó Easpag Chiarraí chuig BOO Chiarraí.  Is í seo an tríú Pobalscoil Náisiúnta atá osclailte faoi phátrúnacht BOO Chiarraí.

Tá Pobalscoil Náisiúnta Tathuile (CNS) lonnaithe idir an tSnaidhm agus an Poll Gorm i nDeisceart Chiarraí. Mar aon le Pobalscoileanna Náisiúnta eile, cuirfear oideachas cuimsitheach agus nuálach ar fáil sa scoil chun riachtanais daltaí agus an phobail níos leithne a shásamh. Cuirtear réimse leathan gníomhaíochtaí seach-churaclaim ar fáil sa scoil, baineann na daltaí leas as cóimheas maith idir daltaí agus múinteoirí.

Sa mhúnla Pobalscoil Náisiúnta, is é BOO fostóir na mball foirne ar fad agus is é BOO an comhlacht corparáideach freisin ar a bhfuil freagracht foriomlán as rialachas. Beidh Bord Bainistíochta ag an scoil a mbeidh freagracht air maidir le pleanáil straitéiseach fhoriomlán agus forbairt beartais sa scoil.

Chuir Príomhfheidhmeannach BOO Chiarraí, Colm McEvoy fáilte roimh an bhforbairt, agus dúirt “Is tosaíocht straitéiseach de chuid BOO méadú a chur le líon na bPobalscoileanna Náisiúnta.  Is forbairt iontach é pátrúnacht Phobalscoil Náisiúnta Tathuile a bheith aistrithe chuig BOO.  Táim ag súil le hoscailt na scoile an 2 Meán Fómhair 2019 agus tá BOO Chiarraí lándíograiseach faoi oibriú lenár gcomhpháirtithe chun an Pobalscoil Náisiúnta a thabhairt ar aghaidh.

“Is scoileanna iad Pobalscoileanna Náisiúnta atá leanbh-lárnach, ilchreidmheach agus cuntasach go poiblí agus ina bhféachtar le hoideachas ardchaighdeáin a chur ar fáil do gach leanbh. Freastalóidh an scoil ar leanaí de gach creideamh go cothrom. Tuigeann tuismitheoirí leanaí i scoileanna reatha CNS go ndéantar freastal ar an ngné spioradálta a bhaineann le haitheantas linbh agus go léirítear meas ag an am céanna ar gach creideamh agus tuairim ar bhealach cothrom.” Ann O’Dwyer Stiúrthóir Scoileanna BOO Chiarraí

Ba chóir d’aon duine a bhfuil spéis acu a leanbh a rollú glaoch a chur ar an uimhir 064 664 5561 nó ríomhphost a sheoladh chuig cns@kerryetb.ie.

Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le múnla CNS, téigh chuig ár láithreán gréasáin www.kerryetb.iewww.cns.ie

© 2024 Kerry Education and Training Board./Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí. Registered Charity Number (RCN): 20083243. Web Design Kerry by Egg.
Becoming a Community National School Information Webinar Watch Here Seimineár Gréasáin faoin turas i dtreo Scoil Náisiúnta Phobal Féach anseo
This is default text for notification bar