Press "Enter" to skip to content

Straitéis Inbhuanaitheachta 2020-2022 á seoladh

Ar an 23 Feabhra 2021 sheol Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí (BOO Chiarraí) don chéad uair, a Straitéis Inbhunaitheachta 2020-2022.

Cuireadh an straitéis seo le chéile tar éis próiseas comhairliúcháin leis an eagraíocht ar fad agus léiríonn an straitéis an tiomantas atá ag BOO Chiarraí i leith cleachtas atá ann faoi láthair a láidriú agus cleachtas nua a ghlacadh chuige féin sna trí bliana atá romhainn.

An bhunfhís atá ag BOO Chiarraí ná tionchar dearfach a imirt ar an timpeallacht, an tsochaí agus an geilleagar trí thograí inbhuanaitheachta nua a fhorbairt agus cur leis na cinn atá ann cheana féin. Bainfear é seo amach ach díriú ar na “Spriocanna Inbhuanaitheachta” a aithníodh:

  • Rannpháirteachas Foirne
  • Rannpháirteachas Dalta, Foghlaimeora agus Printísigh
  • Rannpháirteachas Páirtithe Leasmhara Seachtracha
  • Inbhuanaitheacht maidir le Fuinneamh
  • Bainistíocht Estáit

Seoladh an straitéis seo ar líne ag teacht le Comhairle Sláinte Phoiblí agus na srianta Leibhéal 5 atá i bhfeidhm faoi láthair. Chuir an tAire Oideachais agus iar-bhall de Bhord BOO Chiarraí, Norma Foley, TD, teachtaireacht físe ar fáil don ócáid.

Agus í ag seoladh na Straitéise Inbhunaitheachta 2020-2022, luaigh an tAire go raibh moladh ag dul don BhOO as straitéis foirmiúil a fhorbairt agus ghuígh sí gach rath ar an eagraíocht lena cur i bhfeidhm. Thug an tAire aitheantas, chomh maith, don obair atá déanta ag an mBOO i gcur cleachtas inbhuanaitheachta chun cinn i gcaitheamh na mblianta, mar shampa an tionscnamh Scoileanna Glasa, agus cúrsaí oiliúna a fhorbairt agus a chur ar fáil do thionscadail inbhuanaitheacha etc.

I measc na bPríomhthionscnamh uaillmhianacha sa Straitéis Inbhuanaitheachta tá:

  • Oifigeach Inbhuanaitheachta a cheapadh
  • Fóram Inbhuanaitheachta a bhunú
  • Polasaí Giniúint Leictreachais a fhorbairt
  • Plean a fhorbairt chun riachtanais fadtéarmacha Neodrach ó thaobh Carbóin de a shásamh
  • Rannpháirtíocht scoileanna sa chlár ETBI Take 1
  • Campas Glas a bhunú (Coláiste Breisoideachais agus Oiliúna Chiarraí)
  • Cur le cúrsaí Breisoideachais agus Oiliúna a fhreastalaíonn ar riachtanais an tsochaí ar bheagán carbóin.

Tá BOO Chiarraí ag súil anois leis na cuspóirí agus na bearta atá sa straitéis a chur chun cinn agus a chur i bhfeidhm sna míonna agus sna blianta atá le teacht.

Chun teacht ar an bpolasaí téigh chuig an rannóg Foilseacháin ar shuíomh idirlín BOO Chiarraí (www.boochiarrai.ie ).

Féach anseo teachtaireacht físe an Aire Oideachais Norma Foley.

Féach anseo an Straitéis Inbhuanaitheachta 2020-2022

© 2024 Kerry Education and Training Board./Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí. Registered Charity Number (RCN): 20083243. Web Design Kerry by Egg.
Becoming a Community National School Information Webinar Watch Here Seimineár Gréasáin faoin turas i dtreo Scoil Náisiúnta Phobal Féach anseo
This is default text for notification bar