Press "Enter" to skip to content

Seoladh Ionad Scileanna Cócaireachta Neidín

Is cúis áthais do Bhord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí (BOO Chiarraí) oscailt an ionaid nua, Ionad Scileanna Cócaireachta Neidín in Ionad Breisoideachais agus Oiliúna Neidín, Ardán an Chloig, Neidín, Co. Chiarraí, a fhógairt. Is é an tAire Stáit sa Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt, Brendan Griffin, TD, a d’oscail na saoráidí nua go hoifigiúil an Aoine 23 Samhain ag  12 meán lae.

Cuireann an tsaoráid oiliúna Scileanna Cócaireachta den scoth seo atá lonnaithe in Ionad Breisoideachais agus Oiliúna Neidín, saoráid ar fáil do BOO Chiarraí le cúrsa Printíseachta (QQI leibhéal 6) ar chur ar fáil sa Neidín.  Mar chuid den chúrsa, beidh 40% dá gcuid ama á chaitheamh ag na printísigh sa chistin oiliúna agus 60% eile dá gcuid ama á chaitheamh acu ar oiliúint ar an láthair oibre. Tugann an tsamhail phrintíseachta seo an deis don phrintíseach a chuid scileanna/a cuid scileanna a aistriú ón gcistin oiliúna díreach chuig an láthair oibre. Bronnfar Sainteastas QQI Leibhéal 6 sna hEalaíona Cócaireachta ar an bprintíseach ar thabhairt chun críche an chláir.

Cuirfidh an tsaoráid nua seo leis an tsraith cúrsaí atá á gcur ar fáil cheana féin ag Ionad Breisoideachais agus Oiliúna Neidín.  Áirítear ar an soláthar reatha, Iomadú Plandaí agus Plandeolaíocht, Cúram agus Oideachas na Luath-óige, Tacaíocht Cúram Sláinte agus Turasóireacht agus Gnó.  Is féidir féachaint ar liosta iomlán dá gcuid cúrsaí ag www.fetch.ie

Ag labhairt dó ag oscailt an Ionaid Nua Ealaíona Cócaireachta, dúirt Colm Mc Evoy, Príomhoifigeach Feidhmiúchán BOO Chiarraí “Cuireann BOO Chiarraí raon cuimsitheach Cláir Breisoideachais agus Oiliúna ar fáil ar fud an Chontae. Cuideoidh oscailt na saoráide nua sna hEalaíona Cócaireachta sa Neidín lena chinntiú go mbíonn rochtain dhíreach ag foghlaimeoirí agus ag fostóirí araon sa cheantar seo de Chiarraí Theas ar na saoráidí oiliúna ealaíona cócaireachta áitiúil. Táim muiníneach go ndéanfaidh go leor foghlaimeoirí a théann le printíseacht nó le cúrsaí eile sa tsaoráid seo dul chun cinn sa láthair oibre go háitiúil. Cuideoidh an phrintíseacht atá á cur ar fáil ón tsaoráid seo le haghaidh a thabhairt ar bhearna i scileanna agus ar fholúntais sa cheantar seo atá ar cheann de na láithreacha turasóireachta is fearr sa tír.”

Dúirt Owen O’Donnell, Stiúrthóir Breisoideachais le BOO Chiarraí “ciallaíonn sé seo infheistíocht shuntasach ó BOO Chiarraí san earnáil fáilteachais agus ealaíona cócaireachta sa Neidín agus i Réigiún Chiarraí Theas freisin.”

D’admhaigh Shivaun Shanahan, Oifigeach le hOideachas Aosach in BOO Chiarraí “cé go bhfuil cláir Breisoideachais agus Oiliúna leathan ag Ionad Breisoideachais Neidín, tá oscailt an Ionaid Ealaíona Cócaireachta mar fhorbairt atá thar a bheith dearfach do BOO Chiarraí mar go bhfuil sé mar aidhm againn a chinntiú go mbeidh rochtain ag Foghlaimeoirí agus ag Fostóirí ar na seirbhísí go háitiúil.”

Dúirt an tAire Stáit sa Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt, Brendan Griffin, TD,  “rachaidh sé seo chun leasa don Neidín agus do cheantar Chiarraí Theas níos leithne i dtéarmaí deiseanna oiliúna a chur ar fáil do dhaoine ó thaobh glacadh le fostaíocht lánaimseartha sa tionscal fáilteachais agus turasóireachta ach rachaidh sé chun leasa freisin ó thaobh freastal ar riachtanais an tionscail i dtéarmaí freastal ar an easnamh i scileanna atá ann i láthair na huaire mar gheall ar an bhfás thar na bearta agus ar rathúlacht na turasóireachta i gCiarraí, áit ar tháinig fás 25%  ar líon na gcuairteoirí le linn 2017 agus 2018, a raibh fás ar ioncam agus ar fhostaíocht mar thoradh air.

Is mian liom comhghairdeas a dhéanamh le BOO Chiarraí agus lena gcomhpháirtithe san iarracht suntasach atá déanta acu a chuirfidh athrú ó bhonn ar shaol na ndaoine trí dheiseanna le fás suas agus obair a fháil ina n-áit dhúchas agus cur go mór lena bpobal trí fhostaíocht agus trí sheirbhís turasóireachta den scoth a chur ar fáil do na cuairteoirí go léir.”

CRÍOCH

Le tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil, le do thoil le Marion O Toole ag motoole@kerryetb.ie nó 066 7121488/ 086 415 0637

© 2024 Kerry Education and Training Board./Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí. Registered Charity Number (RCN): 20083243. Web Design Kerry by Egg.
Becoming a Community National School Information Webinar Watch Here Seimineár Gréasáin faoin turas i dtreo Scoil Náisiúnta Phobal Féach anseo
This is default text for notification bar