Press "Enter" to skip to content

Scoil an Ghleanna Scoil Náisiúnta Phobail

Scoil an Ghleanna Scoil Náisiúnta Phobail

Barr Feabhais san Oideachas – Cúram – Comhionannas – Pobal – Meas

Tá Scoil an Ghleanna Scoil Náisiúnta Phobail ar cheann de thrí Scoil Náisiúnta Phobail i gCiarraí. Tá muid inár dtríú bliain acadúil faoi phátrúnacht an Bhoird Oideachais agus Oiliúna Chiarraí. Mar Scoil Náisiúnta Phobail, tá cúig chroíluachanna lárnach dár ngníomhaíochtaí laethúla. Tá éiteas an Scoil Náisiúnta Phobail i gcroílár na scoile. Is bunscoileanna stáit, comhoideachais, ilchreidmheacha iad Scoileanna Náisiúnta Phobail (SNP) atá tacaithe ag croíluachanna Barr Feabhais san Oideachas, Cúram, Comhionannas, Pobal agus Meas. Tugann siad comhdheiseanna do gach páiste in san phobail ina bhfreastalaíonn siad ar scoil.

Barr Feabhais san Oideachas: Cuirtear oideachas páistelárnaithe ar fáil do do pháiste i Scoil an Ghleanna SNP, a fhreastalaíonn ar a riachtanais intleachtúla, choirp, chultúrtha, mhorálta agus spioradálta. Beidh an múinteoireacht ar ardchaighdeán acu a thabharfaidh dúshlán dóibh ar a leibhéal agus a threoróidh a gcuid foghlama ar bhealach a oirfidh dá riachtanais aonair. Faigheann daltaí Scoil an Ghleanna SNP taithí ar an gcuraclam ar na bealaí is nuálaí, spreagúla chun a ngrá don fhoghlaim a spreagadh.

Cúram: Soláthraíonn Scoil an Ghleanna SNP timpeallacht fhisiciúil agus shóisialta shábháilte a threisíonn muintearais le pobal na scoile agus leis an tsochaí i gcoitinne. Déanann muid ár ndícheall a chur ar chumas gach dalta barr a gcumais a bhaint amach beag beann ar aon ghné dá bhféiniúlacht nó dá gcúlra. Foghlaimíonn daltaí Scoil an Ghleanna SNP i dtimpeallacht a chothaíonn a bhfolláine agus a bhforbairt phearsanta.

Comhionannas: I Scoileanna Náisiúnta Phobail, tugtar comhdheiseanna do gach dalta chun clárú de réir an Achta um Oideachas (Iontrálacha ar Scoil) 2018. Nuair a chláraítear iad, déanann ár scoil a ndícheall comhdheiseanna a sholáthar do gach dalta dul i dteagmháil leis an gcuraclam agus le saol na scoile. I ngach gné de shaol na scoile caitear go cothrom le gach ball dár bpobail scoile beag beann ar a gcine, inscne, reiligiún / creideamh, aois, stádas teaghlaigh, stádas sibhialta, ballraíocht i bpobal an Lucht Siúil, claonadh gnéasach, cumas nó stádas socheacnamaíoch.

Pobal: Bíonn taithí ag na páistí a fhreastalaíonn ar Scoil an Ghleanna SNP ar thimpeallacht scoile a spreagann rannpháirtíocht tuismitheoirí i ngach gné de shaol na scoile chomh maith le leas a bhaint as tacaíocht agus saineolas an phobail i gcoitinne. Bainfidh daltaí taitneamh freisin as na hacmhainní atá ar fáil sa phobal chun a dtaithí oideachais a fheabhsú.

Meas: Cuireann ár scoil oideachas lánchuimsitheach chun cinn a aithníonn iolrachas aitheantais, creidimh agus luachanna atá ag daltaí, tuismitheoirí agus baill foirne. Ullmhaíonn muid saoránaigh leathanaigeanta, íogair ó thaobh cultúir agus freagrach, le ceangailt láidir ar luachanna comhroinnte.

Tá dlúthbhaint ag na cúig chroíluachanna seo agus tá siad eisceachtúil i leith Scoileanna Náisiúnta Phobail. Cinntíonn muid i Scoil an Ghleanna SNP go bhfuil na croíluachanna seo a bhaineann le bheith mar Scoil Náisiúnta Phobail lárnach i reáchtáil na scoile gach aon lá.

Visit our website

© 2024 Kerry Education and Training Board./Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí. Registered Charity Number (RCN): 20083243. Web Design Kerry by Egg.
Becoming a Community National School Information Webinar Watch Here Seimineár Gréasáin faoin turas i dtreo Scoil Náisiúnta Phobal Féach anseo
This is default text for notification bar