Press "Enter" to skip to content

Athchóiriú Phobalscoil Náisiúnta an Dá Mhíle

Refurbishment of Two Mile Community National School

D’éirigh go han-mhaith le Pobalscoil Náisiúnta an Dá Mhíle in 2019. Lá mór a bhí ann don scoil Dé Céadaoin an 30 Lúnasa 2017 nuair a d’oscail BOO Chiarraí Pobalscoil Náisiúnta an Dá Mhíle go hoifigiúil. Is í Pobalscoil Náisiúnta an Dá Mhíle an t-aon scoil il-sainchreidmheach i gceantar Chill Airne. Bhí an tAire Stáit sa Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt, Brendan Griffin T.D. i láthair ag an seoladh. Dhá bhliain i ndiaidh an tseolta sin, táimid ag teacht le chéile arís in éineacht leis an Aire Griffin a sheolfaidh athchóiriú Phobalscoil Náisiúnta an Dá Mhíle.

 

Freastalaíonn Pobalscoil Náisiúnta an Dá Mhíle ar riachtanais mhuintir an phobail áitiúil agus an phobail i gcoitinne agus déanann sí ceiliúradh ar éagsúlacht.

 

Chomh maith leis an éiteas uathúil il-sainchreidmheach a bhaineann leis an scoil, is é BOO Chiarraí pátrún na scoile agus tá sin tábhachtach maidir leis an méid a chuireann an scoil ar fáil. Is gníomhaireacht stáit é BOO Chiarraí atá lonnaithe go háitiúil agus tá sé ina phatrún cheana féin ar 2 Phobalscoil Náisiúnta eile agus ar 8 n-iarbhunscoil. Is é BOO Chiarraí an soláthróir breisoideachais d’aosaigh is mó i gCiarraí. Cuireann BOO Chiarraí tacaíochtaí tábhachtacha riaracháin, IT, acmhainní daonna, Foirgnimh Chaipitil agus go leor tacaíochtaí eile ar fáil dá chuid scoileanna. Cinntítear leis sin gur féidir le foireann na scoile díriú ar theagasc agus ar fhoghlaim den scoth.

 

Dúirt an tAire Stáit sa Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt, Brendan Griffin T.D., Is dul chun cinn an-dearfach é seo atá déanta laistigh d’achar gearr. Is ábhar mór misnigh é agus siombail iontach de phobal tuaithe atá ag seasamh an fhóid ar mhaithe le todhchaí na scoile a chinntiú. Tá ríméad orm go bhfuil tacaíocht faighte ag an scoil ón Deontas Caipitil d’Oibreacha Feabhais. Cuideoidh an tacaíocht sin go mór le todhchaí na scoile ar feadh roinnt mhaith blianta.”

 

Dúirt Catherine Barry, Príomhoide Phobalscoil Náisiúnta an Dá Mhíle, “Ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghabháil leis an Roinn Oideachais agus Scileanna agus le Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí as an athchóiriú den scoth atá déanta ar Phobalscoil Náisiúnta an Dá Mhíle. Ó osclaíodh in 2017 í, cuireann an scoil, i gcomhar le tacaíocht BOO Chiarraí, éagsúlacht agus rogha ar fáil i gceantar Chill Airne. Tiocfaidh feabhas ar eispéaras foghlama na bpáistí mar thoradh ar an timpeallacht chairdiúil, chompordach agus tharraingteach de réir mar a leanfaidh muid d’ardchaighdeán oideachais, ar saintréithe de Mhúnla na bPobalscoileanna Náisiúnta é, a chur ar fáil.”

Dúirt Ann O’Dwyer, Stiúrthóir Scoileanna, BOO Chiarraí “Cuireann BOO Chiarraí fáilte roimh an deontas athchóirithe a fuarthas le déanaí ón Roinn Oideachais agus Scileanna do Phobalscoil Náisiúnta an Dá Mhíle i gCill Airne. Chuir an deontas leis na hoibreacha leasúcháin a rinneadh in 2017 agus tugadh faoi insliú, fuinneoga agus doirse a chur isteach, clúdach urláir agus athchóiriú ginearálta a raibh géarghá leis. Tá BOO Chiarraí, i gcomhar le Bord Bainistíochta Phobalscoil Náisiúnta an Dá Mhíle, ag féachaint siar ar bhliain ar éirigh go han-mhaith léi. Tá rolluithe ag méadú i gcónaí, tá tuismitheoirí an-dearfach faoin gcaighdeán teagaisc agus foghlama, cúram na ndaltaí agus na deiseanna seach-churaclaim sa scoil chomh maith leis an tiomantas atá ann do rannpháirtíocht an phobail agus na dtuismitheoirí. Tá an naíonra Little Explorers, atá ar thalamh na scoile, ag cur go mór leis an scoil. Tá Comhairle na dTuismitheoirí ar Fhóram Tuismitheoirí BOO Chiarraí anois agus tá siad ar an eolas anois faoi na deiseanna atá ann maidir le hoiliúint agus faoin tacaíocht atá ar fáil do thuismitheoirí i scoileanna BOO amhail Cúrsaí Tuismitheoireachta, Cúrsaí ICT, srl agus tá siad ag baint tairbhe astu sin go léir anois.

Dúirt Pádraig Ó Donnabháin, Cathaoirleach Bhord Bainistíochta na Scoile, Tá Pobalscoil Náisiúnta an Dá Mhíle ag cur tús lena tríú bliain agus athchóiriú thar barr curtha i gcrích i rith an tsamhraidh. Tháinig na daltaí ar ais chuig seomraí ranga, seomraí cúnta agus seomra ilchuspóireach agus spásanna eile atá athraithe agus feabhsaithe go hiomlán. Is spás geal agus fiúntach an clós inmheánach do ghníomhaíochtaí scoile anois. Tá an Príomhoide, na múinteoirí agus an fhoireann ag súil leis an gcuraclam a chur i bhfeidhm agus le haire a thabhairt do na páistí in imthosca na scoile a bhfuil feabhas mór tagtha orthu. Tá an-tacaíocht faighte ag an scoil ón bpobal i gcoitinne, ó chomhlacht ginearálta na dtuismitheoirí agus ó Chumann na dTuismitheoirí. Is mór ag an mBord Bainistíochta an tacaíocht a fhaigheann sé ó Bhord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí, tacaíocht a bhfuil aird shuntasach tugtha aici ar riachtanais éagsúla na scoile.

 

Is léir go bhfuil an scoil athchóirithe thar a bheith oiriúnach mar láthair oideachais agus leanfar le clár oibre na scoile le Neart is Cur le Chéile.”

 

CRÍOCH

Déan teagmháil le Marion O’Toole ag motoole@kerryetb.ie nó 066 7121488 chun tuilleadh eolais a fháil.

 

 

© 2024 Kerry Education and Training Board./Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí. Registered Charity Number (RCN): 20083243. Web Design Kerry by Egg.
Becoming a Community National School Information Webinar Watch Here Seimineár Gréasáin faoin turas i dtreo Scoil Náisiúnta Phobal Féach anseo
This is default text for notification bar