Press "Enter" to skip to content

Nochtadh Cosanta

Tháinig an tAcht um Nochtadh Cosanta, 2014 i bhfeidhm ar an 15 Iúil 2014. Cuireann an tAcht creat ar fáil inar féidir le hoibrithe a n-imní a chur in iúl maidir le míghníomh ionchasach atá feicthe acu san ionad oibre agus fios acu gur féidir leo feidhm a bhaint as cosaintí suntasacha agus eile má ghearrann a bhfostóir pionós orthu nó más rud é gurb é/í an fostaí a bheidh thíos leis faoi sin a dhéanamh.

Tá polasaí curtha i bhfeidhm ag BOO Chiarraí agus, nuair a chuirtear é sin i gcomhar leis an reachtaíocht, spreagfaidh sin oibrithe chun míghníomh ionchasach a thuairisciú agus fios acu go nglacfar go dáiríre lena n-ábhair imní, go ndéanfar sin a fhiosrú, nuair is cuí, agus go léireofar meas ar a rúndacht.

Nochtadh Cosanta a Dhéanamh

De réir fhorálacha an Achta um Nochtadh Cosanta, 2014, tá Danny Kerins, Ceann na Tacaíochta Corparáide agus Forbortha Caipitil ag Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí mar an t-oifigeach ainmnithe chun nochtaí cosanta a ghlacadh.

Faoi mar atá dlite ar an mBord faoi Alt 22 den Acht um Nochtadh Cosanta 2014, dearbhaíonn BOO Chiarraí nach ndearnadh aon nochtadh cosanta roimh dheireadh na bliana 2018. Dá réir sin, ní raibh gá aon bheart a dhéanamh i ndáil le Nochtadh Cosanta.

Sonraí teagmhála: 066-7193900, nó ar rphost ag corporateaffairs@kerryetb.ie , nó sa phost ag:

Stiúrthóir Tacaíochta & Forbartha na hEagraíochta
BOO Chiarraí
Centrepoint
Bóthar J. J. Mhic Shíthigh
Trá Lí
Co. Chiarraí

© 2019 Kerry Education and Training Board./Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí. Web Design Kerry by Egg.