Press "Enter" to skip to content

Preasráiteas maidir le Dámhachtainí Daltaí/Mic Léinn BOO Chiarraí 18 Eanáir 2019

Bhí searmanas bliantúil Dámhachtainí Daltaí/Mic Léinn BOO Chiarraí ar siúl an Aoine, 18 Eanáir 2019. Is mór-imeacht san fhéilire bliantúil atá i gceist leis seo, tráth a ndéanann BOO Chiarraí ceiliúradh ar a mbíonn bainte amach ag daltaí/mic léinn agus ag foghlaimeoirí ó na hiarBhunscoileanna agus ó ionaid Ógtheagmhála.

Bronnadh seachtó a sé dámhachtain dalta/mac léinn ag an searmanas seo, ar ócáid fíor-speisialta atá ann do na Faighteoirí Dámhachtana, a dTuismitheoirí/Caomhnóirí, Teaghlaigh agus Múinteoirí.  Is eiseamláirí den scoth iad an Lucht Faighte Dámhachtainí dá gcuid scoileanna agus Ionaid.  Bronnadh dámhachtainí ar na daltaí/mic léinn mar gheall ar fheabhas acadúil, rannpháirtíocht i saol na scoile, meantóireacht piara, a raibh bainte amach san Idirbhliain agus ceannasaíocht.   

Ba í Christina Fleming, iar-dhalta/mac léinn ó Choláiste Pobail BOO Chiarraí, Oileán Chiarraí aoichainteoir na hoíche. Chríochnaigh an Dr Christina Fleming, an Ardteistiméireacht i gColáiste Pobail Oileán Chiarraí sa bhliain 2006. Rinne Christina staidéar ar Leigheas in Ollscoil Chorcaí agus bhain sí an 3ú háit sa rang amach le Céadonóracha sa bhliain 2011 agus bronnadh Bonn Pearson agus an John Kelly Clinical Prize uirthi as na marcanna is airde a bhaint amach sa Mháinliacht.  Lean sí le hoiliúint máinliachta trí Choláiste Ríoga na Lianna agus na Máinlianna in Éirinn agus le Dioplóma i Human Factors. Tá Christina ag obair faoi láthair mar Speisialtóir is Cláraitheoir sa Mháinliacht Cholaireicteach in Ospidéal na hOllscoile Luimneach agus tá sí mar Leas-Uachtarán ar an Association of Surgeons in Training for Ireland and the UK.  Tá spéis mhór ag Christina sa taighde ar ailse agus tá duaiseanna náisiúnta agus idirnáisiúnta sa taighde bainte amach aici as a cuid taighde.

Dúirt Colm McEvoy, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin BOO Chiarraí ina réamhrá “Sa bhliain 2018 sheol BOO Chiarraí a Ráiteas Straitéise Oideachais agus Oiliúna nua do 2018-2022 ina leagtar amach na spriocanna straitéiseacha don eagraíocht. Cuimsíonn an tseirbhís dámhachtana seo roinnt mhaith de na gníomhartha a thugann éifeacht phraiticiúil do na Spriocanna Straitéiseacha a ghabhann le Teagasc agus le Foghlaim atá ar Ardchaighdeán, Freagraí Nuálacha i leith Oideachais agus Oiliúint agus d’Fhorbairt Rannpháirtíocht Táirgiúil maidir le Comhpháirtíochtaí agus Geallsealbhóirí. Tá ár mbunluachanna ó thaobh meas, caighdeán, cuimsiú, comhionannas agus foghlaim mar bhonn taca leis an obair inár scoileanna agus inár n-ionad agus muid ag déanamh ár míle dícheall le hoideachas iomlánaíoch a chur ar fáil do na daltaí/mic léinn.”

Luaigh Ann O’Dwyer, Stiúrthóir Scoileanna, an fear é féin, Albert Einstein “ní hionann oideachas agus foghlaim fíricí agus sin amháin, ach oiliúint na hintinne le machnamh a dhéanamh”. Cuimsíonn an Clár JC nua atá á chur i bhfeidhm againn inár scoileanna le ceithre bliana anuas an fhealsúnacht seo, mar go gcuirtear an fócas ar fhoghlaim le foghlaim chomh maith leis an gcumas le machnamh agus feidhmiú go grinn agus go cruthaitheach a fhorbairt. Fáiltímid freisin roimh an bhéim ar dhaltaí/mic linn ó thaobh príomhscileanna ríthábhachtacha a fhorbairt don saol atá rompu ar nós:  mo bhainistiú féin, ag déanamh cumarsáide go maith, ag oibriú i bhfoirne, a bheith cruthaitheach, ag bainistiú teicneolaíocht na faisnéise, scileanna cur i láthair chomh maith le scileanna croíláir, scríbhneoireacht agus matamaitic.” Ghlac Ann buíochas leis na Príomhoidí agus le Foirne na scoileanna atá ag déanamh a ndícheall le bheith ceannródaíoch i gcónaí sa mhatamaitic, in eolaíocht an ghnó, sa teicneolaíocht agus sna healaíona. Mhol sí na daltaí/mic léinn go léir ó Choláiste Pobail Chill Orglan, Coláiste na Sceilge agus Gaelcholáiste Trá Lí a bhí rannpháirteach i dTaispeántas Eolaí Óg agus Teicneolaíocht BT. Thug Ann moladh do Choláiste Pobail Oileán Chiarraí freisin as gradam Tionscadal na Nuálaithe Óga na bliana seo a bhaint amach dá dtionscadal “Making our world a just and fair place”.

Rinneadh tagairt ar leith d’Eimear Ní Dhonnabháin ó Choláiste na Sceilge, do Róisín Ní Churraí agus do Brian MacAmhlaoibh ó Ghaelcholáiste Chiarraí a bhain uasphointí amach san ardteistiméireacht agus ar bronnadh an ‘Best Overall Academic Excellence Awards’ orthu.

Dúirt an Comhairleoir, Jim Finucane, Cathaoirleach Bhord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí go raibh sé ríméadach baint a bheith aige leis an imeacht do Dhámhachtain na nDaltaí/Mic Léinn agus mhol go hard na spéire na daltaí/mic léinn as a raibh bainte amach acu. D’admhaigh seo go dtugann na dámhachtainí seo aitheantas do ghnóthachtáil acadúil chomh maith le rannpháirtíocht fhoriomlán i saol na scoile.

Ghlac BOO Chiarraí buíochas le Oliver Murphy, Uachtarán Institiúid Teicneolaíochta Thrá Lí (IT Thrá Lí) freisin as an searmanas a óstáil agus le Breeda O’Dwyer a labhair leis an lucht féachana.

Má tá aon cheisteanna agat, ná bíodh drogall ar bith ort teagmháil a dhéanamh le motoole@kerryetb.ie

CRÍOCH

© 2024 Kerry Education and Training Board./Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí. Registered Charity Number (RCN): 20083243. Web Design Kerry by Egg.
Becoming a Community National School Information Webinar Watch Here Seimineár Gréasáin faoin turas i dtreo Scoil Náisiúnta Phobal Féach anseo
This is default text for notification bar