Press "Enter" to skip to content

Oifig Iontrála Choláiste Chiarraí Oscailte go hOifigiúla

Kerry College Admissions Office 2

D’oscail Cathaoirleach BOO Chiarraí agus Méara Thrá Lí, an Comhairleoir Jim Finucane, Oifig Iontrála Choláiste Breisoideachais agus Oiliúna Chiarraí (Coláiste Chiarraí) go hoifigiúil Dé Máirt an 3 Márta 2020

Dul chun cinn breise atá san oscailt oifigiúil seo ar bhunú Choláiste Chiarraí, coláiste comhtháite do bhreisoideachas agus oiliúint. Is ar Shráid Deiní atá an Oifig Iontrála lonnaithe agus cuirtear eolas agus cúnamh ar fáil do mhic léinn/foghlaimeoirí, tuismitheoirí/caomhnóirí maidir leis na deiseanna breisoideachais agus oiliúna atá ar fáil ar champais Choláiste Chiarraí ar – Bhóthar na Claise, Sráid Deiní, Móin an Bhaile agus Lios Tuathail.

Bunaíodh Coláiste Chiarraí i Meán Fómhair 2019 agus tugtar an soláthar a bhíodh KCFE, Coláiste Chiarraí Thuaidh agus Ionad Oiliúna BOO Chiarraí a chur ar fáil roimhe seo le chéile sa choláiste. Áitítear ar na cúrsaí atá ar fáil, cúrsaí maidir le fostaíocht, cúrsaí ar dhul chun cinn agus printíseachtaí agus de bharr go bhfuil an bhéim atá ar chúrsaí breisoideachais agus oiliúna mar phríomhearnáil ag dul i méid i cónaí, is tráthúil atá oscailt na hoifige nua seo. Is príomhphointe rochtana an Oifig Iontrála do dhuine ar mhaith leo teacht a bheith acu ar bhreisoideachas agus oiliúint, agus cuireann an oifig eolas ar chúrsaí, ar an bpróiseas iarratais, ar thacaíochtaí ioncaim etc ar fáil. Tá deimhniú ag leibhéal náisiúnta (QQI Leibhéal 5 agus 6) ag na cúrsaí a chuirtear ar fáil.

Seoladh láithreán gréasáin nua Choláiste Chiarraí www.kerrycollege.iele déanaí agus tá forléargas ar Choláiste Chiarraí, ar cheithre champas an choláiste agus ar na cúrsaí a chuirtear fáil air.

Dúirt Príomhfheidhmeannach BOO Chiarraí, an tUasal Colm McEvoy “Le bunú Choláiste Breisoideachais agus Oiliúna Chiarraí tá BOO Chiarraí ag tabhairt éifeacht cheart do chomhtháthú an bhreisoideachais agus oiliúna ag leibhéal áitiúil. Eintiteas aonair is ea Coláiste Chiarraí a bhfuil roinnt láithreacha campas aige a chuireann réimse leathan cúrsaí ar fáil ina bhfuil béim ar chaighdeán an tsoláthair. Cloch mhíle an-suntasach atá in oscailt na hoifige seo agus tá sé tábhachtach d’fhonn Coláiste Chiarraí a bhunú mar an Coláiste céadrogha don bhreisoideachas agus oiliúint ag mic léinn/foghlaimeoirí”.

Dúirt Stiúrthóir Gníomhach Breisoideachais agus Oiliúna, an tUasal Stephen Goulding. “Tá an-áthas ar BOO Chiarraí maidir le hoscailt na hOifige Traenála seo i lár bhaile Thrá lí. Tá súil ag BOO Chiarraí go n-éascóidh an fhorbairt nua seo an líon níos mó daoine atá ag iarraidh staidéar a dhéanamh i gColáiste Chiarraí.

Dúirt an Chathaoirleach agus Méara Thrá Lí, an Comhairleoir Jim Finucane “tá ríméad orm go bhfuil BOO Chiarraí ag oscailt oifig eile ar Shráid Deiní. Is maith an rud é go bhfuil Oifig Iontrála Choláiste Chiarraí suite i lár an bhaile agus is céim chun cinn í seo do Bhaile Thrá Lí agus cuirtear fáilte roimpi. Thug sé moladh do BOO Chiarraí chomh maith as an bhfís atá acu i ndáil leis an oideachas agus oiliúint agus as an tacaíocht a thugann siad d’fhoghlaimeoirí Chiarraí lena chinntiú go bhfuil teacht acu ar bhreisoideachas agus deiseanna oiliúna go háitiúil.

© 2024 Kerry Education and Training Board./Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí. Registered Charity Number (RCN): 20083243. Web Design Kerry by Egg.
Becoming a Community National School Information Webinar Watch Here Seimineár Gréasáin faoin turas i dtreo Scoil Náisiúnta Phobal Féach anseo
This is default text for notification bar