Press "Enter" to skip to content

Ócáid Cheiliúrtha Bhliantúil do bhaill Bhord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí

Ócáid Cheiliúrtha Bhliantúil do bhaill Bhord Oideachais & Oiliúna Chiarraí atá ag dul ar scor

Cúis áthais do Bhord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí (BOO Chiarraí) fáilte a chur roimh dhaoine atá imithe ar scor ó 2020 agus ó 2021 agus buíochas a ghabháil leo as a dtiomantas don eagraíocht ag ócáid cheiliúrtha ar an 16 Meitheamh 2022.

Tá Ócáid Cheiliúrtha bhaill Bhord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí atá ag dul ar scor ar cheann de na himeachtaí is suntasaí sa bhliain.  Tugann an tráthnóna deis don eagraíocht aitheantas a thabhairt don obair iontach a dhein na baill foirne seo do Bhord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí thar na blianta. Rinneadh ceiliúradh ar sheirbhís 33 ball foirne ó gach réimse den eagraíocht ar an 16 Meitheamh 2022.  Bhíodar ann ó na scoileanna, Rannóga na hÓige agus an Cheoil, FET (Breisoideachas agus Oiliúint) agus Tacaíocht agus Forbairt na hEagraíochta agus c. 1,000 bliain de sheirbhís eatarthu tugtha acu don eagraíocht.

Ba é a dúirt an Comh. Jim Finucane, Cathaoirleach Bhord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí ag an ócáid: “Is mór an onóir dúinn go bhféadfadh an oiread sin agaibh freastal ar an ócáid i dteannta bhur muintire, bhur gcairde agus iar-chomhghleacaithe. Tá an-áthas orainn freisin fáilte a chur roimh go leor dár bhfoireann bainistíochta sinsearaí go dtí an ceiliúradh seo.”

Ba é an tráthnóna sin an chéad uair don eagraíocht ócáid mar sin a reáchtáil ó 2019. Ní fhéadfadh éinne a thuar, nuair a reáchtáladh an ócáid cheiliúrtha dheireanach mí na Nollag 2019 dóibhsean a chuaigh ar scor an bhliain sin, cad é a thiocfadh as an dá bhliain amach romhainn. Rinne Stiúrthóir Acmhainní Daonna na heagraíochta, Ms Betty Corkey tagairt ina haitheasc oscailte, dóibh siúd go léir a ndeachaigh COVID-19 i bhfeidhm orthu go pearsanta, go háirithe na teaghlaigh agus na cairde sin a chaill duine muinteartha le linn na paindéime.

Tugadh chun cuimhne Iar-Phríomhoide Choláiste Pobail Chill Orglan, an tUasal Eric Brick, a bhásaigh go brónach ar an 9 Meitheamh 2022.  Dúirt Stiúrthóir na Scoileanna, Ann O’Dwyer: “Ba bhreá an duine é Eric. Comhghleacaí muinteartha, uasal, cineálta ab ea é, agus cuimhnímid go léir air, le meas mór.”

D’fhreastail daoine a chuaigh ar scor agus a dteaghlaigh agus a gcairde ar an ócáid, chomh maith  le baill Bhord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí, an fhoireann bainistíochta sinsearaí (iarbhaill leis) agus baill foirne ó Aonad Tacaíochta Feidhmiúcháin na Ceannoifige.

Gabhadh buíochas leo siúd go léir a bhí páirteach sna socruithe don tráthnóna.

Roinneadh dea-mhéin arís leis an 33 ball foirne ar fad a chuaigh ar scor:

Alice Kavanagh

Annette Lagan

Bernadette Corridan

Bill McConnell

Breda Ferris

Brigid Fitzmaurice

Carmel Kelly

Christy Enright

Donal Dowd

Eileen O’Leary

Emer O’Leary

Ian McGrigor

John Hoare

John Joe Roche

June Cournane

Karen Fitzgerald

Karena Constable

Kieran O’Callaghan

Maeve Tuohy

Margaret O’Sullivan

Margaret Riordan

Marian McElligott

Mary Lucey

Mary Moriarty O’Leary

Mary T. Galvin

Noel Raymond

P.J. Higgins

Paula O’Sullivan

Richard Lawlor

Ronnie Moore

Theresa Deane

Tim Leahy

Tomás Fitzmaurice

© 2024 Kerry Education and Training Board./Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí. Registered Charity Number (RCN): 20083243. Web Design Kerry by Egg.
Becoming a Community National School Information Webinar Watch Here Seimineár Gréasáin faoin turas i dtreo Scoil Náisiúnta Phobal Féach anseo
This is default text for notification bar