Press "Enter" to skip to content

Gradam Forbartha Tallainne agus Scileanna buaite ag Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí ag Gradaim Chumann na Gaoithe

Kerry ETB Irish Wind Energy Awards1

Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí ainmnithe mar bhuaiteoir an Ghradaim Forbartha Tallainne agus Scileanna ag Gradaim Chumann na Gaoithe. Bronnadh an gradam mar aitheantas ar chur chuige nuálach BOO Chiarraí maidir le tallann agus scileanna a fhorbairt san earnáil fuinnimh in‑athnuaite.

Ag labhairt dó faoin ngradam, dúirt Con O’Sullivan, Bainisteoir Champas Mhóin an Bhaile de chuid Choláiste Chiarraí, “Is léiriú é an gradam seo ar dhíograis agus ar thiomantas BOO Chiarraí do chláir oiliúna nuálacha atá ar ardchaighdeán a chur ar fáil. Sampla de seo is ea Printíseacht do Theicneoirí Cothabhála Tuirbíní Gaoithe, agus tá lúcháir orainn go bhfuil aitheantas á thabhairt ar ár gcuid oibre sa réimse seo.”

Tá cúrsaí uasoiliúna á gcur ar fáil ag BOO Chiarraí d’earnáil an Fhuinnimh In‑athnuaite ón mbliain 2015, agus cuireadh tús in 2018 le Printíseachta tiomnaithe a fhorbairt chun tuirbíní gaoithe ar an mórscála a chothabháil mar fhreagairt ar riachtanais an tionscail. Forbraíodh Printíseacht do Theicneoirí Cothabhála Tuirbíní Gaoithe chun freastal ar riachtanais earnála Fuinnimh In‑athnuaite agus Inbhuanaithe na hÉireann atá ag fás. Is printíseacht trí bliana í dóibh siúd atá ag lorg fostaíochta mar theicneoirí cothabhála cáilithe i dtionscal na gaoithe. Déantar an clár a sheachadadh trí bhloic mhalartacha d’oiliúint ionad‑bhunaithe agus oiliúint atá bunaithe san ionad oibre, rud a ligeann don phrintíseach eolas agus scileanna a fhaightear sa suíomh oiliúna a chomhtháthú leis na scileanna sin a fhaightear agus a dhaingnítear san ionad oibre.

Chomh maith leis sin, dúirt Owen O’Donnell, Stiúrthóir Breisoideachais agus Oiliúna BOO Chiarraí, “Is léiriú é rath na Printíseachta do Theicneoirí Cothabhála Tuirbíní Gaoithe ar obair chrua agus tiomantas ár bhfoirne ag BOO Chiarraí, chomh maith le tacaíocht ár gcomhpháirtithe tionscail. Táimid bródúil a bheith ar thús cadhnaíochta i ndáil leis na scileanna agus an t‑eolas a theastaíonn uathu a chur ar fáil d’fhoghlaimeoirí ionas go n‑éireoidh leo san earnáil fuinnimh in‑athnuaite atá ag fás.”

Forbraíodh an phrintíseacht seo i gcomhpháirtíocht le cuibhreannas de phríomhionadaithe tionscail agus Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí ina cháil mar phríomhsholáthraí an oideachais. Dúirt Colm McEvoy, POF BOO Chiarraí, “Ba shuntasach an rud é an phrintíseacht seo a fhorbairt ó thaobh tacaíocht a thabhairt d’earnáil na hinbhuanaitheachta. Tá moladh mór tuillte ag an bhfoireann go léir a bhí páirteach i bhforbairt na printíseachta seo. Tá BOO Chiarraí an‑bhródúil as an éacht iontach an Gradam Forbartha Tallainne agus Scileanna a bhaint amach ag Gradaim Chumann na Gaoithe. Táimid ag tnúth le cláir a fhorbairt agus a leathnú chun tacú le hearnáil na hinbhuanaitheachta.”

 

Dúirt an Comhairleoir Jim Finucane, “Déanann Gradaim Chumann na Gaoithe ceiliúradh ar éachtaí in earnáil fuinnimh gaoithe na hÉireann. Tá áthas an domhain orainn aitheantas a fháil mar cheannródaithe ó thaobh tallann agus scileanna a fhorbairt san earnáil seo. Léiríonn éacht BOO Chiarraí an gradam seo a bhaint amach cé chomh tiomanta is atáimid do dheiseanna oideachais agus oiliúna atá ar ardchaighdeán a chur ar fáil d’fhoghlaimeoirí i gCiarraí agus níos faide i gcéin.”

 

 

© 2024 Kerry Education and Training Board./Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí. Registered Charity Number (RCN): 20083243. Web Design Kerry by Egg.
Becoming a Community National School Information Webinar Watch Here Seimineár Gréasáin faoin turas i dtreo Scoil Náisiúnta Phobal Féach anseo
This is default text for notification bar