Press "Enter" to skip to content

Fáiltíonn Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí roimh an Aire Norma Foley chuig Oscailt Oifigiúil an Chéad Scoil Náisiúnta Phobail Ghaeltachta sa tír

Minister for Eduation Norma Foley TD unveiling the plaque at the opneing of Scoil an Ghleanna Community National School with pupils Colm MacGabhainn, Joshua O Meachair, Jimmy Murphy and Réaltín Ní Chonnchubh, Principal Sorcha Ní Chatháin, Pádraig Ó Donnabháin, Colm McEvoy CEO ETB, Captaen Donncha Ó Síodhacháin, Gerardette Úí Chéillrachair, Pa Daly TD, Anne O’Dwyer Director of Schools ETB, on Friday.

Bhí an-áthas ar Bhord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí (BOO Chiarraí) fáilte a chur roimh Norma Foley TD, an tAire Oideachais, chun Scoil an Ghleanna Scoil Náisiúnta Phobail (SNP) a oscailt go h-oifigiúil Dé hAoine, 28 Deireadh Fómhair 2022.

D’aistrigh Scoil an Ghleanna ó phátrúnacht Chaitliceach go pátrúnacht ilchreidmheach i 2019, agus rinneadh an dara Scoil Náisiúnta Phobail de chuid an Bhord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí. Ba í Scoil an Ghleanna an chéad Scoil Náisiúnta Phobail in Éirinn atá lonaithe sa Ghaeltacht. Chun an ócáid ​ollmhór seo a cheiliúradh, tháinig foireann na scoile, tuismitheoirí, ionadaithe pobail, baill ó Bhord an Bhord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí agus Comhairleoirí áitiúla, le daltaí Scoil an Ghleanna le haghaidh an searmanas Oscailte Oifigiúil.

Ba í Norma Foley TD, an tAire Oideachais, a rinne an oscailt oifigiúil agus thug sí aitheasc don imeacht. Dúirt an tAire Foley: “Tá lúcháir orm an ócáid ​​stairiúil seo d’Oscailt Oifigiúil Scoil an Ghleanna Scoil Náisiúnta Phobail a cheiliúradh, mar an chéad Scoil Náisiúnta Phobail Ghaeltachta sa tír. Tuigim go maith an traidisiún bródúil agus an tábhacht atá ag an scoil seo sa Ghleann.

“Is cuid lárnach dár gcóras oideachais iad na Scoileanna Náisiúnta Phobail, agus is ábhar misnigh é slua ón bpobal áitiúil a fheiceáil anseo inniu. Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh leis an bPríomhoide Sorcha Ní Chatháin ar an lá iontach seo.”

Chuir príomhoide Scoil an Ghleanna Sorcha Ní Chatháin agus Cathaoirleach an Bhord Bainistíochta agus iarchigire bunscoile Pádraig Ó Donnabháin fáilte roimh chách. Is í Scoil an Ghleanna an t-aon scoil ilchreidmheach sa cheantar a sholáthraíonn rogha oideachais do thuismitheoirí. Is féidir le teaghlaigh leas a bhaint as an bus scoile atá ar fáil sa cheantair.

Dúirt Príomhoide Sorcha Ní Chatháin, “Táimid thar a bheith bródúil as Scoil an Ghleanna – Scoil Náisiúnta Phobail Ghaeltachta faoi phátrúnacht Bhord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí. Is scoil bhríomhar lán d’fhuinneamh í, Scoil an Ghleanna SNP, agus táimid tiomanta don oiliúint is fearr ar fad a sholáthar dár ndaltaí. Tá diongbháilteacht agus tacaíocht thar na bearta léirithe ag pobal na scoile dúinn rud a chinnteoidh todhchaí na scoile agus cúrsaí oideachais sa Ghleann amach anseo. Ní neart go cur le chéile!”

Tá an-tábhacht ag baint le rogha oideachais a sholáthar do thuismitheoirí in Éirinn le blianta anuas de bharr forbairt agus dul chun cinn sa tsochaí. Cé go soláthraíonn gach Scoil Náisiúnta Phobail an curaclam náisiúnta bunscoile, cuireann siad chomh maith Curaclam a bPátrúin féin ‘Ar Mhaithe Liomsa, Ar Mhaithe Leatsa’ ar fáil. Is clár ilchreidimh agus luachanna é ‘Ar Mhaithe Liomsa, Ar Mhaithe Leatsa’. Cuirtear ar chumas na leanaí teacht ar oideachas féiniúlachta, ar oideachas luachanna, ar fhealsúnacht agus ar oideachas reiligiúnach ilchreidmheach.

Dúirt Cathaoirleach an Bhord Bainistíochta Pádraig Ó Donnabháin, “Ócáid stairiúil is ea í seo go bhfuil Scoil an Ghleanna luaite mar Scoil Náisiúnta Phobail le Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí mar phátrún. Seo í an chéad scoil sa Ghaeltacht inar deineadh aistriú pátrúnachta ón deoise go dtí an bord oideachais agus oiliúna. Le spiorad agus tacaíocht an phobail ghníomhaigh sa Ghleann agus sa cheantar máguaird in Uíbh Ráthach, táthar dóchasach go mbeidh forás agus forbairt shuntasach i ndán don scoil sa todhchaí”.

Tháinig daltaí, tuismitheoirí agus ionadaithe ó Bhord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí le chéile, le fís agus todhchaí na scoile a cheiliúradh. Dúirt Ann O’Dywer, Stiúrthóir na Scoileanna, Óige agus Ceoil ag BOO Chiarraí, “Is bunscoil faoi leith í Scoil agus Ghleanna. Is í an t-aon bhunscoil ilchreidmheach stáit i Leithinis Uíbh Ráthaigh. Is é BOO Chiarraí pátrún na scoile agus is í an t-aon Scoil Náisiúnta Phobail (SNP) in Éirinn. Is scoileanna atá freagacht poiblí acu iad na Scoileanna Náisiúnta Phobail, a sholáthraíonn oideachas d’ardchaighdeán ar gach dalta. Soláthraíonn siad comhdheiseanna do gach páiste sna pobail ar a bhfreastalaíonn siad”.

Chuir an Príomhfheidhmeannach Colm McEvoy a bhuíochas in iúl don phobal áitiúil, “Tá forbairt leanúnach ar mhúnlaí na Scoileanna Náisiúnta Phobail i gContae Chiarraí an-tábhachtach do Bhord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí. Ó bunaíodh í in 2019 tá dul chun cinn iontach déanta ag Scoil an Ghleanna Scoil Náisiúnta Phobail. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil go háirithe le Easpag Chiarraí Ray Browne, an tAthair Nicholas Flynn an Riarthóir Deoise, agus an tAthair Patsy Lynch an Sagart Paróiste, as a gcuid oibre agus comhoibriú maidir leis an aistriú pátrúnachta go BOO Chiarraí i 2019. Guímid gach rath ar Scoil an Ghleanna Scoil Náisiúnta Phobail sna blianta amach romhainn agus muid ag tnúth le cur leis na Scoileanna Náisiúnta Phobail ar fud an chontae”.

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

© 2024 Kerry Education and Training Board./Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí. Registered Charity Number (RCN): 20083243. Web Design Kerry by Egg.
Becoming a Community National School Information Webinar Watch Here Seimineár Gréasáin faoin turas i dtreo Scoil Náisiúnta Phobal Féach anseo
This is default text for notification bar