Press "Enter" to skip to content

Fáilte roimh an ngrianghrafadóir cáiliúil Brendan Landy go Coláiste Chiarraí

Ar an 24 Bealtaine 2022, chuir Coláiste Chiarraí fáilte roimh an ngrianghrafadóir clúiteach Brendan Landy. Is as Lios Tuathail ó dhúchas do Brendan agus tá sé ag obair mar ghrianghrafadóir le breis agus 30 bliain.

Tá cáil Brendan mar ghrianghrafadóir den scoth tar éis dul i bhfeidhm ar dhaoine ar fud na cruinne. Bainiseacha is mó a dheineann sé ach is é an cur chuige cruthaitheach atá aige a bhain amach aitheantas dó thairis mar atá ag grianghrafadóirí eile. Tá dearadh álainn, cumadóireacht chruthaitheach ghalánta agus soilsiú cliste ina chuid pictiúirí agus ina theannta sin tá agus stíl dheas mhín iarléiriúcháin iontu .

Ba chúis áthais d’fhoireann Choláiste Chiarraí fáilte a chur roimh Brendan chun labhairt leis na mic léinn ghrianghrafadóireachta. Deis iontach a bhí ann do na mic léinn léargas a fháil ar an gcaoi a dtugann grianghrafadóir proifisiúnta den scoth faoina chuid oibre. Dhein Brendan plé ar gach aon rud a bhain lena cheird: trealamh, socruithe ceamara, soilsiú, comhdhéanamh, agus conas a phróiseálann sé a chuid íomhánna.

Taispeánadh físeán do na mic léinn a thug léargas an-mhaith dóibh ar obair an ghrianghrafadóra lá bainise – léargas nach bhféadfaí a thabhairt sa seomra ranga. Chuir caighdeán na hoibre ag Brendan agus a mhacánta is a bhí sé faoina chuid eolais agus a chuid cleachtas a roinnt, iontas orthu ar fad a bhí i láthair. Bhí na mic leinn ar bís chun cuid de scileanna agus de smaointe Brendan a chur i bhfeidhm ina gcuid oibre fein.

Tá súil agam go gcuirfidh foireann Choláiste Chiarraí fáilte roimh Brendan uair amhain eile an bhliain seo chugainn.

© 2024 Kerry Education and Training Board./Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí. Registered Charity Number (RCN): 20083243. Web Design Kerry by Egg.
Becoming a Community National School Information Webinar Watch Here Seimineár Gréasáin faoin turas i dtreo Scoil Náisiúnta Phobal Féach anseo
This is default text for notification bar