Press "Enter" to skip to content

Cuireadh tugtha do Ghuth an Dalta freastal ar chruinniú de chuid Bhord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí

Grianghraf: Daltaí ó Choláiste na Ríochta i Lios Tuathail agus ó Choláiste Ghleann Lí i dTrá Lí le foireann agus Comhaltaí Boird BOO Chiarraí

Grianghraf: Daltaí ó Choláiste na Ríochta i Lios Tuathail agus ó Choláiste Ghleann Lí i dTrá Lí le foireann agus Comhaltaí Boird BOO Chiarraí

Thug Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí (BOO Chiarraí) cuireadh do dhaltaí ó dhá iar‑bhunscoil dá chuid teacht isteach chun cur i láthair a dhéanamh do Chomhaltaí an Bhoird ag cruinniú na seachtaine seo caite. Rinne na scoláirí ó Choláiste na Ríochta i Lios Tuathail agus ó Choláiste Gleann Lí i dTrá Lí cur i láthair faoin tslí a dtéann an Creat maidir le hÉiteas chun tairbhe dá saol laethúil ar scoil.

 

Dúirt Ayo Alausa, dalta de chuid Choláiste na Ríochta, “Ba dheis iontach é seo labhairt faoi mar a mhúnlaíonn an t‑éiteas ár n‑eispéireas scoile agus mar a chruthaíonn sé timpeallacht agus pobal ina bhfuilimid ar ár suaimhneas.”

 

Is bunscoileanna comhoideachais ilchreidmheacha stáit iad scoileanna BOO Chiarraí a bhfuil na bunluachanna seo – barr feabhais san oideachas, cúram, comhionannas, pobal agus meas – mar bhonn taca leo. Baineann an creat leis na 3 Scoil Náisiúnta Phobail agus na 8 nIar‑bhunscoil i gCiarraí atá faoi phátrúnacht BOO Chiarraí. Dúirt Ann O’Dwyer, Stiúrthóir Scoileanna, Óige agus Ceoil i BOO Chiarraí, “Tugann an t‑éiteas seo ár bpobail scoile go léir le chéile ar fud Chiarraí, agus cinntíonn sé go mbainimid an caighdeán is airde oideachais amach dár ndaltaí go léir i dtimpeallacht uilechuimsitheach.

 

“Aithníonn an creat seo ár gcomhluachanna agus tugann sé aitheantas do na caighdeáin dea‑chleachtais atá inár scoileanna cheana féin. Ligeann sé dúinn freisin machnamh a dhéanamh ar na réimsí a d’fhéadfaí a fheabhsú nó ar chleachtais nua laistigh dár bpobal scoile.”

 

De réir Pat O’Sullivan, Comhordaitheoir Éiteas BOO Chiarraí, “Ba mhór an t‑eispéireas é seo do na daltaí teacht isteach i gCeannoifig Bhord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí agus cur i láthair a dhéanamh d’fhoireann agus do Chomhaltaí an Bhoird. Léirigh na daltaí  tuiscint shoiléir ar an éiteas atá mar bhonn agus mar thaca ag gnáthshaol ár scoileanna, laistigh den seomra ranga agus lasmuigh de chomh maith, agus ar an tionchar a bhíonn aige ar phobal na scoile i gcoitinne.”

 

 

© 2024 Kerry Education and Training Board./Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí. Registered Charity Number (RCN): 20083243. Web Design Kerry by Egg.
Becoming a Community National School Information Webinar Watch Here Seimineár Gréasáin faoin turas i dtreo Scoil Náisiúnta Phobal Féach anseo
This is default text for notification bar