Press "Enter" to skip to content

Tá Taispeántas Sleamhnán Físeáin ‘Windows On Our Lives’ beo anois agus an-tóir ag daoine óga ar fud Chiarraí air

Tionscadal Chomhpháirtíocht Áitiúil Óige Chruthaitheach Chiarraí do Chruinniú na nÓg Dé Sathairn an 13 Meitheamh, an lá náisiúnta cruthaitheachta do dhaoine óga.

Tá sé fógartha ag Comhpháirtíocht Áitiúil Óige Chruthaitheach Chiarraí go bhfuil ‘Windows On Our Lives’ anois ar fáil ar www.kerryetb.ie chomh maith le bheith ar fáil ar Facebook, Twitter agus Instagram via @kerrylcyp agus @kerryetb. Tá cruthaitheacht na n-óg i bhfoirm fuaime, amhráin, na bhfocal agus íomhánna mar chuid den taispeántas sleamhnán físeáin agus cuireann mire mothúchán ar fáil a léiríonn saol na ndaoine óga le linn agus i ndiaidh thréimhse na dianghlasála.

“Is léargas atá sa taispeántas sleamhnán ar na mothúcháin atá tugtha faoi deara ag daoine óga agus ar a gcuid mianta. Is é an t-uaigneas an téama uileghabhálach a thagann chun cinn, go mór mór sna focail agus sna hamhráin a úsáidtear sa phíosa, ach tá ábhar dóchais le brath chomh maith, agus an sólás atá le fáil ón nádúr” a dúirt Ann O’Dwyer, Stiúrthóir na Scoileanna, na hÓige agus an Cheoil i BOO Chiarraí faoin tionscadal. Tá saothar tríocha duine óg mar chuid den taispeántas sleamhnán. Chaith na daoine óga seacht lá ag cur réimse éagsúil de shaothar cruthaitheach ar aghaidh chuig Zoë Uí Fhaoláin Green, an t-ealaíontóir i gceannas ar an tionscnamh. “Tá an t-uallach intinne a bhain leis an gcúpla mí seo atá curtha dhín againn le brath go mór ar an saothar ealaíona, mar aon le machnamh faoin gcineál saoil ar mhaith le daoine óga a bheith acu, ach tá lúcháir, dath agus brí le brath sa phíosa chomh maith. Ba mhór an phribhléid dom é agus bhí an-inspioráid ag baint leis

Tá súil agam go mbaineann na daoine óga a chuir leis an saothar sult as toradh a gcuid oibre a fheiceáil ar an ardán seo, agus airím féin an muintearas a bhí eatarthu”, a dúirt Zoë. Is féidir an taispeántas sleamhnán a fheiceáil ar shráid-dreacha na tíre ar feadh na seachtaine amach romhainn. Beidh sé le feiceáil i bhfuinneoga Shiopa Ceoil Culloty i dTrá Lí, Chogaslann Jeffrey i gCathair Saidhbhín, Ghrá Health Foods i nDaingean Uí Chúis agus McKenna’s i Lios Tuathail. “Táimid thar a bheith buíoch do na siopaí a ghlac páirt sa tionscadal seo linn, tá sé tábhachtach dúinn a chinntiú go bhfeicfidh an oiread daoine agus is féidir an taispeántas sleamhnán. Is i dtús tionscadail atáimid, tionscadal a bheidh á fhorbairt sna míonna amach romhainn. Baineann an téama le cách agus is deis atá ann guth a thabhairt do dhaoine óga mar aon le deis go bhfeicfí iad, deis nach mbíonn ann go minic”, a dúirt Deirdre Enright, Comhordaitheoir Óige Chruthaitheach, BOO Chiarraí. Tapaigh an deis an seó a fheiceáil.

© 2024 Kerry Education and Training Board./Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí. Registered Charity Number (RCN): 20083243. Web Design Kerry by Egg.
Becoming a Community National School Information Webinar Watch Here Seimineár Gréasáin faoin turas i dtreo Scoil Náisiúnta Phobal Féach anseo
This is default text for notification bar