Press "Enter" to skip to content

Comhpháirtíocht Cruthaitheachta don Aos Óg

Tá ríméad ar Bhord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí maoiniú a fhógairt do chlár píolótach do Chomhpháirtíocht Cruthaitheachta don Aos Óg. Tá BOO Chiarraí ar cheann de trí BOO atá le tabhairt faoin gclár píolótach seo do chomhpháirtíochtchruthaitheachta áitiúil atá á mhaoiniú ag an Roinn Oideachais agus Scileanna.

Ag an ócáid fógartha, dúirt an tAire Oideachais agus Scileanna, Joe McHugh TD: “Cuideoidh na comhpháirtíochtaí seo le raon leathan gníomhaíochta a chuir ar fáil do leanaí agus do dhaoine óga sna ceantair seo agus táim dóchasach go n-éireoidh go geal leo. Tá sé tábhachtach go ndéantar forbairt ar scileanna cruthaitheachta agus solúbthachta i leanaí agus i ndaoine óga chun iad a ullmhú don am atá rompu.”

Ag cur leis an méid a bhí ráite ag an Aire Oideachais, dúirt an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Josepha Madigan TD: “mar inneall ríthábhachtach de Chlár Éire Chruthaitheach, feidhmeoidh na comhpháirtíochtaí nua seo mar ghníomhairí athraithe laistigh de na pobail áitiúla, ag aimsiú bealaí nua le dul i mbun oibre agus le tacaíocht a thabhairt d’oideachas cruthaitheachta agus cultúrtha na mílte leanbh agus duine óg.”

Tá BOO Chiarraí in éineacht lena gcomhpháirtí áitiúil, Oifig Ealaíon Chomhairle Chontae Chiarraí tiomanta cur leis na naisc agus leis na hacmhainní atá ann cheana féin idir eagraíochtaí reachtúla, gairmiúla, pobail agus deonacha ionas go ndéanfar forbairt sa chontae ar dheis chruthaitheachta do dhaoine óga atá éifeachtach agus stuama. Oibreoidh siad go dlúth le daoine óga ar fud an iliomad timpeallachta ag cur deiseanna ar fáil ó thaobh a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí cruthaitheachta.   

Díreoidh Creative Kingdom Youth Partnership ar thrí láthair leis na tionscnaimh chruthaitheachta a leathadh amach sa bhliain 2019: Trá Lí, Lios Tuathail, Cathair Saidhbhín agus Leithinis Uíbh Ráthaigh.

Tá tosaíocht tugtha do chúig bhearna don bhliain 2019 a gcuirfear feabhas orthu trí dheiseanna forbartha agus rannpháirtíochta leis na healaíona, oidhreacht, teanga agus tionscail chruthaitheachta.  Tá na bearnaí go léir atá aitheanta bunaithe ar mholtaí láidre ó dhaoine óga mar thoradh ar chomhairliúchán gníomhaireachta i Meán Fómhair na bliana 2018 le Comhairle na nÓg agus le daoine óga ó Leithinis Uíbh Ráthaigh. Áirítear orthu sin, na hamharc-ealaíona, na healaíona liteartha, na healaíona taibhiúcháin (a – amharclann na n-óg, b – damhsa) ceol agus scannáin. Tabharfar aghaidh ar na bearnaí seo le feabhas a chur ar dheiseanna cruthaitheachta leanaí ó na blianta luathfhoghlama ar aghaidh go dtí ógántacht.

Dúirt Colm McEvoy, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin BOO Chiarraí, go raibh sé “thar a bheith sásta leis an bhfógra gur éirigh le BOO Chiarraí ina n-iarratas. Táimid ag tnúth go mór dul i mbun oibre lenár gcomhpháirtithe le leathadh amach rathúil an tionscnaimh seo a chinntiú.”

Dúirt Kate Kennelly, Oifigeach Ealaíon Chomhairle Chontae Chiarraí, “Cuirfidh an maoiniú seo an cumas ar fáil le fócas níos fearr a chur ar chruthaitheacht don aos óg. Oibreoidh Comhairle Chontae Chiarraí go dlúth le Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí le seachadadh a dhéanamh ar chlár píolótach rathúil. Tá an dá ghníomhaireacht tiomanta tacú le cruthaitheacht do dhaoine óga agus le cur le deiseanna ar fud Chiarraí do dhaoine óga le bheith rannpháirteach sa chruthaitheacht.”

© 2024 Kerry Education and Training Board./Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí. Registered Charity Number (RCN): 20083243. Web Design Kerry by Egg.
Becoming a Community National School Information Webinar Watch Here Seimineár Gréasáin faoin turas i dtreo Scoil Náisiúnta Phobal Féach anseo
This is default text for notification bar