Press "Enter" to skip to content

Coláiste Breisoideachais agus Oiliúna nua Chiarraí fógartha

Coláiste Breisoideachais agus Oiliúna nua Chiarraí fógartha

Ón 1 Meán Fómhair ar aghaidh, is coláiste amháin, atá imeasctha go hiomlán, a chuirfidh an breisoideachas agus oiliúint ar fad i gCiarraí ar fáil.  Is é Coláiste Breisoideachais agus Oiliúna Chiarraí an t-ainm nua a bheidh ar KCFE, Coláiste Chiarraí Thuaidh agus Ionad Oiliúna BOO Chiarraí.

 Athainmneofar ionaid BOO Chiarraí atá i Móin an Bhaile, An Chlais agus Sráid Deiní i dTrá Lí agus ar Shráid an Teampaill, Lios Tuathail ina láithreacha campais.

Cuirfidh Coláiste Breisoideachais agus Oiliúna Chiarraí breis agus 180 clár breisoideachais agus oiliúna ar fáil i dtrí réimse nua atá leagtha amach: cúrsaí fostaíochta, cúrsaí le dul ar aghaidh go dtí oideachas breise nó go dtí cúrsaí ardoideachais agus printíseachtaí. Tá na cúrsaí seo ailínithe le Leibhéal 5 agus Leibhéal 6 ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí.

Dúirt Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Bhord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí, an tUasal Colm McEvoy, “is í an chúis is mó a ndearnadh an t-aistriú chuig eintiteas aonair ná chun branda Breisoideachais agus Oiliúna a chruthú don Chontae atá níos éasca a aithint agus a aithnítear mar bhealach iontach oideachais agus oiliúna d’fhoghlaimeoirí, daltaí, tuismitheoirí, treoirchomhairleoirí scoile, fostóirí agus an pobal níos leithne”.

Féadfaidh foghlaimeoirí/mic léinn ionchasacha cúrsa Breisoideachais agus Oiliúna atá roghnaithe acu a dhéanamh i gceann de na cheithre champas atá ar fáil faoi láthair i dTrá Lí agus Lios Tuathail. Athainmneofar na hionaid atá ag BOO Chiarraí i Móin an Bhaile, An Chlais agus Sráid Deiní i dTrá Lí agus ar Shráid an Teampaill i Lios Tuathail ina láithreacha campais ón 1 Meán Fómhair 2019.

Gné lárnach den dul chun cinn seo is ea aonad nua margaíochta, fógraíochta agus earcaíochta i dTrá Lí a bheith oscailte. San oifig seo, déanfar fógraíocht agus margaíocht ar chláir Bhreisoideachais agus Oiliúna lánaimseartha atá le cur ar fáil do Choláiste Breisoideachais agus Oiliúna Chiarraí a bhainistiú, agus ó fhómhar 2019 ar aghaidh déanfar iarratais, iontrálacha etc. a phróiseáil go lárnach san oifig. Seolfar láithreán gréasáin nua i Meán Fómhair 2019 do Choláiste Breisoideachais agus Oiliúna Chiarraí chun pointe tagartha aonair a chur ar fáil maidir le cláir Bhreisoideachais agus Oiliúna lánaimseartha ar fud Chontae Chiarraí.

Maidir le hiarrthóirí reatha ar KCFE, Coláiste Chiarraí Thuaidh nó Ionad Oiliúna BOO Chiarraí atá chun tús a chur le cúrsaí oideachais agus oiliúna i Meán Fómhair 2019, níl aon rud athraithe seachas go bhfuil ainm nua orainn. Ba chóir gach ceist maidir le rollú agus cúrsaí a chur chuig an gcampas ábhartha – Campas  Mhóin an Bhaile (066) 7149600  – Campas na Claise (066) 7121 741 agus Campas Lios Tuathail (068) 21023 nó ar na láithreáin gréasáin nó cainéil shóisialta atá acu.

CRÍOCH

© 2024 Kerry Education and Training Board./Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí. Registered Charity Number (RCN): 20083243. Web Design Kerry by Egg.
Becoming a Community National School Information Webinar Watch Here Seimineár Gréasáin faoin turas i dtreo Scoil Náisiúnta Phobal Féach anseo
This is default text for notification bar