Press "Enter" to skip to content

Cead faighte ag Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí le haghaidh Champas Chill Airne

Grianghraif: Dominic Walsh
Grianghraif: Dominic Walsh

Cuireann Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí (BOO Chiarraí) fáilte roimh fhógra an Aire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta, Simon Harris TD, inniu ag tabhairt cead do BOO Chiarraí dul ar aghaidh chuig an gcéad chéim eile maidir le Campas Choláiste na Todhchaí a fhorbairt i gCill Airne.

 

Ar an 14 Feabhra 2022, d’fhógair an tAire clár caipitiúil nua ar fiú €430 milliún é don earnáil breisoideachais agus ardoideachais. Agus é ag freagairt do ghlao ar aighneachtaí, d’ullmhaigh agus sheol BOO Chiarraí Tuarascáil Measúnaithe Straitéisigh chun Campas Chill Airne de Choláiste Chiarraí a bhunú. Tá sé ina uaillmhian ag BOO Chiarraí le fada an lá Campas Breisoideachais agus Oiliúna a fhorbairt i gCill Airne.

 

Nuair a bheidh an campas atá beartaithe curtha i gcrích, beidh Ionad Oiliúna Náisiúnta Bairr Feabhais um Fháilteachais, Ionad Náisiúnta Oiliúna Bairr Feabhais um Fhuinneamh In‑athnuaite agus Fuinneamh Glas Inbhuanaithe, Ionad Oiliúna Réigiúnach Barr Feabhais do Phrintíseachtaí agus Ionad Réigiúnach Barr Feabhais don Fhoghlaim ar Feadh an tsaoil ann, agus beidh deiseanna oiliúna á gcur ar fáil do bhreis agus 3,000 foghlaimeoir in aghaidh na bliana.

 

Mar chuid den togra tionscadail seo, déanfar athchóiriú ar na foirgnimh atá ann cheana féin i seanmhonarchana Sara Lee agus Pretty Polly i gCill Airne.  Tá an suíomh thart ar 2 heicteár (4.94 acra) agus tá lorg an fhoirgnimh atá ann cheana féin thart ar 11,000 méadar cearnach. Is foirgneamh monarchan aon stóir é a tógadh ag deireadh na 1960idí agus tháinig deireadh le táirgiúlacht ann i 2009.

 

Ag labhairt dó inniu, dúirt an tAire Harris: “Is iontach an lá é seo do Chiarraí. Tá Cill Airne roghnaithe mar cheann de na 10 n‑ionad atá ceadaithe leanúint ar aghaidh agus Coláiste Breisoideachais na Todhchaí a fhorbairt.

 

“Tacóidh Ciste Mórthionscadail Choláiste na Todhchaí leis an bhfís atá leagtha amach sa Straitéis Breisoideachais a chur i bhfeidhm. Tá sé d’acmhainn ag an gCiste seo, agus ag an bhforbairt atá beartaithe i gCill Airne, raon cuspóirí straitéiseacha a bhaint amach, lena n‑áirítear fás eacnamaíoch agus forbairt shóisialta a chur chun cinn, áiseanna teagaisc agus foghlama digiteacha a sholáthar, na cúrsaí a chuirtear ar fáil a leathnú, agus ionaid barr feabhais a chruthú. Tá sé go hiontach ar fad go rachaidh togra Chill Airne ar aghaidh anois chuig cás gnó.

 

Agus fáilte á cur aige roimh an bhfógra seo, dúirt an Comhairleoir Jim Finucane, Cathaoirleach BOO Chiarraí “Is iontach an lá é seo do BOO Chiarraí. Ag cruinniú Boird ar an 26 Deireadh Fómhair 2021, thug Bord BOO Chiarraí cead d’fheidhmeannas an BOO an togra ardleibhéil maidir le Campas Choláiste Chiarraí a fhorbairt i gCill Airne a chur i gcrích. Ag éirí as na fógraí le déanaí maidir le maoiniú suntasach d’oibreacha forbartha Campas Breisoideachais agus Oiliúna i dTrá Lí agus i Lios Tuathail, ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Aire Harris as a thacaíocht leanúnach do bhreisoideachas agus oiliúint i gCiarraí. Tacaíonn an fógra seo le hobair BOO Chiarraí chun a chinntiú go bhfuil rochtain ag foghlaimeoirí i gCiarraí ar dheiseanna breisoideachais agus oiliúna go háitiúil agus ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an POF, Stiúrthóir Breisoideachais agus Oiliúna agus leis an bhfoireann go léir as an togra seo a chur chun cinn chomh fada leis an gcéim seo”.

 

Tá an suíomh suite díreach in aice le Príomhbhóthar Náisiúnta an N22, rud a chinntíonn go mbeidh rochtain éasca air ó na bóithre móra ar fad timpeall ar Chill Airne. Beidh go leor áiseanna páirceála ar fáil ar an láthair atá níos lú ná 2 chiliméadar ó lár bhaile Chill Airne agus ón stáisiúin Bus/Iarnróid.

 

Dúirt Príomhfheidhmeannach BOO Chiarraí, Colm McEvoy, “Cuirimid fáilte roimh fhógra an lae inniu ón Aire Harris TD tar éis an mheasúnaithe a ndearnadh ar ár dTuarascáil Measúnaithe Straitéisí don togra seo. Tá ríméad ar BOO Chiarraí cead a fháil dul ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile den phróiseas seo agus cás gnó foirmiúil a fhorbairt. Táimid dírithe ar an tionscadal seo a thabhairt chun críche agus cuirfear tús láithreach leis an obair chun an cás gnó a fhorbairt. Nuair a bheidh an campas nua seo i gCill Airne ar an bhfód, campas atá ailínithe go hiomlán le tiomantas na n‑eagraíochtaí chun tacú le foghlaim ar feadh an tsaoil, beidh sé ina champas bairr feabhais réigiúnach agus náisiúnta um Breisoideachas agus Oiliúint a rachaidh chun tairbhe na mílte foghlaimeoirí agus a thacóidh le forbairt áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta agus le SOLAS as a dtacaíocht leanúnach dár bhfís do thodhchaí an bhreisoideachais agus na hoiliúna ar fud Chontae Chiarraí.”

I measc na gcúrsaí a bheidh ar fáil sa champas forbartha beidh cúrsaí amhail na hEalaíona Cócaireachta, Bainistíocht agus Oibríochtaí Fáilteachais, Scileanna Beár, Scileanna Barista, Iarfheistiú Tí Éighníomhach, Suiteáil Méadair Chliste, Deisiú Lann Tuirbín Gaoithe, Cothabháil Mótarfheithiclí Leictreacha, Suiteáil Snáthoptaice, Táthú, Printíseachtaí éagsúla, Cúrsaí Réamhphrintíseachta, Forbairt Bogearraí agus réimse iomlán de chúrsaí oíche/páirtaimseartha.

 

Tá an Stiúrthóir Breisoideachais agus Oiliúna, Owen O’Donnell ag súil go mór leis an togra seo a chur chun cinn agus dúirt sé, “Ó bunaíodh Coláiste Chiarraí in 2019, tá go leor oibre curtha chun cinn chun ár soláthar Breisoideachais agus Oiliúna a ailíniú le samhail Choláiste Breisoideachais agus Oiliúna na Todhchaí. Is mórionad uirbeach sa chontae é Cill Airne agus tá sé ina chuspóir ag BOO Chiarraí le blianta fada anois Campas Breisoideachais agus Oiliúna a fhorbairt i gCill Airne. Agus béim níos mó á cur go náisiúnta ar luach agus ar thábhacht na bprintíseach chun tacú le forbairt gheilleagrach leanúnach, tabharfaidh an campas nua seo deis iontach don BOO ár soláthar reatha a leathnú agus printíseachtaí nua agus tuilleadh deiseanna breisoideachais a fhorbairt d’fhoghlaimeoirí”.

 

 

 

© 2024 Kerry Education and Training Board./Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí. Registered Charity Number (RCN): 20083243. Web Design Kerry by Egg.
Becoming a Community National School Information Webinar Watch Here Seimineár Gréasáin faoin turas i dtreo Scoil Náisiúnta Phobal Féach anseo
This is default text for notification bar