Press "Enter" to skip to content

Scileanna do Shaol na hOibre

work

Tionscnamh oideachais agus oiliúna páirtaimseartha atá i gceist leis an gClár Scileanna do Shaol na hOibre. Tá sé dírithe ar dhaoine atá fostaithe ach a bhféadfadh gur fhág siad an scoil roimh cheann cúrsa nó nach bhfuil a gcuid scileanna oiriúnach do shaol oibre na linne seo. Tá d’aidhm leis an tionscadal feabhas a chur ar scileanna agus ar a mbeadh i ndán do dhaoine ina ré gairme agus dul chun cinn oideachais oibrithe fásta a chothú a dtarlódh gur leibhéal íseal den oideachas foirmeálta atá acu. Féachtar chomh maith le tuiscint ar an bhfiúntas atá le foghlaim feadh saoil ag an duine fásta a chur chun cinn.

 

Sonraí faoin gcúrsa:

Cothaigh breis muiníne ag an obair

Is clár é seo atá saor ó tháille ag fostóirí agus ag fostaithe

Is féidir cúrsaí a chóiriú ionas go n-oireann siad do riachtanais an ionaid oibre

22 uair a chloig teagaisc, in imeacht roinnt seachtainí, ag am atá oiriúnach don uile dhuine.

 

Roinnt de na cúrsaí atá ar fáil:

  • Béarla
  • Ríomhairí
  • Cúram don Chustaiméir
  • Scileanna Cumarsáide
  • Tionscal an Bhia
  • Forbairt Phearsanta
  • Feirmeoireacht – ar líne

 

Más mian leat cur isteach ar cheann ar bith de na cúrsaí thuasluaite, is féidir labhairt leis an Eagraí áitiúil maidir le Litearthacht do Dhaoine Fásta nó logáil isteach ar https://www.fetchcourses.ie/

© 2024 Kerry Education and Training Board./Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí. Registered Charity Number (RCN): 20083243. Web Design Kerry by Egg.
Becoming a Community National School Information Webinar Watch Here Seimineár Gréasáin faoin turas i dtreo Scoil Náisiúnta Phobal Féach anseo
This is default text for notification bar