Press "Enter" to skip to content

BOO Chiarraí | Ag tógaint todhchaí an Oideachais agus Oiliúnt i gCiarraí


Kerry-ETB-Strategy

Sheol an Bord Oideachas agus Oiliúna Chiarraí (BOO Chiarraí) Ráiteas Straitéise 2023-2027 agus a bhranda nua le linn ocáid spéisialta in Ionad Breisoideachas agus Oiliúna, Tech Amergin, sa gCoireán ar an 22ú Meitheamh 2023. Leagann an stráitéis amach bealaí forbarthacha na heagraíochta don chéad cúig bhliain eile, agus iad ag iarraidh stádas BOO Chiarraí mar ceannaire soláthraithe oideachais agus oiliúna, atá dírithe ar an caighdeán is airde thaithí foghlaimthe a thabhairt do foghlaimeoirí ar fud an chontae, a láidriú.

Cuimsíonnan Ráiteas Stráitéise 2023-2027 cúig phríomhchuspóirí leis an aidhm chun eispéireas an foghlaimeoir a feabhsú, aontacht eagraíochta a neartú agus barr feabhas a bhaint amach i réimse seachadadh oideachais agus oiliúnt. Beidh monatóireacht agus athbhreithniú á dhéanamh ar an stráitéis, chun cinntiú go bhfuil dul chun cinn á thaifead agus go bhfuil sé ar aonchéim le gealltanais BOO Chiarraí chun deiseanna oideachais agus oiliúna ar fud an chontae a mhéadú.

 

Ag labhairt ag na hócáide, chuir Cathaoirleach Bord BOO Chiarraí, Jim Finucane, béim ar tábhacht an straitéis nua: “Leagann an straitéis nua amach cúig aidhmeanna stráitéiseacha uaillmhianacha agus spriocanna don chúig bhliain le teacht chun BOO Chiarraí a bhunú mar ceannaire i sholáthrú oideachas agus oiliúna sa chontae. Is iomaí deiseanna chun láidriú, leathnú agus forbairt a dhéanamh ar infrastructúr oideachas agus oiliúna i Co. Chiarraí a thugann an stráitéis seo.

 

Is ócáid chinniúnach é lainseáil an Raiteas Stráitéise 2023-2027 agus aitheantas branda nua BOO Chiarraí mar go gcuireann sé le deich mbliana d’fhás, forbairt agus athrú.

 

I dteannta foireann BOO Chiarraí agus aíonna speisialta ag an lainseáil bhí an dalta is óige i Scoil Náisiúnta Phobail agus an foghlaimeoir breisoideachas is sine. Taispeánann an bhearna d’91 bliain idir a gcuid aoiseanna cé chomh forleathan is atá soláthairí an BOO.

 

Labhair Colm Mac Giolla Bhuí, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin BOO Chiarraí, faoi dul chun chinn na heagraíochta le deich mbliain anuas agus na dréimeanna atá acu don todhchaí, “Óna bunaíodh BOO Chiarraí i 2013, tá dul chun chinn maith á dhéanamh againn i leith na heagraíochta a fhorbairt chun seirbhísí oideachais agus oiliuna a chuir ar fáil ar fud an chontae. Ónár dtús i 2013, tá an-chuid athraithe tagtha orainn mar eagraíocht agus táimid ag cóiriú agus ag athrú go maith i dtimpealleacht síorathruithe. Leis an stráitéis nua seo, táimid dírithe ar forbairt leanúnach, dul i méid agus mionleasú d’ár gcuid seirbhísí oideachais agus oiliúna chun riachtanais ár bhfoghlaimeoirí a shásamh agus sochaí d’fhoglaim fadtéarmach, ar feadh an tsaoil, a chothú i gCo. Chiarraí. Táimid ag tnúth leis an stráitéis a chuir i bhfeidhm thar an chéad cúig bhliain eile le béim á chur againn ar barr feabhas a schroicheadh i ngach gné dár sheirbhísí.”

 

Is bun-soláthraí Oideachas agus Oiliúna i gCo. Chiarraí iad BOO Chiarraí, le breis ‘is 1260 baill foirne fostaithe acu (c. 670 páirtaimseartha agus c.590 lánaimseartha), le c. 3100 daltaí lánaimseartha agus c. 14,000 daoine ag baint úsáid as seirbhísí breisoideachas agus oiliúna i 2022, printíseachtaí san áireamh. I measc na seirbhísí a cuireann an eagraíocht ar fáil, tá trí Scoil Náisiúnta Phobail, ocht Iar-bhunscoileanna, comhordú agus riaracháin d’sheirbhísí na n-óg, Oideachas Cheoil, agus seirbíshí cuimsitheach breisoideachas agus oiliúna, Coláiste Chiarraí ina measc. Tá tacaíocht corparáideach tugtha do na seirbhsí leathan seo roinn Achmainní Daonna, Airgeadais, Caipiteal agus Teicneolaíocht.

 

Le tuilleadh eolais a fháil faoin mBOO Chiarraí agus an stráitéis nua, téigh chuig www.kerryetb.ie.

© 2024 Kerry Education and Training Board./Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí. Registered Charity Number (RCN): 20083243. Web Design Kerry by Egg.
Becoming a Community National School Information Webinar Watch Here Seimineár Gréasáin faoin turas i dtreo Scoil Náisiúnta Phobal Féach anseo
This is default text for notification bar