Press "Enter" to skip to content

An tAire Oideachais, Norma Foley, TD, ag casadh an fhóid le haghaidh foirgneamh nua scoile do Ghaelcholáiste Chiarraí

Bhí lúcháir ar Bhord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí (BOO Chiarraí) agus Gaelcholáiste Chiarraí fáilte a chur roimh an Aire Oideachais, Norma Foley, TD, chun an fód a chasadh don obair thógála ar an bhfoirgneamh nua scoile do Ghaelcholáiste Chiarraí ar an 14 Bealtaine, 2021. 75,000 troigh cearnach a bheidh san fhoirgneamh nua ina mbeidh slí ann do 600 dalta agus a chuirfidh ar chumas an Ghaelcholáiste freastal ar líon na ndaltaí atá ag méadú i gcónaí, rud a d’fhág go raibh gá le dhá champas dóibh ó 2016.

Tá maoiniú thart ar €16m curtha ar leataobh don togra seo faoi Project Ireland 2040.

Tógfar campas nua Ghaelcholáiste Chiarraí ar láthair 6.5 acra i gCluain Mhór i dTrá Lí, curtha ar fáil ag Comhairle Contae Chiarraí.

Dúirt an tAire Oideachais Norma Foley TD: “Fáiltím roimh an deis freastal ar chasadh an fhóid ar an obair uaillmhianach seo do Ghaelcholáiste Chiarraí agus an scaradh sóisialta i bhfeidhm againn anseo. Tá infheistíocht shuntasach thart ar €16 milliún á déanamh san fhoirgneamh seo agus san áireamh ansin beidh 22 seomra ranga ginearálta, 4 shaotharlann, Leabharlann agus seomraí sainiúla don Ealaín, Grafaic Theicniúil, Teicneolaíocht Ábhar Adhmaid, Ceol, Eacnamaíocht Bhaile agus Ríomhaireacht.

“75,000 troigh cearnach a bheidh san fhoirgneamh ina mbeidh slí do 600 dalta, agus ar an gcampas beidh Halla Spóirt, Spórtlann, spásanna imeartha cruadhromchlaithe agus tá sé i gceist freisin go mbeadh Falla Iománaíochta agus gort caide ann. Ba mhaith liom tréaslú le BOO Chiarraí agus Comhairle Contae Chiarraí as a ndúthracht agus a n-iarrachtaí i leith an togra seo agus as féachaint chuige go leanfaidh an institiúid bhreá seo ag saibhriú, ag cumasú agus ag spreagadh daltaí as Gaeilge i gCiarraí, ar feadh blianta fada le teacht.”

Mhaígh Ann O’Dwyer, Stiúrthóir Scoileanna, Óige agus Ceol i mBOO Chiarraí, “Tá pobal scoile Ghaelcholáiste Chiarraí ar bís na laethanta seo. Tá spás do 600 dalta san fhoirgneamh den scoth seo agus cuirfidh an foirgneamh seo leis an ardchaighdeán múineadh agus foghlama atá ann faoi láthair agus tabharfaidh sé fáil do dhaltaí ar churaclam níos leithne agus ar níos mó deiseanna oideachais.”

 

Tá méadú suntasach tagtha ar líon na n-iontrálacha chuig Gaelcholáiste Chiarraí le tamall de bhlianta anuas. Léiríonn an méadú seo an spéis sa Ghaeloideachas go náisiúnta ag an mbunleibhéal agus ag an iarbhunleibhéal. Aithníonn daltaí agus tuismitheoirí na buntáistí móra atá ag an oideachas lán-Ghaeilge do ghnóthú agus dul chun cinn daltaí. Cé go dtagann formhór na ndaltaí a fhreastalaíonn ar Ghaelcholáiste Chiarraí ó na Gaelscoileanna i dTrá Lí, Oileán Ciarraí, Lios Tuathail agus Cill Airne, feictear le cúpla bliain anuas méadú ag teacht ar an líon daltaí ó bhunscoileanna lán-Bhéarla suas go dtí beagnach 40% den iontráil iomlán. Nuair a osclófar an foirgneamh agus an campas nua beidh deis eile ann freastal ar an éileamh breise seo.

 

Dúirt Ruairí Ó Cinnéide, príomhoide, Gaelcholáiste Chiarraí,Faoi láthair, tá daltaí ó suas le 40 bunscoil difriúil ag freastal ar Ghaelcholáiste Chiarraí. Tá sé an-tábhachtach dúinn go dtuigeann daltaí ó gach bunscoil go bhfuil sé ar a gcumas freastal ar Ghaelcholáiste Chiarraí don iarbhunscolaíocht. Uaireanta bíonn daltaí agus a dtuismitheoirí imníoch faoi aistriú chuig timpeallacht foghlama lán-Ghaeilge mar go gceapann siad nach bhfuil a gcumas i labhairt agus i scríobh na Gaeilge maith go leor. Mholfainn dóibh go láidir teagmháil a dhéanamh linn chun é sin a phlé mar bíonn formhór mhór na ndaltaí ábalta go maith an t-aistriú sin a láimhseáil.”

 

“Tá 22 seomra ranga ginearálta san fhoirgneamh nua chomh maith le seomraí sainiúla don Ealaín, Innealtóireacht, Teicneolaíocht, Teicneolaíocht an Adhmaid, Eacnamaíocht Bhaile, Ceol, Eolaíocht agus Ríomheolaíocht. Áiseanna eile ar an láthair ná ceaintín, spásanna fóillíochta do na daltaí, halla spóirt, spórtlann, agus spásanna imeartha cruadhromchlaithe chomh maith le páirc astroturf agus falla iománaíochta a fhorbrófar go luath tar éis don fhoirgneamh a bheith oscailte.”

 

Déanann Conall Ó Cruadhlaoich, príomhoide tánaisteach i nGaelcholáiste Chiarraí cur síos ar na buntáistí a bheidh leis an bhfoirgneamh nua,Tá pobal scoile Ghaelcholáiste Chiarraí agus pobal na Gaeilge go ginearálta i dTrá Lí agus sa cheantar máguaird ag feitheamh go foighneach le tamall de bhlianta leis an bhforbairt fíor-thábhachtach seo. Is cinnte go mbeidh breis acmhainní againn anois toisc an foirgneamh a bheith chomh fairsing agus cuirfidh sé sin breis deiseanna ar fáil dár bhfoghlaimeoirí agus dár múinteoirí cur leis an ardchaighdeán oideachais atá ann cheana féin i nGaelcholáiste Chiarraí. Inár sochaí nua-aimseartha, tá gá le daoine atá eolach ar an teicneolaíocht, atá in ann smaoineamh go criticiúil agus atá in ann fadhbanna a réiteach. Léireofar na luachanna sin san fhoirgneamh nua, áit a mbeidh an teicneolaíocht is fearr ann, rogha ábhar níos leithne, agus an spás le bheith ag machnamh, ag glacadh páirte, ag fás agus ag bláthú.

 

“I gcaitheamh na mblianta, tá éachtaí bainte amach ag daltaí sa cheol agus drámaíocht, comórtas Eolaí Óg BT, cláir Fiontair agus Fiontraithe chomh maith le héachtaí éagsúla spóirt. Tá traidisiún láidir ann de bheith ag glacadh páirte i réimse leathan imeachtaí agus comórtais.  Tá na daltaí ag súil go mór le hoscailt an fhoirgnimh nua.”

 

Dúirt Sinéad Ní Mhurchú, dalta Ardteiste i nGaelcholáiste Chiarraí atá freisin ina ball de Chomhairle na Mac Léinn,Tá na pleananna feicthe againn agus féachann sé go hiontach ar fad. An halla ollmhór le spórtlann ag féachaint anuas air, an leabharlann atá stór go leith ar airde, na seomraí sainiúla agus an spás ar fad! Ar an drochuair, ní bheidh mé féin ná mo chairde in ann leas a bhaint as ach tá sé go hiontach do na daltaí ar fad atá ag teacht isteach agus beidh cad é deiseanna acu clubanna am lóin agus grúpaí spóirt a bhunú. Tuairim iontach atá ann an cosán 1km ‘Slí na Sláinte’ a bheith ag lúbadh timpeall fearann na scoile chun go bhféadfaidh daltaí aer úr a fháil agus am saor dóibh fhéin!”

 

Bunaíodh an scoil in 1989 tar éis feachtas a rinne tuismitheoirí na ndaltaí a bhí ag freastal ar Ghaelscoil Mhic Easmainn agus tá an scoil tar éis ról suntasach a bheith aici i gcur chun cinn na Gaeilge i dTrá Lí. Cuirfidh an campas nua ar chumas na scoile leanúint ar aghaidh ag tabhairt an chúnaimh sin don teanga. Tá baile Thrá Lí ainmnithe anois mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta do cheantair Ghaeltachta Chiarraí, agus beidh ról ag muintir an bhaile i seirbhísí poiblí agus áiseanna fóillíochta, sóisialta agus gnó a chur ar fáil do na ceantair Ghaeltachta sin.

 

Mar go bhfuil teanga ar cheann de na heilimintí is tábhachtaí de chultúr ar bith, beidh ról lárnach ag campas nua Ghaelcholáiste Chiarraí i gcaomhnú agus i dtreisiú na traidisiúin agus an cultúr Gaelach láidir atá anseo cheana féin i dTrá Lí agus sa cheantar máguaird.

 

Chuir an tUasal Colm McEvoy, príomhoifigeach feidhmiúcháin BOO Chiarraí, fáilte roimh an gcinneadh a cheadaigh an obair ar an togra tábhachtach seo mar go gcuirfidh sé ar chumas Ghaelcholáiste Chiarraí freastal ar na hiontrálacha breise nuair a bheidh sé curtha i gcrích. “Tá an-áthas orm gur dheimhnigh an Roinn Oideachais cé chomh riachtanach is atá sé an áis iarbhunscolaíochta seo a chur ar fáil. Nuair a bheidh an foirgneamh nua seo tógtha beidh sé ar chumas Bhainistíocht na scoile freastal ar an méadú sa líon daltaí ar mian leo iarbhunscolaíocht a bhaint amach as Gaeilge i dTrá Lí agus sa cheantar máguaird. Timpeallacht foghlama den chineál is nua-aimseartha a bheidh ann do dhaltaí agus don fhoireann nuair a bheidh an foirgneamh scoile seo tógtha. Táimid an-bhuíoch as an tacaíocht atá faighte againn ón bPobal Áitiúil agus ó Chomhairle Contae Chiarraí agus sinn ag cur an togra seo chun cinn. Táimid ag fad ag súil leis an bhfoirgneamh nua scoile seo a bheith tugtha chun críche.

Anois go bhfuil an togra seo ag brú ar aghaidh, tabharfaidh sé uchtach do dhaltaí atá ag freastal ar an gceithre Ghaelscoil agus ar na bunscoileanna eile i dTrá Lí agus i gceantar Chiarraí Thuaidh go forleathan ar mian leo a gcuid oideachais iarbhunscolaíochta a bhaint amach as Gaeilge. Beidh 25 seomra ranga ginearálta san fhoirgneamh nua, seomraí eile sainiúla, leabharlann, soláthar ilmheán, ceaintín agus spásanna le hithe iontu, halla spóirt agus an spás amharclannaíochta sa chultúrlann.”

Mhaígh an Comhairleoir Jim Finucane, Cathaoirleach Bhord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí: Fáiltímid go mór roimh an tosú seo ar an obair thógála ar an bhfoirgneamh nua do Ghaelcholáiste Chiarraí agus is togra an-dearfach atá ann do Thrá Lí agus an ceantar máguaird. Is iad an fhoireann tógála de chuid na Ceannoifige atá i bhfeighil ar an tionscnamh seo agus tá sé á chur ar fáil trí chóras maoinithe na dtionscadal deabhlóidithe. Tá an phleanáil agus an t-ullmhúchán don togra seo ar siúl le blianta agus táim thar a bheith sásta toradh na hoibre sin a fheiceáil inniu. Dul chun cinn suntastach ab ea an láthair á chur ar fáil ag Comhairle Contae Chiarraí chomh maith leis an dea-obair a rinne an bhainistíocht agus an fhoireann deartha i mBOO Chiarraí agus iad ag brú an togra ar aghaidh tríd na gcéimeanna éagsúla leis an Roinn ó thaobh dearadh agus ceadú de.  Faoi mar atá le haon togra dá leithéid, cuirfidh sé borradh faoi gheilleagar Thrá Lí nuair a bheidh an scoil á tógáil agus ina dhiaidh sin, go deimhin.”

© 2024 Kerry Education and Training Board./Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí. Registered Charity Number (RCN): 20083243. Web Design Kerry by Egg.
Becoming a Community National School Information Webinar Watch Here Seimineár Gréasáin faoin turas i dtreo Scoil Náisiúnta Phobal Féach anseo
This is default text for notification bar