Ár Misean
I gcomhpháirt lena chomhaltaí, lena bhaill foirne agus lena gheallsealbhóirí, tá Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí (an Bord) tiomanta do shochaí foghlama ar feadh an tsaoil i gCiarraí a chruthú agus d’fhorbairt na sochaí sin a chur chun cinn chun go mbeidh rochtain ag gach duine a chónaíonn ann ar an oideachas agus ar an oiliúint a theastaíonn chun go mbeidh siad in ann lán a gcumais a bhaint amach agus chun freastal ar a riachtanais phearsanta, shóisialta, chultúrtha, eacnamaíocha agus shibhialta.
Ár nGealltanas duitse mar Chustaiméir
Tá an Bord tiomanta do sheirbhís atá gairmiúil, éifeachtach agus freagrúil a sholáthar dár gcustaiméirí go léir. Caithfimid lenár gcustaiméirí go léir le meas agus déanfaimid ár ndícheall a chinntiú go mbeidh na seirbhísí a sholáthraímid ag teacht leis na riachtanais agus na hionchais atá agat.
Is é atá sa Chairt Custaiméirí seo an ráiteas poiblí ón mBord maidir leis na leibhéil seirbhíse a gheobhaidh tú agus tú ag déileáil leis an mBord. Leagtar amach inti ár ngealltanas duitse, an custaiméir, agus cuirtear síos inti ar na nithe seo a leanas:-
- An leibhéal seirbhíse a gheobhaidh tú nuair a dhéanfaidh tú teagmháil leis an mBord nó nuair a thabharfaidh tú cuairt orainn.
- An leibhéal seirbhíse a gheobhaidh tú nuair a bhainfidh tú leas as seirbhísí an Bhoird.
- Conas is féidir le d’ionchur cabhrú le feabhas a chur ar ár seirbhísí.
An leibhéal seirbhíse a gheobhaidh tú nuair a dhéanfaidh tú teagmháil leis an mBord nó nuair a thabharfaidh tú cuairt orainn
Cibé acu a scríobhfaidh tú chuig an mBord, a chuirfidh tú glao orainn, a sheolfaidh tú ríomhphost chugainn nó a thabharfaidh tú cuairt orainn i bpearsa, déileálfaimid le d’fhiosrú ar bhealach éifeachtúil pras agus caithfimid leat le cúirtéis agus le meas.
Teagmháil i Scríbhinn
- Admhóidh an Bord aon chomhfhreagras laistigh de 5 lá oibre.
- Eiseoidh an Bord freagra ar aon chomhfhreagras laistigh de 20 lá oibre. Mura féidir freagra iomlán a eisiúint laistigh den tréimhse ama sin, eiseofar freagra eatramhach chugat ina gcuirfear in iúl duit go bhfuilimid ag obair ar an ní go fóill.
- Cinnteoidh an Bord go mbeidh sonraí an teagmhálaí agus uimhir theileafóin teagmhála tugtha i ngach freagra.
- A mhéid is féidir é, cinnteoidh an Bord go mbeidh freagraí scríofa i dteanga shoiléir shimplí atá saor ó bhéarlagair agus ó théarmaí teicniúla.
Teagmháil Ríomhphoist
- Cinnteoidh an Bord go n-admhófar gach ríomhphost i gcomhréir lenár mBeartas maidir le Cumarsáid Ríomhphoist.
Glaonna Teileafóin
- Soláthróidh an Bord seirbhís freagartha atá pras, cúirtéiseach, cuidiúil agus cairdiúil.
- Tá foireann fáiltithe BOO Chiarraí ar fáil chun glaonna teileafóin a fhreagairt le linn uaireanta oifige.
Cuairt a thabhairt ar an Oifig
- Soláthróidh an Bord oifigí poiblí atá glan agus inrochtana, ina gcloítear le caighdeáin cheirde agus sábháilteachta agus, mar chuid de sin, ina n-éascaítear daoine faoi mhíchumas agus daoine eile a bhfuil riachtanais shonracha acu dul isteach iontu.
An leibhéal seirbhíse a gheobhaidh tú nuair a bhainfidh tú leas as seirbhísí an Bhoird
Aithnímid go mbeidh tosaíochtaí difriúla ag grúpaí difriúla custaiméirí agus leas á bhaint acu as ár seirbhísí agus, dá bharr sin, go bhféadfadh go dteastódh uathu gealltanais shonracha maidir le leibhéil seirbhíse.
Custaiméirí faoi Mhíchumas
- Cinnteoidh an Bord go sainaithneofar riachtanais na ndaoine faoi mhíchumas agus go bhfreastalófar orthu. Déanfaidh an Bord a dhícheall a chinntiú go mbeidh daoine faoi mhíchumas agus daoine eile a bhfuil riachtanais shonracha acu in ann dul isteach i ngach cuid dár bhfoirgnimh agus go mbeidh siad in ann ár seirbhísí go léir a rochtain.
Soláthraithe
- Cloífimid le nósanna imeachta soláthair agus ceannaigh atá soiléir, neamhchlaon agus trédhearcach i gcomhréir le Treoirlínte maidir le Soláthar Poiblí.
- Cinnteoimid go ndéanfar íocaíochtaí le soláthraithe i gcomhréir leis an reachtaíocht agus na rialacháin Íocaíochtaí Prasa is infheidhme.
Seirbhís trí Ghaeilge
- Tabharfaidh BOO Chiarraí freagra i nGaeilge ar gach chomhfhreagras a fhaightear i nGaeilge.
- Tabharfaidh baill foirne de chuid BOO Chiarraí, atá ábalta déileáil le fiosruíthe i nGaeilge, freagra ar ghlaonna teileafóin laistigh d’aon lá oibre.
- Táimid tiomanta dár n-oibleagáidí faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a chomhlíonadh.
Suíomhanna Gréasáin/Foilseacháin
- Tá an Bord tiomanta dár suíomh Gréasáin a chothabháil agus a fhorbairt ar bhonn leanúnach chun a chinntiú go mbeidh sé inrochtana, faisnéiseach agus cothrom le dáta.
- Leanfaidh an Bord leis an bhfeachtas ar son rialacha, rialacháin, bileoga faisnéise agus nósanna imeachta a shimpliú.
- Glacfaidh an Bord cur chuige réamhghníomhach i leith faisnéis a sholáthar atá soiléir, tráthúil agus cruinn, atá ar fáil ag gach pointe teagmhála, agus ina bhfreastalaítear ar dhaoine a bhfuil riachtanais shonracha acu.
Comhionannas/Éagsúlacht
- Féachfaidh an Bord lenár seirbhísí a chur i gcrích ar bhealach neamhchlaon i gcomhréir leis an reachtaíocht comhionannais (faoi na forais maidir le hinscne, stádas pósta, stádas teaghlaigh, claonadh gnéasach, creideamh reiligiúnach, aois, míchumas, cine agus ballraíocht den Lucht Siúil).
- Caithfidh an Bord le gach duine le meas agus le dínit.
- Sainaithneoidh an Bord aon bhacainní atá ann ar sheirbhísí a rochtain agus oibreoidh sé chun deireadh a chur leis na bacainní sin. Sampla de sin is ea imthosca sóisialta agus eacnamaíocha agus bacainní geografacha ar sheirbhísí.
Comhordú Níos Fearr
- Cothóidh an Bord cur chuige níos comhordaithe agus níos comhtháite i leith soláthar seirbhísí poiblí.
An Custaiméir Inmheánach
- Cinnteoidh an Bord go n-aithneofar gur custaiméirí inmheánacha iad baill foirne agus go dtabharfar tacaíocht dóibh agus go rachfar i gcomhairle leo i dtaca le saincheisteanna soláthar seirbhíse de réir mar is cuí.
Conas is féidir le d’ionchur cabhrú le feabhas a chur ar ár seirbhísí.
Aiseolas ó Chustaiméirí
Tá an Bord tiomanta dár seirbhísí a fheabhsú. Baint úsáid as ár ‘bhFoirm Aiseolais ó Chustaiméirí’ dá mba mhaith leat bealaí a mholadh ina bhféadfaimis ár seirbhísí a fheabhsú. Is féidir an fhoirm sin a fháil ar ár suíomh Gréasáin. Anseo.
Gearáin ó Chustaiméirí
Tá an Bord tiomanta do chóras atá inrochtana, trédhearcach agus simplí le húsáid a choinneáil ar bun chun déileáil le gearáin faoi chaighdeán na seirbhíse a sholáthraítear agus dá chinntiú go ndéileálfar le gearáin den sórt sin ar bhealach comhsheasmhach, cothrom agus trédhearcach.
Más rud é go bhfuil tú míshásta leis an tseirbhís a fuair tú agus nach féidir an fhadhb a réiteach chun do shástachta leis an mball foirne nó leis an rannóg lena bhfuil tú i dteagmháil, is féidir leat gearán foirmiúil a dhéanamh chuig an Oifigeach Seirbhíse do Chustaiméirí (féach na sonraí teagmhála thíos). Anseo.
Conas is féidir gearán a dhéanamh?
Is féidir gearáin a dhéanamh i scríbhinn. Comhlánaigh an fhoirm Ghearáin ó Chustaiméirí, rud is féidir a fháil ar ár suíomh Gréasáin.
Saincheisteanna nach gClúdaítear faoi ghearán ó chustaiméara:
- Aon ghearán faoin bPróiseas Ceannaireachta agus Bainistíochta.
- Aon ghearán faoi chinntí diúltú do dhaltaí a rollú nó faoi chinntí daltaí a dhíbirt faoi alt 29 den Acht Oideachais, 1998.
- Gearáin a fhaightear ó thuismitheoirí daltaí (faoi bhun 18 mbliana d’aois) nó ó na daltaí féin (os cionn 18 mbliana d’aois) in aghaidh ball foirne de chuid BOO Chiarraí. Ba cheart déileáil leis na saincheisteanna seo faoin “gCód Cleachtais maidir le déileáil le Gearáin arna ndéanamh ag Tuismitheoir(í) nó Caomhnóir(í) le Dalta nó ag Dalta (atá ocht mbliana déag d’aois nó níos sine) atá rollaithe faoi láthair i scoil/in ionad in aghaidh Ball Foirne atá fostaithe ag Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí(BOO)” atá ar fáil ón scoil chuí nó ón ionad cuí.
Na gealltanais ón mBord maidir le déileáil le Gearáin
- Admhóidh an Bord gach gearán laistigh de 5 lá oibre.
- Déanfaidh an Bord breithniú ar gach gearán agus eiseoidh sé freagra ar an ngearán laistigh de 20 lá oibre. Mura féidir é sin a dhéanamh, seolfaimid freagra eatramhach chugat ina míneofar an scéal agus ina gcuirfear tú ar an eolas faoi cén uair a gheobhaidh tú freagra substainteach.
- Déileálfar le gach gearán ar bhealach pras, cothrom agus neamhchlaon.
- Déanfaimid ár ndícheall foghlaim ó aon bhotúin chun a chinntiú nach ndéanfar iad arís.
An Próiseas Achomhairc
Murar réitíodh an gearán chun do shástachta, féadfar é a tharchur lena athbhreithniú inmheánach ag an mBord. Ba cheart iarrataí ar athbhreithniú inmheánach a dhéanamh i scríbhinn laistigh de dheich lá oibre ón dáta a fuarthas an cinneadh tosaigh agus ba cheart iad a sheoladh chuig An tSeirbhís do Chustaiméirí, Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí, Lárphointe, Bóthar John Joe Sheehy, Trá Lí, Co. Chiarraí nó chuig customerservice@kerryetb.ie.
Is é beartas an Bhoird go mbeidh gach athbhreithniú inmheánach faoi stiúir ag ball foirne atá níos sinsearaí ná an duine a rinne imscrúdú ar an ngearán agus a thug freagra air sa chéad áit.
Eiseofar an Toradh maidir le hiarraidh ar athbhreithniú laistigh de 20 lá oibre. Sa chás nach feidir sin a dhéanamh seolfaimid freagra eatramhach ina ndéanfar an seasamh a mhiniú agus ina gcuirfear in iúl duit an uair ambeidh toradh d’iarrata ar fáil.
Cad a tharlóidh má tá an Gearán fós gan réiteach?
Más rud é, tar éis an athbhreithnithe, go bhfuil an gearán fós gan réiteach chun sástachta an ghearánaigh, féadfar an ní a tharchur ar líne ag ‘Make a Complaint’ ar www.ombudsman.ie nó i scríbhinn chuig Oifig an Ombudsman.
Oifig an Ombudsman
18 Sráid Líosain Íochtarach
Baile Átha Cliath 2
Teileafón +353 1 639 5600
Íosghlao 1890 22 30 30
Facs 353 1 639 5674
Ríomhphost: ombudsman@ombudsman.gov.ie