Press "Enter" to skip to content

An Meabhrán Tuisceana sínithe ag BOO Chiarraí agus Coláiste na hOllscoile

An Meabhrán Tuisceana sínithe ag  Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí 

agus Coláiste na hOllscoile, Corcaigh (UCC)

 Shínigh Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí (BOO Chiarraí) agus Coláiste na hOllscoile, Corcaigh (UCC) comhaontú le go mbeidh an dá institiúid ag obair i gcomhar  ar mhaithe le deiseanna  don oideachas agus oiliúint lasmuigh agus rannpháirtíocht san oideachas agus oiliúint lasmuigh níos fearr a chur ar fáil ag Ceapaigh na Lao, An tIonad Náisiúnta Oideachais agus Oiliúna Lasmuigh (NCOET), atá lonnaithe ag Abhlach Thiar, Loch Cárthaí, Cill Orglan, Co. Chiarraí.

Tá áit ag an Ionad do 50 duine agus tá sé suite ar thailte 57 n-acra ar imeall Loch Cárthaí, agus fáil ar 120 acra eile de thalamh fiáin mórthimpeall an Ionaid agus an ceantar álainn máguaird, na Cruacha Dubha agus Páirc Náisiúnta Chill Airne san áireamh.

Agus é ag labhairt ag síniú an chomhaontaithe, thréaslaigh an tUasal Brendan Griffin TD, An tAire Stáit sa Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt, le BOO Chiarraí agus UCC araon an comhoibriú a rinne siad chun Oideachas agus Oiliúint Lasmuigh a chur chun cinn agus deiseanna san oideachas agus oiliúint lasmuigh a fhorbairt.

“Is lá fíorthábhachtach é seo, ní hamháin don dá institiúid oideachais atá i gceist (BOO Chiarraí agus UCC), ach do gach duine a bhfuil suim acu  a bheith amuigh faoin aer agus don ról lárnach atá gníomhaíochtaí lasmuigh san oideachas agus sa tsochaí i gcoitinne.”

Ina theannta sin dúirt an tAire Griffin:

“Níos túisce i mbliana, thug mé cuireadh do BOO Chiarraí agus do UCC chun casadh liom agus le hoifigigh eile le mé a chur ar an eolas i ndáil le cainteanna a bhí ar bun idir an dá fhoras leis an bhféidearthacht a fhiosrú go mbeadh breis comhoibrithe ar siúl idir UCC agus BOO Chiarraí, tríd leas a bhaint as an Ionad Oideachais agus Oiliúna iontach i gCeapaigh na Lao agus Ionad Oideachais Pháirc Náisiúnta Chill Airne. “

“Tá ríméad orm a bheith anseo inniu le toradh na gcainteanna sin a fheiceáil faoi bhláth agus an tUasal Colm McEvoy, Príomhfheidhmeannach BOO Chiarraí agus an tOllamh John O’Halloran, Leas-Uachtarán agus Cláraitheoir Choláiste na hOllscoile, Corcaigh a fheiceáil ag síniú an chomhaontaithe seo idir na hinstitiúidí faoi seach. Is gealltanas atá i gceist leis an gcomhaontú chun oibriú go dlúth i gcomhar lena chéile amach anseo chun Ceapaigh na Lao, an tIonad Náisiúnta Oideachais agus Oiliúna Lasmuigh  (NCOET), a fhorbairt ina ionad a éireoidh go sármhaith leis ar bhonn náisiúnta agus idirnáisiúnta”.

“Ag tráth a bhfuil borradh ollmhór faoi líon na ndaoine a bhíonn páirteach i ngníomhaíochtaí agus i spóirt lasmuigh (breis agus 25% sa bhliain), tá sé tábhachtach go gcuirimid oideachas agus oiliúint oiriúnach ar fáil do dhaoine óga (agus daoine eile) ar mhian leo foghlaim faoi bheith amuigh faoin aer. Bheinn ag súil go mbeadh an dóthain muiníne acu le páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí san  oideachas agus oiliúint lasmuigh go sábháilte agus go taitneamhach.”

“Is deis iontach é chomh maith an turasóireacht a chur chun cinn bunaithe ar ghníomhaíochtaí lasmuigh. Tá sé feicthe againn gur éirigh thar cionn le Slí an Atlantaigh Fhiáin agus le gairid le Croíthailte Ceilte na hÉireann (i Lár na Tíre). Is í an timpeallacht lasmuigh i ndáiríre atá i gceist  leis na tionscnaimh turasóireachta seo agus an dúil atá ag daoine a bheith sáite sa nádúr agus a bheith páirteach i ngníomhaíochtaí lasmuigh. Ní mór dúinn oideachas a chur ar níos mó daoine ionas go mbeidh siad in ann tairbhe a bhaint as na deiseanna a bhaineann le bheith amuigh faoin aer.”

“Tugann an comhaontú seo na háiseanna agus na teagascóirí iontacha BOO Chiarraí i gCeapaigh na Lao agus na Rannóga éagsúla in UCC a bhfuil suim ar leith acu san oideachas agus oiliúint lasmuigh le chéile. Tá an Rannóg Spóirt san áireamh, a chlúdaíonn na clubanna ar fad in UCC chomh maith leis an 23,000 mac léinn eile atá ann agus foireann de 3,000 ar daoine iad nach nglacfadh páirt i ngníomhaíochtaí rialta i gclubanna ach go bhféadfadh sé go mba mhaith leo leas a bhaint as roinnt de na gníomhaíochtaí lasmuigh.”

“Tá Scoil an Oideachais i gceist chomh maith – áit a gcuirtear oideachas ar mhic léinn ar mhaith leo a bheith ina múinteoirí amach anseo (múinteoirí corpoideachais san áireamh) agus áit a ndéantar taighde ar chúrsaí oideachais chomh maith. Agus na hathruithe nua curtha i bhfeidhm ar an  gcuraclam oideachais iar-bhunscoile, tá an fhorbairt seo an-tráthúil agus cinnteoidh siad go mbeidh na scileanna cearta ar fáil chun an curaclam a chur i bhfeidhm.”

“Cuirfear deiseanna ar fáil san Ionad dóibh siúd a bhfuil suim acu i ngníomhaíochtaí lasmuigh cur leis an gcumas atá acu sna gníomhaíochtaí seo agus chomh maith leis sin, le himeacht ama cuirfear deiseanna ar fáil do theagascóirí san oideachas lasmuigh atá ann cheana féin agus do dhaoine eile chun tabhairt faoi staidéar iarchéime san Oideachas Lasmuigh. Cabhróidh sé seo leis na caighdeáin oideachais san oideachas agus oiliúint lasmuigh in Éirinn a ardú agus cabhróidh sé le daoine a chur ar fáil chun tacú leis an margadh gníomhaíochtaí lasmuigh, margadh atá ag fás, agus meallfaidh sé daoine go hÉirinn ar mhaithe le gníomhaíochtaí amuigh faoin aer agus an nádúr.”

Dúirt an tOllamh John O’Halloran, Leas-Uachtarán agus Cláraitheoir, “Tá líon na mac léinn in UCC a ghlacann páirt i gclubanna spóirt ar cheann de na rátaí is airde i measc ollscoileanna in Éirinn. Is forbairt nádúrtha é an comhaontú seo, ag tabhairt an paisean atá againn don ghníomhaíocht agus an t-eolas spóirt atá againn le chéile le Ceapaigh na Lao. Ba mhaith linn buíochas a ghabháil leis an Aire Griffin agus BOO Chiarraí as an obair a rinne siad ar an gcomhaontú seo agus creidimid go mbeidh sé seo ina chomhpháirtíocht iontach ar mhaithe leis na mic léinn, an pobal agus an geilleagar áitiúil.”

Ina dhiaidh sin agus é ag gabháil buíochais leis an Aire Stáit Brendan Griffin agus leis na cuairteoirí eile as teacht go Ceapaigh na Lao dúirt Colm McEvoy Príomhfheidhmeannach BOO Chiarraí,:

“Táimid an-bhródúil in BOO Chiarraí as an éacht atá bainte amach i gCeapaigh na Lao agus ba mhaith liom aitheantas a thabhairt do Donal Dowd, a fhoireann agus an Bord Bainistíochta as an Ionad a fhorbairt agus a thabhairt chun cinn mar atá le feiceáil inniu.  I gcomhar le rannpháirtíocht UCC agus de bharr an chomhaontaithe a síníodh inniu, beidh Ionad Náisiúnta Oideachais agus Oiliúna Lasmuigh Cheapaigh na Lao ag cur tús le ré eile dá aistear forbartha. Táimid ag súil go mbainfidh an tIonad ardchaighdeán amach agus tá ríméad orm go bhfuil UCC sásta oibriú linn chun na críocha sin. Creidimid go mbeidh an tIonad Náisiúnta seo ina eiseamláir idirnáisiúnta ar a féidir a bhaint amach san oideachas agus san oiliúint lasmuigh.

Dúirt an Comhairleoir Jim Finucane ó BOO Chiarraí “Is rud iontach é do BOO Chiarraí an meabhrán tuisceana (MoU) a shíniú le UCC.  Cuireann BOO béim mhór ar fhorbairt iomlán na ndaltaí agus na bhfoghlaimeoirí trí chorpoideachas d’ardchaighdeán a chur ar fáil dóibh ag gach leibhéal mar a leagtar amach sna spriocanna i Straitéis Oideachais agus Oiliúna BOO Chiarraí 2018-2022.

Cuireann an MoU seo le UCC creat ar fáil ar mhaithe le forbairt leanúnach an ionaid agus an chomhpáirtíocht le BOO Chiarraí agus UCC a fheabhsú.”

 

© 2024 Kerry Education and Training Board./Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí. Registered Charity Number (RCN): 20083243. Web Design Kerry by Egg.
Becoming a Community National School Information Webinar Watch Here Seimineár Gréasáin faoin turas i dtreo Scoil Náisiúnta Phobal Féach anseo
This is default text for notification bar