Clárú le BOO Chiarraí |
|
Is féidir le clubanna agus grúpaí óige clárú le Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí (BOO Chiarraí). Chun é sin a dhéanamh, níl le déanamh agat ach an fhoirm clárúcháin a chomhlánú agus a chur ar ais. Cén fáth ar cheart do mo ghrúpa óige clárú le Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí? An bhfuil mo ghrúpa i dteideal iarratas a dhéanamh ar chlárú le BOO? Conas a dhéanfaidh mé iarratas chun mo ghrúpa a chlárú le BOO? Bí i dteagmháil linn ag 086-0267375 má tá aon chabhair ag teastáil uait leis an bhfoirm. |
Scéimeanna Deontas do Chlubanna Óige |
|
Dírítear an scéim seo ar thacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí obair don óige ar leibhéal áitiúil. Cuirtear na deontais ar fáil do Chlubanna agus do Ghrúpaí Óige i gContae Chiarraí. Tacaítear sa Scéim le gníomhaíochtaí clubanna óige deonacha do dhaoine óige agus tugtar tús áite do dhaoine óga idir 10 mbliana d’aois agus 21 bliain d’aois. Dírítear go príomha sa Scéim seo ar chabhrú le clubanna óige deonacha a thairgeann freagairt óige do dhaoine óga. Ní mór na grúpaí/clubanna a bheith á stiúradh ag oibrithe deonacha agus ní mór d’oibrithe deonacha na gníomhaíochtaí a sholáthar. Ós rud é gurb í aidhm na Scéime seo tacú le grúpaí nach bhfuil maoiniú bunaithe ar thionscadal á fháil acu, níl tionscadail arna stiúradh ag foirne i dteideal iarratas a dhéanamh faoin Scéim seo. Ní ghlacfar le hiarratais ó struchtúir áitiúla agus réigiúnacha/chontae den eagraíocht chéanna. Níl clubanna a dhíríonn go príomha ar spórt i dteideal maoiniú a fháil faoin Scéim seo. Faoin Scéim seo, tá deontais aonuaire á gcur ar fáil do chlubanna/grúpaí óige áitiúla chun cabhrú lena riachtanais forbartha, lena n-áirítear íoc as costais riaracháin, chláir agus seirbhíse Fógrófar an Scéim Deontais Clubanna Óige Áitiúla in 2016. Beidh an Fhoirm Iarratais, Treoirlínte agus Tuairisc an Chlub 2016 ar fáil ar an suíomh idirlín seo.
LYCGS Application Form 2017 (Irish) LYCGS Guidance Information Note 2017 (Irish)
Ríomhphost mgalvin@kerryetb.ie Is i ngeall mhaoiniú an Chrannchuir Náisiúnta a bheith ar fáil don Aonad Gnóthaí Óige agus don Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige is féidir leithdháileadh na gcistí faoin Scéim Deontas do Chlubanna Óige Áitiúla a dhéanamh.
|



