Bunoideachas d’Aosaigh
Is éard atá sa tSeirbhís Litearthachta & Bunoideachais d’Aosaigh ná seirbhís saor in aisce agus faoi rún d’aosaigh ar mian leo feabhas a chur ar a gcuid léitheoireachta, scríbhneoireachta, litrithe agus uimhearthachta nó tuilleadh eolais a fháil faoi ríomhairí. Is féidir leat teagasc duine le duine a fháil nó a bheith mar chuid de ghrúpa beag. Is féidir leat rogha a dhéanamh maidir le cad ba mhaith leat a fheabhsú agus foghlaim ar do luas féin le teagascóir tuisceanach.
- Faoi rún
- An Mhatamaitic
- An Léitheoireacht, an Scríbhneoireacht agus an Litriú
- Cúnamh le Teicneolaíocht Ríomhairí
- ESOL Béarla >
Critéir
- A bheith os cionn 16 bliana d’aois
- Gan a bheith ar scoil a thuilleadh
- Saor in aisce
B.T.E.I.
Sa Tionscnamh um Fhilleadh ar an Oideachas a reáchtálann Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí, soláthraítear Cúrsaí Breisoideachais páirtaimseartha as a bhfaigheann daoine óga agus aosaigh teastasú QQI (Leibhéal 3 go 5).
- Faightear áit i gCúrsa TFAO ach iarratas a dhéanamh.
- D’fhéadfadh agallamh rochtana a bheith i gceist do chúrsaí áirithe.
- Is féidir le haon duine a bhfuil oideachas lánaimseartha fágtha acu páirt a ghlacadh i gcúrsaí a sholáthraítear faoin gClár TFAO.
- Tugtar tús áite dóibh siúd a bhfuil níos lú ná oideachas dara leibhéal uachtarach acu.
- Tá cúrsaí TFAO SAOR IN AISCE do dhaoine nach bhfuil an Ardteistiméireacht ná a coibhéis acu, a bhfuil íocaíocht leasa shóisialaigh á fáil acu nó a bhfuil cárta leighis acu.
Critéir
- • I gcás roinnt cúrsaí cosúil le Tacaíocht Cúram Sláinte agus Cúram Leanaí, ní mór do mhic léinn dul faoi ghrinnfhiosrúchán an Gharda Síochána.
Rang Oiche
D’fhéadfadh gur mhian leat triail a bhaint as rang oíche ar a lán cúiseanna; d’fhéadfadh bealach spórtúil agus cuideachtúil a bheith á lorg agat chun teanga nua a fhoghlaim, d’fhéadfadh gur mhian leat roinnt cruthaitheachta a chur le do shaol trí ealaín nó criadóireacht a fhoghlaim nó d’fhéadfadh gur mhian leat tabhairt faoi chaitheamh aimsire nua nó scil nua a fhoghlaim. Cabhraíonn ranganna oíche go mór le daoine sos a thógáil tar éis lá fada ag an obair nó sa bhaile agus eispéireas foghlama spórtúil a bheith acu. Bíonn ranganna oíche ar siúl i Scoileanna agus in Ionaid de chuid Bhord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí ar fud an chontae agus tairgtear iad san earrach agus san fhómhar.
Critéir
- A bheith os cionn 18 mbliana d’aois
- Tá roinnt cáilíochta foirmiúla ar fáil freisin
- D’fhéadfadh roinnt sainriachtanais iontrála a bheith ag teastáil i gcás cúrsaí gairmiúla.
Oideachas Pobail.
Cad is Oideachas Pobail ann?
Déanaimidne, i gcomhar leis an earnáil dheonach agus pobail, cúrsaí a eagrú agus a sholáthar i sráidbhailte agus i bparóistí Chontae Chiarraí. Cinntíonn sé sin go bhfuil an deis ag aosaigh i gCiarraí páirt a ghlacadh i gcláir oideachais.
Ár bhFís
Is í aidhm ár gcláir um Oideachas Pobail ná clár oideachais áitiúil a fhreagraíonn do riachtanais an phobail áitiúil a chur ar fáil. I gcomhairle leis an bpobal áitiúil, forbrófar clár a bheidh inrochtana, cuimsitheach agus oiriúnach ó thaobh cultúir de. Is éard is an Clár um Oideachas Pobail ann ná foghlaim a bhíonn ar siúl sa phobal agus ina gcuimsítear na prionsabail seo: cumhachtú, tuiscint, an comhfhios comhchoiteann, ceartas sóisialta agus comhionannas rochtana.
Cad ar féidir le grúpaí iarratas a dhéanamh air?
Cuirtear maoiniú ar fáil do ghrúpaí trí uaireanta teagaisc. Ceapann BOO Chiarraí teagascóir a oibreoidh leis an ngrúpa pobail. Soláthraíonn an teagascóir an clár a d’iarr an grúpa pobail. Tá an grúpa pobail freagrach as an ionad, as an trealamh, as na hábhair, agus as earcaíocht. Baintear é sin ar fad amach trí chomhairliúchán idir Michelle Anne Houlihan, Éascaitheoir Oideachais Pobail BOO Chiarraí, an grúpa pobail agus an teagascóir ceaptha.
Cineálacha Clár
- Grúpaí Fear
- Grúpaí réamhchumais - foghlaim phobail a fhorbairt
- Pobail Uirbeacha faoi Mhíbhuntáiste
- Grúpaí Bainistíochta Eastáit
- Ionaid Acmhainní Teaghlaigh
- Pobail Tuaithe Iargúlta
- Tuismitheoirí Singile
- Cláir do Dhaoine Scothaosta
- Cláir ina n-oibrítear le daoine faoi mhíchumas
- Clár ina n-oibrítear leis an lucht Taistil agus le Grúpaí Mionlach Eitneach eile
- Grúpaí Ban
- Líonraí Pobail
Samplaí de Chláir um Oideachas Pobail:
- Forbairt Phearsanta
- Treallús
- Na hEalaíona agus an Cheardaíocht
- Scileanna Tuismitheoireachta
- Sláinte an Phobail
- Scileanna Coiste
- Pleanáil le haghaidh do phobail
- Réamheolas ar Ríomhairí
- Faisnéis do Shaoránaigh
- Oideachas Forbartha
- Abhcóideacht
Conas iarratas a dhéanamh ar Mhaoiniú
Is féidir le Grúpaí Pobail teagmháil a dhéanamh leis an Ionad Oideachas Aosach de chuid BOO Chiarraí ina gceantar áitiúil agus leis an Stiúrthóir um Oideachas Aosach i Scoil de chuid BOO Chiarraí nó is féidir teagmháil dhíreach a dhéanamh le hÉascaitheoir Oideachais Pobail BOO Chiarraí. Tá na sonraí teagmhála do na hionaid agus na scoileanna sin ar fad ar fáil ar an suíomh Gréasáin seo. Is féidir leis an bplé tosaigh sin cabhair a thabhairt do ghrúpaí cinneadh a dhéanamh maidir le haidhmeanna foghlama an ghrúpa agus tacaíocht a thabhairt dóibh chomh maith chun an cineál cúrsa is féidir leo a dhéanamh a chinneadh.
Ní mór do Ghrúpaí Pobail an fhoirm Iarratais ar Oideachas Pobail a chomhlánú agus sonraí maidir lena riachtanas foghlama aitheanta a leagan amach inti. Is féidir cabhair a thabhairt do ghrúpaí na foirmeacha sin a chomhlánú más gá. Sínfidh na Grúpaí Pobail comhaontú seirbhíse áitiúla má leithdháiltear maoiniú le haghaidh Cláir. Leagtar amach go soiléir sa chomhaontú sin an caidreamh idir an grúpa agus BOO Chiarraí.
Tá a fhios ag an tÉascaitheoir Oideachais Pobail go bhféadfadh an grúpa a bheith imníoch faoi na próisis iarratais. Tá BOO Chiarraí anseo le tacú le grúpaí lena gcéad iarratas a dhéanamh, rud a thugann an mhuinín do ghrúpaí iargúlta an chéad chéim a thógáil.
Tabhair faoi deara nach mór Clár um Oideachas Pobail BOO Chiarraí a lua i bhfógraíocht ar bith faoin gcúrsa/tionscnamh atá á mhaoiniú. Bain úsáid as lógó BOO Chiarraí, rud atá ar fáil lena íoslódáil ag: http://www.kerryetb.ie/logos-download-2

Ar ais go Barr