PLC
Cúrsa lae lánaimseartha a mhaireann bliain amháin agus a bhíonn ar siúl ó mhí Mheán Fómhair go mí na Bealtaine is ea an Cúrsa iar-Ardteistiméireachta agus tá sé deimhnithe ag QQI (Dearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann). Ní hé amháin go mbíonn na cúrsaí sin ar oscailt do dhaltaí atá tar éis an Ardteistiméireacht a dhéanamh, bíonn siad ar oscailt freisin do dhaoine ar mian leo filleadh ar an mBreisoideachas. D’fhéadfá tairbhe a bhaint as cúrsa PLC ar roinnt cúiseanna – mar shampla, – chun cáilíocht a bhaint amach le haghaidh fostaíochta; tús a chur leis an mBreisoideachas agus é mar aidhm agat leanúint le do chuid staidéir in Ollscoil nó in Institiúid Teicneolaíochta nó ullmhú le haghaidh printíseachta.
Critéir
- Ní mór d’fhoghlaimeoirí an Ardteistiméireacht, an Ardteistiméireacht Fheidhmeach nó a gcomhionann a bheith déanta acu.
- Ní mór do mhic léinn ar mian leo cúrsaí a dhéanamh óna dteastaíonn grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána, e.g. cúrsaí cúram leanaí, a bheith ocht mbliana déag d’aois, fiú má tá an Ardteistiméireacht déanta acu.
- Tá deontais chothabhála de réir tástála acmhainne ar fáil do gach cúrsa lánaimseartha - d’fhéadfadh critéir eile a bheith i bhfeidhm freisin.
- Iarratas + Agallamh.
SDOG
Tugtar deis sa Scéim Deiseanna Oiliúna Gairmoideachais d’aosaigh dhífhostaithe filleadh ar an oideachas lánaimseartha gan a sochair Leasa Shóisialaigh a chailleadh. Féach www.welfare.ie le haghaidh tuilleadh eolais.
- Filleadh ar an oideachas
- Tá an teagasc saor in aisce
- Íocaíochtaí atá cothrom le do shochair Leasa Shóisialaigh, liúntas Béilí agus Taistil
- Treoirchomhairleoireacht
- A bheith mar chuid den mhargadh príomhshrutha
- Raon méadaithe de roghanna stíl mhaireachtála
- Rochtain ar an mbreisoideachas
- Sealbhú scileanna
Critéir
- A bheith 21 bliain d’aois nó níos sine
- A bheith dífhostaithe le 6 mhí ar a laghad NÓ ag fáil íocaíocht cháilitheach Leasa Shóisialaigh NÓ ag síniú le haghaidh creidmheasanna le 6 mhí ar a laghad NÓ ag fáil Iomarcaíocht Reachtúil.
ÓGTHEAGMHÁIL
Is é is Ógtheagmháil ann ná cúrsa oiliúna a dhúnann an bhearna idir an scoil agus an fhostaíocht le cláir atá ceaptha chun freastal ar riachtanais shonracha agus ar chineálacha sainiúla cumais an duine óig.
- Oiliúint agus taithí oibre
- Tá liúntas oiliúna bainteach le haois ar fáil
- Níl aon táillí le híoc
- An deis Teastas Náisiúnta a bhaint amach
- Infhostaitheacht a fheabhsú
Critéir
- A bheith idir 16 bliana d’aois agus 20 bliain d’aois
- An scolaíocht a bheith fágtha le 6 mhí
- A bheith dífhostaithe

