Tá an Creat Náisiúnta Cáilíochtaí (CNC) i bhfeidhm ón mbliain 2003. Is é aidhm an CNC ná cáilíochtaí a fhorbairt, a aithint agus a dhámhachtain bunaithe ar chaighdeáin an eolais, na scileanna agus na hinniúlachta a ghnóthaíonn foghlaimeoirí.
Tá 10 leibhéal sa Chreat. Cuireann BOO Chiarraí cláir ar fáil ó leibhéal 2 go dtí 6, an dá leibhéal sin san áireamh. Ar na leathanaigh seo, feicfidh tú an leibhéal CNC agus an Cineál Dámhachtana is féidir a ghnóthú ó chlár, mar aon le faisnéis ghaolmhar eile chun cabhrú leat cláir oideachais agus oiliúna a thuiscint agus comparáid a dhéanamh eatarthu. Féadfaidh an CNC cabhrú leatsa, an foghlaimeoir, d’oideachas, d’oiliúint agus do ghairm a phleanáil agus féadfaidh sé cabhrú leat roghanna eolasacha a dhéanamh faoi na cáilíochtaí a roghnaíonn tú agus na conairí gairme a d’fhéadfadh a bheith ar fáil duit tar éis iad a chur i gcrích go rathúil a aithint.

