Conas a oibrímid
Teagasc Duine le Duine
Áit a dtairgeann teagascóir deonach cúnamh le léitheoireacht, scríbhneoireacht, litriú, scileanna uimhris, líonadh foirmeacha, scríobh litreacha etc. Buaileann an mac léinn agus an teagascóir le chéile uair sa tseachtain de ghnáth. Tá forbairt mhuiníne agus forbairt phearsanta mar chuid den phróiseas chomh maith. Is as raon leathan cúlraí na teagascóirí agus cuirtear oiliúint iomlán orthu chun freastal ar riachtanais a mac léinn.
Teagasc Grúpaí Beaga
Tá raon cúrsaí ar fáil. Clúdaítear léitheoireacht, scríbhneoireacht, litriú agus scileanna uimhris sna bunchúrsaí. Tosaíonn siad ar fad ag an tús agus teagasctar iad ansin ar luas na mac léinn.
Raon na gCúrsaí
Tairgimid cúrsaí ar ábhair eile chomh maith lena n-áirítear forbairt phearsanta; an buneolas faoi ríomhairí agus faoin saol TF a fhoghlaim agus foghlaim teaghlaigh, ina bhfeabhsaíonn tuismitheoirí a gcuid scileanna féin ionas go mbeidh siad in ann cabhrú lena leanaí tús maith a bheith acu sa bhaile agus ar scoil.
Gaeilge
Tá roinnt cúrsaí ar fáil i nGaeilge chomh maith ag ár n-ionad sa Daingean ag brath ar an éileamh.
QQI
Ar an gcéad leibhéal eile tá na cúrsaí sin ónar féidir cáilíocht QQI (Dearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann) a bhaint amach. Tairgimid raon leathan ábhar agus, rud ab fhearr fós, níl aon scrúduithe i gceist! Cruthaíonn mic léinn fillteán oibre thar thréimhse ama agus déantar measúnú air sin. Tá na modúil atá ar fáil liostaithe thíos.
- Cúram do Leanaí
- Forbairt agus Súgradh Leanaí
- Cumarsáid
- Litearthacht Ríomhaireachta
- Feasacht Tomhaltóirí
- Drámaíocht
- Bia & Cothú
- Gairneoireacht
- An Mhatamaitic
- Gnáthaimh Oifige
- An tIdirlíon & an Ríomhphost
- Scileanna Staidéar Baile
- Scileanna Foghlama
- Ríomhairí trí Ghaeilge - ar fáil ag an Ionad sa Daingean
- An Mhatamaitic trí Ghaeilge - ar fáil ag an Ionad sa Daingean
Programmes
Bí i d’Oibrí Deonach
Bíonn oibrithe deonacha á lorg againn i gcónaí chun teagasc duine le duine a sholáthar d’fhoghlaimeoirí na litearthachta. Oibríonn oibrithe deonacha uair amháin sa tseachtain ar feadh 2 uair de ghnáth. Ba chóir d’oibrithe deonacha nádúr tuisceanach a bheith acu. Bítear ag súil le teagascóirí deonacha tiomantas 12 mhí ar a laghad a dhéanamh don tseirbhís i ndiaidh dóibh oiliúint a fháil agus meas a bheith acu ar chineál rúnda na hoibre. Tá ar gach oibrí deonach foirm iarratais a chomhlánú, foirm atá ar fáil ó Eagraí na Litearthachta d’Aosaigh i do cheantar. Cuirfear iarratasóirí ar ghearrliosta d’agallamh. Tabharfar cuireadh d’agallaithe a n-éiríonn leo freastal ar chúrsa oiliúna tosaigh do theagascóirí.
Tá tuilleadh sonraí ar fáil ar an leathanach um Dheiseanna Fostaíochta.
Cliceáil anseo chun cuairt a thabhairt ar shuíomh Gréasáin um Bunoideachas Aosach Chiarraí (BAC). Is éard atá ann ná acmhainn ar líne do theagascóirí BAC agus áit chun acmhainní ar líne a roinnt.
Oiliúint um Fheasacht Litearthachta
Tairgeann an tSeirbhís Litearthachta & Bunoideachais d’Aosaigh Oiliúint um Fheasacht Litearthachta do chuideachtaí agus d’eagraíochtaí eile. Spreagann an oiliúint sin feasacht ar dheacrachtaí litearthachta a d’fhéadfadh a bheith ann agus duine ag déileáil leis an bpobal i gcoitinne agus tugtar comhairle inti ar conas déileáil leis an bhfadhb seo.
Clár um Fhoghlaim Teaghlaigh
Cuimsítear raon cúrsaí sa chlár seo ina dtugtar an deis do thuismitheoirí a gcuid scileanna féin a fheabhsú agus grá don fhoghlaim a chothú ina leanaí.
Dianteagasc i mBunoideachas Aosach
Tá cúrsaí 14 seachtaine ann ina bhfaigheann rannpháirtithe dianteagasc ar feadh sé huaire sa tseachtain. Is í an aidhm ná tús a thabhairt dóibh ónar féidir leo tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh.
ESOL
Tairgtear cúrsaí i dTeanga an Bhéarla do chliaint dhífhostaithe a chuireann FÁS, an Roinn Gnóthaí Sóisialta agus Teaghlaigh nó an tSeirbhís Fostaíochta Áitiúla ar aghaidh mar dhaoine nach bhfuil réidh fós le hoibriú agus a dteastaíonn bun-Bhéarla feidhmiúil uathu.
Programmes Provided in Partnership with Other Organisations
Scileanna don Chlár Oibre
Is í is aidhm leis ná “uasoiliúint a thabhairt” do lucht oibre na gcuideachtaí rannpháirteacha. Tugtar am saor do na fostaithe chun freastal ar ranganna le linn a n-uaireanta oibre.
An Clár um Fhilleadh ar an Oideachas
Tá an clár seo á reáchtáil i gcomhar le Comhairle Contae Chiarraí agus, arís, soláthraíonn sé ranganna le linn uaireanta oibre chun “uasoiliúint a thabhairt” dá lucht oibre.
Déan Teagmháil Linn
Where and Who we are in Kerry
Suíomh |
Teagmhálaí |
Teil |
Ríomhphost |
| Tralee Adult Literacy & Basic Education Centre, Áras an Phobail,Croílár na Mistéalach, Tralee |
Aoife McCormack County Organiser |
066 7124114 | Seol Ríomhphost |
| O’Connell Centre, Cahersiveen | Deirdre O’Shea Fitzgerald | 066 9473166 | Seol Ríomhphost |
| An Mhainistir, An Daingean |
Bill McConnell | 066 9150933 or 086 8159881 | Seol Ríomhphost |
| Kenmare Adult Ed Centre Bell Heights, Kenmare |
Maggie O’Sullivan | 064 6642728 | Seol Ríomhphost |
| AE Centre, 37 High St, Killarney | Mary Concannon | 064 6636990 | Seol Ríomhphost |
| The Lodge, Market Street Killorglin | Jenny O’Reilly | 066 9790765 | Seol Ríomhphost |
| Listowel Adult and Basic Education | Mary Barrett-Swaine | 068 23866 | Seol Ríomhphost |
| Tralee Adult Literacy & Basic Education Centre |
Maeve Tuohy | 066 7124114 | Seol Ríomhphost |
| Castleisland Community Centre | Deirdre O’Shea Fitzgerald | 086 0460506 | Seol Ríomhphost |


Ar ais go Barr 