Eolas Fúinn
Eolas Fúinn
Is sinne an tSeirbhís Treorach agus Faisnéise Chiarraí d’Aosaigh (STCA) agus táimid mar chuid de Bhord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí (BOO Chiarraí), a sholáthraíonn Seirbhís Treorach proifisiúnta agus Seirbhís Faisnéise do dhaoine atá ina dteideal i gCiarraí.
Ó Chlé go Deas
Angela O'Sullivan - Oifigeach Faisnéise
Rico Stein - Comhordaitheoir agus Treoirchomhairleoir
Ita Lane - Treoirchomhairleoir
Conas is féidir le STCA cabhrú leat?
Tá dhá ghné le STCA- Tacaíochtaí Faisnéise
agus - Treoirchomhairleoireacht.
- rochtain ar oifigeach faisnéise,
- treoir oideachais agus oiliúna, agus
- treoirchomhairleoireacht,
Cá bhfuil STCA lonnaithe?
STCA, Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí, An Lárphointe, Bóthar John Joe Sheehy, Trá Lí, (trasna ó Stáisiún Traenach Thrá Lí)
Teil : 066 7121300
Ríomhphost: guidance@kerryetb.ie
Suíomh idirlín: www.kerryetb.ie/guidance
Suíomhanna ar fud Chiarraí
Castleisland (teil : 066 7121300) agus Waterville (teil : 066 7121300)
Tacaíochtaí Faisnéise
Tacaíochtaí Faisnéise
- Roghanna oideachais agus oiliúna
- Gairmeacha
- Maoiniú agus deontais
- Tacaíochtaí eile d’fhoghlaimeoirí.
Ionad Faisnéise STCA
Inár nIonad Faisnéise, tá ríomhairí cliaint ar fáil, chomh maith le heolas ar pháipéar agus ar líne. Más maith leat labhairt lenár nOifigeach Oideachais nó más maith leat cuairt a thabhairt ar an Ionad Faisnéise, cuir glaoch orainn ag Teil: 066 7121300 nó seol ríomhphost chugainn:guidance@kerryetb.ie
Treoirchomhairleoireacht
“Cabhraíonn an Treoirchomhairleoireacht le daoine: an saol, a gcuid foghlama agus a gcuid oibre a phleanáil.’
(Fo-choiste Measúnaithe NCGE)
Cé atá i dteideal Treoirchomhairleoireacht?
- Ag smaoineamh ar nó ag déanamh cúrsa le BOO Chiarraí*
NÓ - Dífhostaithe agus/nó ag fáil leas sóisialta
NÓ - Nár chríochnaigh scoil an chéad bhabhta
Cá bhféadfainn bualadh le Treoirchomhairleoir?
Is féidir coinne duine le duine a fháil ina áiteanna éagsúla ar fud Chiarraí.
Acmhainní
Leabharlann Acmhainní Treorach
Séanadh:
Ní ghlacann Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí le freagracht as cruinneas ná míchruinneas aon ábhair ar shuíomhanna Gréasáin seachtracha.
Maoiniú agus deontais
- Foinsí Féideartha um Maoiniú d’Oideachas Aosach Lánaimseartha nó Páirtaimseartha
- Scéimeanna deontais chothaithe
- An Ciste Cúnaimh do Mhic Léinn
- An Ciste Cúnaimh do Mhic Léinn faoi Mhíchumas
- Liúntas um Fhilleadh ar an Oideachas
- Scéimeanna táillí teagaisc
- Ciste na Comhpháirtíochta Mílaoise
- o Cúrsaí Cúram Leanaí agus Cúrsaí do Chúntóirí Riachtanas Speisialta
- Cúrsaí Comhairleoireachta
- Cúrsaí Cianfhoghlama
- Cúrsaí TEFL
- Cúrsaí Scríbhneoireachta
- Agallamh Faisnéise
D’fhorbair Seirbhís Faisnéise agus Treorach Chiarraí d’Aosaigh an bhileog faisnéise seo d’Oideachas Aosach Lánaimseartha nó Páirtaimseartha.
Mar acmhainn chuimsitheach faisnéise ar thacaíochtaí airgeadais do mhic léinn sa bhreisoideachas agus san ardoideachas, soláthraítear faisnéis áisiúil ar an suíomh Gréasáin maidir le roinnt scéimeanna éagsúla, lena n-áirítear:
Córas ar líne d’Iarratais ar Dheontais Mac Léinn. Tá an deontas Mac Léinn ar fáil do mhic léinn atá ar chúrsaí Iar-Ardteistiméireachta agus ar chúrsaí fochéime ardoideachais lánaimseartha. Ní mór gach iarratas a dhéanamh tríd an gcóras ar líne sin
Bileoga Faisnéise
Cúrsaí agus Oiliúint atá ar Fáil
Faisnéis um Ghairmeacha
Is éard atá ann ná suíomh Gréasáin atá tiomnaithe dóibh siúd ar mian leo a ngairm a phleanáil. Áirítear ar an suíomh Gréasáin uirlisí chun tuilleadh faisnéise a fháil fút féin chun cuidiú leat do ghairm a phleanáil, cosúil le Próifíleoir Spéiseanna a bhunú chun do réimsí spéis ghairme a dhéanamh amach; faisnéis faoi earnálacha fostaíochta agus gairmeacha; agus faisnéis faoin bhfoghlaim cosúil le faisnéis um Oideachas Aosach agus cuardach ar chúrsaí iar-Ardteistiméireachta.
Liosta cuimsitheach de chúrsaí Breisoideachais agus Ardoideachais in Éirinn atá ann, lena n-áirítear ollscoileanna, institiúidí teicneolaíochta agus coláistí iar-Ardteistiméireachta. Áirítear cúrsaí i dTuaisceart Éireann leo chomh maith. Is áis chuardaigh áisiúil í trínar féidir leat cuardach de réir cineál cúrsa, cúige, contae agus gnéithe eile. Tá uirlisí úsáideacha ar an suíomh chomh maith (cosúil le háireamhán pointí) agus faisnéis faoi roinnt ábhar maidir le freastal ar an gcoláiste.

Ar ais go Barr 